Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet
Próifíl an iarratasóra
- Institiúid ardoideachais atá lonnaithe in aon tír ar domhan. Na hinstitiúidí sin atá lonnaithe i dtíortha atá páirteach sa Chlár Erasmus+, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) a bheith acu.
- Ní féidir le daoine aonair cur isteach air.
Fad tréimhse: 3 bliana
Uasmhéid an deontais: €100,000
Cad é Ionad Barr Feabhais Jean Monnet agus cad a dhéanann sé?
Institiúid ardoideachais a mholann Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet agus déanann an institiúid sin iad a óstáil. D’fhéadfadh comhar a bheith ann idir roinnt dámh/ranna chun an tIonad a chur ar bun, agus d’fhéadfadh eagraíochtaí ag a bhfuil saineolas i léann an Aontais Eorpaigh a bheith bainteach leo freisin.
Lárionaid inniúlachta agus eolais i dtaobh léann an Aontais Eorpaigh is ea Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet. Bailítear le chéile sna hIonaid saineolas agus inniúlachtaí saineolaithe ardleibhéil agus é mar aidhm acu sineirgí a fhorbairt idir disciplíní agus acmhainní éagsúla i léann na hEorpa.
Tá ról lárnach acu i dtaca le teagmháil a dhéanamh le mic léinn ó dhámha nach mbíonn baint acu de ghnáth le saincheisteanna an Aontais Eorpaigh, chomh maith le lucht ceaptha beartas, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne. Tugann siad an deis do shaineolaithe freisin comhghníomhaíochtaí trasnáisiúnta a chruthú.
Cad lena bhfuiltear ag súil ó Ionad Barr Feabhais Jean Monnet?
Ba cheart do na hIonaid
- na hacmhainní atá ag a n-institiúid, agus a bhaineann le léann an Aontais Eorpaigh, a eagrú agus a chomhordú
- ceannasaíocht a léiriú ar ghníomhaíochtaí taighde maidir le hábhair ag a bhfuil baint sonrach leis an Aontas
- na torthaí is ábhartha a bhailiú, a fhoilsiú agus anailís a dhéanamh orthu
D’fhéadfaidís tacaíocht a thabhairt i dtaca le hábhar a fhorbairt do thopaicí a bhaineann leis an Aontas lena ndéanfar nuashonrú ar na curaclaim atá ann faoi láthair agus iad a chomhlánú, sin agus an plé agus an malartú taithí a choinneáil ar bun.
Ba cheart dóibh a bheith ina dtagairt acadúil i dtaca le hábhair a bhaineann leis an Aontas agus dul i dteagmháil le leibhéil eile oideachais agus leis an bpobal i gcoitinne.
D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith mar chuid den obair for-rochtana sin:
- imeachtaí cumarsáide agus eolais ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta
- léachtaí, seimineáir, nó ceardlanna le lucht ceaptha beartas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta nó leis an tsochaí shibhialta
- páirt a ghlacadh i gcleachtadh foghlama sonrach ar an leibhéal scoile agus ar leibhéal an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
- líonrú le heagraíochtaí eile agus le daoine aonair a fhaigheann tacaíocht ó Ghníomhachtaí Jean Monnet
- a gcuid gníomhaíochtaí a fhoilsiú ina n-acmhainní oideachais oscailte
Spriocdhátaí agus foirmeacha iarratais
Related calls
There are no calls open at the moment
The next round of funding will open towards the end of the year.
Browse the list of previous calls
Last updated: