Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhpháirtíochtaí Comhair

Eolas faoin deis

Dearadh Comhpháirtíochtaí Comhair le cabhrú chun líonraí Eorpacha a chur ar bun agus a chothú i réimse an spóirt. Tá sé d’aidhm acu cuidiú le heagraíochtaí spóirt i dtaca leis na nithe seo a leanas:

  • feabhas a chur ar cháilíocht obair, ghníomhaíochtaí agus chleachtais na n-eagraíochtaí agus na n-institiúidí rannpháirteacha
  • feabhas a chur ar inniúlachtaí eagraíochtaí le go mbeidh siad in ann a bheith ag obair go trasnáisiúnta agus go trasearnálach
  • aghaidh a thabhairt ar riachtanais choiteanna i réimse an spóirt
  • claochlú agus athrú a chumasú (ar an leibhéal aonair, eagraíochta nó earnála)

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí amhail na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith mar chuid den deis sin:

  • líonrú i measc na bpríomh-gheallsealbhóirí
  • dea-chleachtais a fhorbairt, a aithint, a chur chun cinn agus a mhalartú
  • modúil agus uirlisí i réimsí an oideachais agus na hoiliúna a ullmhú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme
  • scileanna na n-iolraitheoirí a mhéadú
  • monatóireacht agus tagarmharcáil táscairí a fhorbairt
  • feasacht a mhúscailt maidir leis an tairbhe a bhaineann leis an spórt nó le gníomhaíocht choirp
  • sineirgí idir an spórt, an tsláinte, an t-oideachas, an oiliúint agus an óige a chur chun cinn
  • cur lena bhfuil d’fhianaise ann i dtaca leis an spórt
  • comhdhálacha, seimineáir, imeachtaí agus cruinnithe a eagrú

Ba cheart go mbeadh na torthaí in-athúsáidte inaistrithe, ba cheart go mbeifí in ann iad a mhéadú ó thaobh scála de agus ba cheart go gclúdódh siad an iliomad disciplíní, dá mbeadh sin indéanta. Beifear ag súil leis go gcomhroinnfear torthaí na dtionscadal, ón leibhéal náisiúnta go dtí an leibhéal trasnáisiúnta.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Bíonn ar a laghad 3 eagraíocht éagsúla as 3 thír atá rannpháirteach sa chlár mar chuid de Chomhpháirtíocht Chomhair.

Iarratasóirí

Aon eagraíocht rannpháirteach atá bunaithe i dtír atá rannpháirteach sa chlár, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar Chomhpháirtíocht Chomhair. Is é an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n-eagraíochtaí go léir atá rannpháirteach sa tionscadal.

Rannpháirtithe eile

Aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach atá bunaithe i dtír atá rannpháirteach sa chlár nó in aon tír chomhpháirtíochta ar domhan, is féidir léi páirt a ghlacadh ann.

Eagraíochtaí atá bunaithe i dtíortha atá rannpháirteach sa chlár, is féidir leo páirt a ghlacadh mar chomhordaitheoir an tionscadail nó mar eagraíocht chomhpháirtíochta.

Ní féidir le heagraíochtaí atá bunaithe i dtíortha comhpháirtíochta páirt a ghlacadh mar chomhordaitheoirí tionscadail, ach is féidir leo a bheith rannpháirteach i dtionscadal (leagtar amach coinníollacha sonrach sa Treoirleabhar).

Na cineálacha eagraíochtaí

Aon chineál eagraíochta atá gníomhach i réimse ar bith oideachais, oiliúna, óige, spóirt nó in earnálacha socheacnamaíocha eile, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar Chomhpháirtíochtaí Comhair, gan beann ar an réimse ar a mbeidh tionchar ag an tionscadal. Eagraíochtaí a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar fud réimsí eile (e.g. údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, lárionaid aitheantais agus bhailíochtaithe, comhlachais tráchtála, eagraíochtaí trádála, lárionaid treoraíochta, eagraíochtaí cultúrtha agus spóirt), is féidir leo iarratas a dhéanamh freisin.

Ag brath ar na tosaíochtaí agus ar na cuspóirí ar a dtugann an tionscadal aghaidh, ba cheart go mbeadh raon leathan de na comhpháirtithe is iomchuí bainteach le Comhpháirtíochtaí Comhair chun go mbainfear tairbhe as an taithí éagsúil, an phróifíl éagsúil agus an saineolas sonrach atá acu, agus chun go mbainfear amach torthaí tionscadail atá ábhartha agus ar ardcháilíocht.

Conas iarratas a dhéanamh

Na heagraíochtaí ag a bhfuil spéis iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh sin a dhéanamh trí thairseach mhaoiniúcháin agus tairiscintí an Aontais.

Reáchtáiltear aon Ghlao amháin ar Thograí in aghaidh na bliana. In 2021 is é an 17 Meitheamh 2021 (17:00 Am Lár na hEorpa) an spriocdháta le tionscadal a sheoladh isteach.

Na beartais ghaolmhara

Tá na Comhpháirtíochtaí Comhair nasctha le tosaíochtaí foriomlána chlár Erasmus+ agus le 4 thosaíocht shonracha i réimse an spóirt.

Tosaíochtaí cothrománacha Erasmus+

  • an cuimsiú agus an éagsúlacht sa spórt
  • an comhshaol agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide
  • aghaidh a thabhairt ar an gclaochlú digiteach tríd an ullmhacht dhigiteach, athléimneacht agus inniúlachtaí a fhorbairt
  • luachanna coiteanna, rannpháirtíocht shibhialta agus an rannpháirtíocht i gcoitinne

tosaíochtaí a bhaineann go sonrach leis an spórt

  • rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil a spreagadh
  • ionracas agus luachanna a chur chun cinn sa spórt
  • oideachas a chur chun cinn sa spórt agus tríd an spórt
  • an foréigean a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an gciníochas, ar an idirdhealú agus ar an éadulaingt sa spórt agus ar an radacú foréigneach

Ar bhealach níos forleithne, dearadh Comhpháirtíochtaí Comhair chun go mbeidh siad i gcomhréir le Plean Oibre an Aontais don Spórt 2021-2024 (léigh a thuilleadh ar EUR-Lex).

Tuilleadh eolais

Treoirleabhar Chlár Erasmus+, is é sin an phríomhfhoinse eolais maidir leis na Comhpháirtíochtaí Comhair. Is ann atá an t-eolas go léir maidir leis na tosaíochtaí, na critéir dhámhachtana, na rialacha maoiniúcháin agus eile.

Related funding opportunities

Reference

ERASMUS-SPORT-2024-SCP

Closed

Cooperation partnerships

(This deadline is subject to change. To be sure, please check the application form).
Reference

ERASMUS-SPORT-2022-SCP

Closed

Cooperation partnerships

(This deadline is subject to change. To be sure, please check the application form).