Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhpháirtíochtaí Mionscála

Eolas faoin deis

Tá sé d’aidhm ag Comhpháirtíochtaí Mionscála teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí pobail nó le heagraíochtaí nach bhfuil an oiread taithí acu ar Erasmus+. Dearadh iad le go mbeidh rochtain ar an gclár ag gníomhaithe mionscála agus ag daoine aonair ar deacair teagmháil a dhéanamh leo sna réimsí seo a leanas: an t-oideachas scoile, an t-oideachas aosach, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, an óige agus an spórt. Is iad seo a leanas na bealaí a ndéantar sin:

  • bronntar deontais níos lú ar eagraíochtaí
  • baineann tréimhse níos giorra leo
  • bíonn riachtanais riaracháin níos simplí ann
  • baineann bacainní iontrála níos lú leo
  • baineann formáidí solúbtha leo – meascann siad gníomhaíochtaí trasnáisiúnta agus náisiúnta le chéile – chun go mbeidh eagraíochtaí níos lú in ann teagmháil a dhéanamh le daoine ar lú na deiseanna atá acu

Is féidir le Comhpháirtíochtaí Mionscála cuidiú chun líonraí trasnáisiúnta a chruthú agus a fhorbairt, sin agus beartais áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta a nascadh le chéile. Tacaíonn siad freisin le saoránacht ghníomhach Eorpach agus cuireann siad an ghné Eorpach chun cinn ar an leibhéal áitiúil.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Aon eagraíocht rannpháirteach atá lonnaithe i dtír atá rannpháirteach sa chlár, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar Chomhpháirtíocht Mhionscála. Is é an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n-eagraíochtaí go léir atá rannpháirteach sa tionscadal. Aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach, atá lonnaithe i dtír atá rannpháirteach sa chlár (féach ‘Tíortha Incháilithe’), is féidir léi páirt a ghlacadh sa chomhpháirtíocht.

Aon chineál eagraíochta atá gníomhach i réimse ar bith oideachais, oiliúna, óige, spóirt nó in earnálacha socheacnamaíocha eile, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar Chomhpháirtíochtaí Mionscála, gan beann ar an réimse ar a mbeidh tionchar ag an tionscadal. Eagraíochtaí a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí i réimsí eile (e.g. údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, lárionaid aitheantais agus bhailíochtaithe, comhlachais tráchtála, eagraíochtaí trádála, lárionaid treoraíochta, eagraíochtaí cultúrtha agus spóirt), is féidir leo iarratas a dhéanamh freisin.

Ag brath ar na tosaíochtaí agus ar na cuspóirí ar a dtugann an tionscadal aghaidh, ba cheart go mbeadh raon leathan de na comhpháirtithe is iomchuí bainteach le Comhpháirtíochtaí Mionscála chun go mbainfear tairbhe as an taithí éagsúil, an phróifíl éagsúil agus an saineolas sonrach atá acu.

Conas iarratas a dhéanamh

Na heagraíochtaí ag a bhfuil spéis iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh sin a dhéanamh trí thairseach mhaoiniúcháin agus tairiscintí an Aontais.

Tá aon Ghlao amháin ar Thograí á reáchtáil in 2021. Is é an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar dheontas an 17 Meitheamh 2021 (17:00 Am Lár na hEorpa).

Na beartais ghaolmhara

Is é is aidhm do na Comhpháirtíochtaí Mionscála na tosaíochtaí céanna a bhaint amach is atá ag na Comhpháirtíochtaí Comhair.

Tuilleadh eolais

Treoirleabhar Chlár Erasmus+, is é sin an phríomhfhoinse eolais maidir le Comhpháirtíochtaí Comhair. Is ann atá an t-eolas go léir maidir leis na tosaíochtaí, na critéir dhámhachtana, na rialacha maoiniúcháin agus eile.

Related funding opportunities

Reference

ERASMUS-SPORT-2024-SSCP

Closed

Small-scale Partnerships

(This deadline is subject to change. To be sure, please check the application form).
Reference

ERASMUS-SPORT-2022-SSCP

Closed

Small-scale cooperation partnerships

(This deadline is subject to change. To be sure, please check the application form).