Próifíl an iarratasóra
- Aon institiúid ardoideachais atá bunaithe i dTír de chuid an Chláir nó i dTír Chomhpháirtíochta
- Déanann an t-iarratasóir iarratas thar ceann comhpháirtíocht ina bhfuil institiúidí ardoideachais eile nó páirtithe leasmhara oideachais eile a bhfuil clár máistreachta comhtháite comhpháirteach deartha acu, clár a ndéanfaidh siad féin é a sholáthar
Fad tréimhse: 6 bliana acadúla, lena gclúdófar ar a laghad 4 eagrán den chlár máistreachta
Deontas in aghaidh an chláir: suas le €5 mhilliún
Scoláireacht de chuid an Aontais do dhaoine aonair: €1,400 in aghaidh na míosa (24 mhí ar a mhéad)
Eolas faoi Chomhchéim Mháistreachta Erasmus Mundus
Is cláir staidéir ardleibhéil chomhtháite ag leibhéal máistreachta iad Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus. Is comhpháirtíocht idirnáisiúnta institiúidí ardoideachais ó thíortha éagsúla ar fud an domhain a dhearann agus a sholáthraíonn na cláir. D’fhéadfadh páirtithe leasmhara oideachasúla agus/nó neamhoideachasúla ag a bhfuil saineolas sonrach agus sainspéis sa réimse staidéir a bheith bainteach leis an gcomhpháirtíocht freisin.
Cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil do na cláir sin agus do scoláireachtaí iomaíocha, ar scoláireachtaí iad a chuirtear ar fáil do na hiarratasóirí is fearr as gach cearn den domhan.
Gníomhaíochtaí agus torthaí
- Is curaclam comhtháite ina iomláine é EMJM a dheartar go comhpháirteach. Ag céim an iarratais, ní mór cláir chomhpháirteacha lánfhorbartha staidéir a bheith ag gabháil le gach togra EMJM, agus é réidh lena chur ar bun agus lena phoibliú ar fud an domhain tar éis a roghnaithe.
- Is comhpháirtíocht a dhéanann an clár a sholáthar, ar comhpháirtíocht í ina bhfuil ar a laghad 3 institiúid lán-chomhpháirteacha ardoideachais ó 3 thír dhifriúla ar gá do dhá thír acu sin ar a laghad a bheith ina dTíortha de chuid an Chláir
- Fad an chláir EMJM: Tréimhse idir aon bhliain acadúil amháin nó dhá bhliain acadúla (60, 90 nó 120 creidiúint ECTS)
- Ní mór ar a laghad dhá thréimhse staidéir in dá thír (nach ionann iad agus tír chónaithe na mac léinn) a bheith mar chuid de churaclam EMJM agus is gá d'aon tír amháin acu sin ar a laghad a bheith ina Tír de chuid an Chláir
- An cineál céime a bhronntar: céim chomhpháirteach (inmholta) nó ilchéimeanna
Iarratais agus tuilleadh eolais
Deiseanna maoiniúcháin 2021-2027 agus eolas maidir le conas iarratas a dhéanamh, fógraítear iad sin ar thairseach na ndeiseanna maoiniúcháin agus tairisceana de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
Léigh Treoirleabhar Erasmus+ le haghaidh tuilleadh eolais faoi na deiseanna sin.
Related funding opportunities
ERASMUS-EDU-2022-PEX-EMJM-MOB