Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas

Próifíl an iarratasóra

  • Institiúidí ardoideachais atá bunaithe i dtír ar bith ar domhan

  • Na hinstitiúidí/gníomhaireachtaí sin atá bunaithe i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár Erasmus+, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) a bheith acu.

Fad tréimhse: 3 bliana

Uasmhéid an deontais: €1,200,000 in aghaidh an líonra

Cén cineál líonraí atá incháilithe mar Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas?

Féadfaidh dhá chineál líonraí téamacha a bheith incháilithe:

  1. Líonra a dhíríonn ar ábhar beartais inmheánach ar leith de chuid an Aontais. Is éard a theastaíonn 12 institiúid ardoideachais ar a laghad as 7 dtír ar leith, idir Bhallstáit den Aontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad ach atá bainteach leis an gClár.

  2. Líonra a dhíríonn ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus a thugann aghaidh ar aon tosaíocht ar leith. Is éard a theastaíonn 12 institiúid ardoideachais ar a laghad le 6 rannpháirtí ar a laghad as tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil bainteach leis an gClár ach a fhaigheann maoiniú ó ionstraimí an Aontais le haghaidh bearta seachtracha. Ba cheart do na heagraíochtaí ábhartha sna tíortha a fhaigheann tacaíocht a bheith rannpháirteach sa líonra maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.

Cad a bhfuiltear ag súil leis ó Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas?

  • na rudaí seo a leanas a bhailiú, a chomhroinnt agus a phlé i measc na gcomhpháirtithe: torthaí taighde, ábhar cúrsa, taithí, táirgí (staidéir, ailt, etc.)

  • uirlis a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas na gcomhpháirtithe a saothair acadúla a chomhroinnt agus cleachtaí athbhreithnithe piaraí a reáchtáil, chomh maith le tuairimí a thabhairt ar na doiciméid a phostálfar

  • na torthaí is nuálaí agus is suimiúla a roghnú ar bhonn tráthrialta le cur ar fáil don Choimisiún

Is é an aidhm dheiridh atá ag na líonraí téamacha aiseolas rialta a chur ar fáil (e.g. nuachtlitir ar líne) maidir leis na cleachtais is ardfhorbartha agus is nuálaí, rud a thacóidh agus a chuirfidh leis an bplé.

An próiseas chun iarratas a dhéanamh

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas iarratais, tabhair cuairt orthu seo

Application process

For more information about the application process, please visit

Related funding calls