Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Ollúnachtaí Jean Monnet

Cad is aidhm dóibh?

Tá ollúnachtaí Jean Monnet ceaptha:

  • teagasc léann an Aontais Eorpaigh atá ina dhlúthchuid den churaclam oifigiúil in institiúid ardoideachas a neartú
  • grinnteagasc a chur ar fáil i réimsí a bhaineann leis an Aontas agus a bhfuil ráchairt mhéadaitheach orthu ar an margadh saothair.

Spreagtar Ollúnachtaí Jean Monnet freisin d’fhonn acmhainní oideachais oscailte a chur ar fáil agus gníomhaíochtaí oideachais oscailte a chur san áireamh ina gcuid oibre chun solúbthacht agus inrochtaineacht an léinn a fheabhsú.

Cén deis atá ann?

Le Erasmus+, tugtar an deis d'institiúidí ardoideachais post d'ollamh ollscoile a bhfuil léann an Aontais Eorpaigh mar shainréimse aige nó aici a óstáil.

Beifear ag súil go dtacóidh na hinstitiúidí ardoideachais le hobair, le taighde agus le gníomhaíochtaí machnamhacha an Ollaimh, ionas go ndéanfar tairbhe do réimse leathan cúrsaí san institiúid.

Conas a oibríonn sé?

Ní mór don eagraíocht a chuireann iarratas isteach a bheith ina hInstitiúid Ardoideachais agus í lonnaithe in áit éigin ar domhan. Más i dTír Cláir atá an institiúid ardoideachais lonnaithe, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus don Ardoideachas bhailí a bheith ag an institiúid sin.

Trí bliana a mhaireann Ollúnacht Jean Monnet, agus ní mór 90 uair an chloig teagaisc ar a laghad a dhéanamh in aghaidh na bliana acadúla. Ní mór don Ollamh gníomhaíocht bhreise amháin ar a laghad a dhéanamh in aghaidh na bliana acadúla.

Cé is moite den teagasc aonair, áirítear leis na 90 uair an chloig sin léachtaí ranga, seimineáir agus ranganna teagaisc (mar chianteagasc, san áireamh).

Ba cheart do shealbhóir na hOllúnachta a bheith ar fhoireann na hinstitiúide is iarratasóir agus stádas "Ollamh" aige nó aici; Ní ceadmhach dóibh a bheith ina n-ollamh cuarta tráth déanta an iarratais.

Cén t-eolas eile is ceart a bheith agat?

I gcás inar gá duine eile a theacht in ionad shealbhóir na hOllúnachta, ní mór iarraidh a sheoladh i scríbhinn chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir, agus ní mór don ionadaí a bheith ar aon leibhéal speisialtóireachta leis an Ollamh atá ag imeacht.

Iarratas a dhéanamh

Ba cheart d'eagraíochtaí a bhfuil spéis acu iarratas a chur isteach é sin a dhéanamh tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.

Tuilleadh eolais

Is é an Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ an phríomhfhoinse eolais faoi Ollúnachtaí Jean Monnet, ach mar sin féin, tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais le fáil ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.

Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir nó leis an gCoimisiún Eorpach.

Related funding calls

Find out more

The Erasmus+ Programme Guide is the main source of information on Jean Monnet Chairs, although more information on the application process is available from European Education and Culture Executive Agency.

For further information you can contact the European Education and Culture Executive Agency, or you can contact the European Commission.