Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Gníomhaíochtaí spóirt

Gníomhaíochtaí Erasmus+ i réimse an spóirt, cuireann siad chun cinn rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla agus deonacha.

Dearadh iad le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an tsochaí agus le réimse an spóirt. Cuirtear deiseanna ar fáil d’eagraíochtaí i dtrí Ghlao lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin sin.

Tá glao sonrach ar fhothú acmhainneachta i réimse an spóirt ar oscailt freisin ó 2022. Tá sé dírithe ar Bhallstáit an Aontais agus ar thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár (ar a dtugtaí tíortha de chuid an Chláir roimhe seo) agus ar na Balcáin Thiar.

Na gníomhaíochtaí

Comhpháirtíochtaí Comhair

Ceapadh iad le go mbeadh eagraíochtaí in ann comhghníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn, agus chun déileáil leis na bagairtí atá ann d’ionracas an spóirt (cuir i gcás, dópáil agus cúbláil cluichí), déghairmeacha do lúthchleasaithe a chur chun cinn, dea-rialachas a fheabhsú, agus caoinfhulaingt agus cuimsiú sóisialta a chothú.

Faigh tuilleadh eolais agus déan iarratas

Comhpháirtíochtaí Mionscála

Is d’eagraíochtaí pobail, d’eagraíochtaí nach bhfuil an taithí chéanna acu agus d’eagraíochtaí nua an Chláir na comhpháirtíochtaí seo. Baineann córas riaracháin, deontais níos lú agus saolré níos giorra le Comhpháirtíochtaí Mionscála i gcomparáid le Comhpháirtíochtaí Comhair.

Faigh tuilleadh eolais agus déan iarratas

Imeachtaí Neamhbhrabúis Spóirt san Eoraip

Ceapadh iad chun gníomhaíochtaí spóirt a spreagadh, straitéisí de chuid an Aontais maidir le cuimsiú sóisialta tríd an spórt a chur chun feidhme, obair dheonach sa spórt a spreagadh, an t-idirdhealú a chomhrac agus rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla a spreagadh.

Faigh tuilleadh eolais agus déan iarratas

Acmhainneacht a fhothú i réimse an spóirt

Is éard atá i dtionscadail fothaithe acmhainneachta tionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an spóirt i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár (ar a dtugtaí tíortha an Chláir roimhe seo) agus sna Balcáin Thiar. Is é is aidhm dóibh tacú le gníomhaíochtaí agus beartais spóirt mar mhodh chun luachanna a chur chun cinn agus mar uirlis oideachais chun forbairt phearsanta agus shóisialta daoine aonair a chothú agus chun pobail níos comhtháite a thógáil.

Faigh tuilleadh eolais agus déan iarratas