Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet

Próifíl an iarratasóra

  • Institiúid ardoideachais atá lonnaithe in aon tír ar domhan. Na hinstitiúidí sin atá lonnaithe i dtíortha atá páirteach sa Chlár Erasmus+, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus (ECHE) a bheith acu.
  • Ní féidir le daoine aonair cur isteach air.

Fad tréimhse: 3 bliana

Uasmhéid an deontais: €100,000 (80% ar a mhéad de chostais iomlána an chláir nó an chúrsa teagaisc)

Cad é Ionad Barr Feabhais Jean Monnet agus cad a dhéanann sé?

Institiúid ardoideachais a mholann Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet agus déanann an institiúid sin iad a óstáil. D’fhéadfadh comhar a bheith ann idir roinnt dámh/ranna chun an tIonad a chur ar bun, agus d’fhéadfadh eagraíochtaí ag a bhfuil saineolas i léann an Aontais Eorpaigh a bheith bainteach leo freisin.

Lárionaid inniúlachta agus eolais i dtaobh léann an Aontais Eorpaigh is ea Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet. Bailítear le chéile sna hIonaid saineolas agus inniúlachtaí saineolaithe ardleibhéil agus é mar aidhm acu sineirgí a fhorbairt idir disciplíní agus acmhainní éagsúla i léann na hEorpa.

Tá ról lárnach acu i dtaca le teagmháil a dhéanamh le mic léinn ó dhámha nach mbíonn baint acu de ghnáth le saincheisteanna an Aontais Eorpaigh, chomh maith le lucht ceaptha beartas, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne. Tugann siad an deis do shaineolaithe freisin comhghníomhaíochtaí trasnáisiúnta a chruthú.

Cad lena bhfuiltear ag súil ó Ionad Barr Feabhais Jean Monnet?

Ba cheart do na hIonaid

  • na hacmhainní atá ag a n-institiúid, agus a bhaineann le léann an Aontais Eorpaigh, a eagrú agus a chomhordú
  • ceannasaíocht a léiriú ar ghníomhaíochtaí taighde maidir le hábhair ag a bhfuil baint sonrach leis an Aontas
  • na torthaí is ábhartha a bhailiú, a fhoilsiú agus anailís a dhéanamh orthu

D’fhéadfaidís tacaíocht a thabhairt i dtaca le hábhar a fhorbairt do thopaicí a bhaineann leis an Aontas lena ndéanfar nuashonrú ar na curaclaim atá ann faoi láthair agus iad a chomhlánú, sin agus an plé agus an malartú taithí a choinneáil ar bun.

Ba cheart dóibh a bheith ina dtagairt acadúil i dtaca le hábhair a bhaineann leis an Aontas agus dul i dteagmháil le leibhéil eile oideachais agus leis an bpobal i gcoitinne.

D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith mar chuid den obair for-rochtana sin:

  • imeachtaí cumarsáide agus eolais ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta
  • léachtaí, seimineáir, nó ceardlanna le lucht ceaptha beartas ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta nó leis an tsochaí shibhialta
  • páirt a ghlacadh i gcleachtadh foghlama sonrach ar an leibhéal scoile agus ar leibhéal an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
  • líonrú le heagraíochtaí eile agus le daoine aonair a fhaigheann tacaíocht ó Ghníomhachtaí Jean Monnet
  • a gcuid gníomhaíochtaí a fhoilsiú ina n-acmhainní oideachais oscailte

Spriocdhátaí agus foirmeacha iarratais

An Treoirleabhar do Chlár Erasmus+

Treoir céim ar chéim maidir leis an bpróiseas iarratais

Related funding calls