Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Imeachtaí Neamhbhrabúis Spóirt san Eoraip

Eolas faoin deis

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil chun imeachtaí neamhbhrabúis spóirt a eagrú san Eoraip, ar imeachtaí iad a bhfuil gné Eorpach ag baint leo. Cuirtear deiseanna ar fáil sna réimsí seo a leanas:

  • an obair dheonach sa spórt
  • an cuimsiú sóisialta tríd an spórt
  • an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe sa spórt, an comhionannas inscne san áireamh
  • rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil a spreagadh

Na gníomhaíochtaí a chlúdaítear

  • an t-imeacht a ullmhú agus a eagrú
  • gníomhaíochtaí oideachais a eagrú do lúthchleasaithe, do chóitseálaithe, don lucht eagraithe agus d’oibrithe deonacha i mbéal an imeachta
  • gníomhaíochtaí forlíontacha a eagrú, taobh leis an imeacht spóirt (comhdhálacha, seimineáir)
  • oiliúint a chur ar na hoibrithe deonacha
  • gníomhaíochtaí leantacha a chur i bhfeidhm (meastóireachtaí, pleananna don todhchaí a dhréachtú)
  • gníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann le hábhar an imeachta

Na cineálacha imeachtaí

Féadfar imeachtaí neamhbhrabúis spóirt Eorpacha a chur ar siúl in aon tír amháin agus rannpháirtithe a bheith ann ó thíortha eile (imeachtaí uile-Eorpacha), sin nó imeacht amháin a eagrú in aghaidh na tíre atá rannpháirteach (imeachtaí áitiúla Eorpacha).

Seo a leanas na roghanna atá ann maidir le himeachtaí neamhbhrabúis spóirt san Eoraip:

  • Imeacht áitiúil Eorpach, Cineál I: ar a laghad 3 eagraíocht ó 3 thír éagsúla atá rannpháirteach sa chlár agus ar a mhéad 5 eagraíocht ó 5 thír éagsúla atá rannpháirteach sa chlár
  • Imeacht áitiúil Eorpach, Cineál II: ar a laghad 6 eagraíocht ó 6 thír éagsúla atá rannpháirteach sa chlár
  • Imeachtaí uile-Eorpacha: imeacht amháin le ar a laghad 10 n-eagraíocht rannpháirteacha ó ar a laghad 10 dtír atá rannpháirteach sa chlár (an eagraíocht is iarratasóir san áireamh)

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is gá d’eagraíocht atá rannpháirteach sa chlár an t-iarratas a dhéanamh. Comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí poiblí de chineál ar bith, mar aon lena n-eintitis chleamhnaithe (más ann dóibh), atá gníomhach i réimse an spóirt, is iad atá in ann iarratas a dhéanamh.

Eagraíochtaí samplacha

  • comhlachtaí poiblí atá i gceannas ar an spórt ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta
  • eagraíochtaí spóirt ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta
  • Coiste Náisiúnta Oilimpeach nó cónaidhm náisiúnta spóirt
  • eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar an ngluaiseacht ‘spórt do chách’
  • eagraíocht atá gníomhach i gcur chun cinn na gníomhaíochta coirp
  • eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar earnáil na fóillíochta gníomhaí
  • eagraíocht atá gníomhach i réimse an oideachais, na hoiliúna nó na hóige

Cén t-eolas eile atá de dhíth ort?

Beidh ort fad an tionscadail a roghnú nuair a bheidh an t-iarratas á dhéanamh agat. Is féidir tréimhse 12 mhí nó 18 mí a roghnú, bunaithe ar chuspóir an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht ama.

Ní thacaítear leis na himeachtaí spóirt seo a leanas faoin ngníomhaíocht seo:

Comórtais spóirt a eagraíonn cónaidhmeanna/comhlachais/léigeanna spóirt náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta ar bhonn rialta (Craobhchomórtais Náisiúnta, Eorpacha nó Dhomhanda) ach amháin má iarrtar an tacaíocht airgeadais chun gníomhaíochtaí forlíontacha a eagrú a dhíríonn ar an bpobal mór.

Conas iarratas a dhéanamh

Na heagraíochtaí ag a bhfuil spéis iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh sin a dhéanamh trí thairseach mhaoiniúcháin agus tairiscintí an Aontais.

Reáchtáiltear aon Ghlao amháin ar Thograí in aghaidh na bliana. In 2021 is é an 17 Meitheamh 2021 (17:00 Am Lár na hEorpa) an spriocdháta le tionscadal a sheoladh isteach.

Tuilleadh eolais

Is é an Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ an phríomhfhoinse eolais faoi imeachtaí neamhbhrabúis spóirt san Eoraip. Is ann atá an t-eolas go léir maidir leis na tosaíochtaí, na critéir dhámhachtana, na rialacha maoiniúcháin agus eile.

Related funding calls