Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhpháirtíochtaí Comhair

Cad é an aidhm?

Is éard is Comhpháirtíochtaí Comhair ann tionscadail thrasnáisiúnta arb é is aidhm dóibh cleachtais nuálacha a cheapadh agus a chomhroinnt, agus comhar, an phiarfhoghlaim agus malartuithe taithí i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige a chur chun cinn.

 Tríd is tríd, is éard is aidhm do chomhpháirtíochtaí comhair aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhaineann le roinnt réimsí agus ar thosaíochtaí a bhaineann le réimse ar leith, mar atá:

  • an t-ardoideachas
  • an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint
  • oideachas scoile
  • oideachas aosach
  • daoine óga
  • an spórt

Tá dhá chineál Comhpháirtíochtaí Comhair ann – na Comhpháirtíochtaí Comhair féin agus Comhpháirtíochtaí Mionscála.

Tá tuilleadh eolais ar thosaíochtaí cothrománacha na réimsí ar leith le fáil i dTreoirleabhar an Chláir.

Cad iad na deiseanna atá ann?

Comhpháirtíochtaí Comhair

A bhuí le Comhpháirtíochtaí Comhair tugtar an deis do mhórchuid cineálacha eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus neamhrialtasacha réimse leathan gníomhaíochtaí a dhéanamh.

Ag brath ar chuspóirí an tionscadail, na heagraíochtaí rannpháirteacha, nó an tionchar a mheastar a bheidh aige, ba cheart do gach tionscadal (Comhpháirtíochtaí Comhair agus Comhpháirtíochtaí Mionscála) a bheith dírithe go comhréireach ar na rudaí seo a leanas:

  • feabhas a chur ar cháilíocht obair, gníomhaíochtaí agus cleachtais eagraíochtaí agus institiúidí atá rannpháirteach, iad a oscailt do ghníomhaithe nua nach gcuirtear san áireamh go hiondúil in aon earnáil ar leith
  • feabhas a chur ar inniúlachtaí eagraíochtaí le go mbeidh siad in ann a bheith ag obair go trasnáisiúnta agus go trasearnálach
  • aghaidh a thabhairt ar riachtanais choiteanna agus tosaíochtaí coiteanna i réimse an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt
  • claochlú agus athrú a chumasú (ar an leibhéal aonair, leibhéal na heagraíochta nó leibhéal na hearnála), arb é an toradh a bheidh ann feabhais agus cuir chuige nua, i gcomhréir le comhthéacs na n-eagraíochtaí aonair

Comhpháirtíochtaí Mionscála

Is gníomhaíocht é sin a dearadh le go mbeadh rochtain níos forleithne ar an gclár ag gníomhaithe mionscála agus ag daoine aonair ar deacair teagmháil a dhéanamh leo sna réimsí seo a leanas: an t-oideachas scoile, an t-oideachas aosach, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, an óige agus an spórt. Dá bhrí sin, ba cheart na comhpháirtíochtaí sin a bheith dírithe ar na rudaí seo a leanas:

  • daoine nua, eagraíochtaí ar bheagán taithí agus gníomhaithe mionscála a mhealladh i dtreo an chláir, sin agus an rochtain atá acu air a leathnú. D’fhéadfadh na comhpháirtíochtaí sin a bheith ina gcéad chéim d’eagraíochtaí i dtreo comhar ar an leibhéal Eorpach
  • tacú le cuimsiú spriocghrúpaí atá ar bheagán deiseanna
  • tacú le saoránacht ghníomhach Eorpach agus an ghné Eorpach a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil

Mar chuid de chuspóirí an tionscadail, tá deiseanna ann freisin d’fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne foghlaim a dhéanamh, dul faoi oiliúint ansin nó teagasc a dhéanamh i dtír éigin eile, ar chuntar gur cuidiú iad na gníomhaíochtaí trasnáisiúnta teagaisc, oiliúna agus foghlama sin chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach.

Conas a oibríonn sé?

Eagraíochtaí rannpháirteacha a bhfuil rún acu iarratas a dhéanamh, caithfidh siad a bheith lonnaithe i dTír Chláir.

Ní mór d’eagraíocht atá bunaithe i dTír Chláir a bheith i gceannas ar an iarratas. Ní mór freisin ar a laghad trí eagraíocht a bheith rannpháirteach sa phróiseas le haghaidh Comhpháirtíochtaí Comhair agus ar a laghad dhá eagraíocht le haghaidh Comhpháirtíochtaí Mionscála as Tíortha éagsúla atá rannpháirteach sa Chlár. Is féidir le heagraíochtaí as Tíortha Comhpháirtíochta a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtithe (ní mar iarratasóirí) i gComhpháirtíochtaí Comhair a fhad is a mbaineann breisluach fíor-riachtanach lena rannpháirteachas sa chlár.

Níl aon teorainn leis an líon eagraíochtaí is féidir bheith rannpháirteach iontu.

Cén t-eolas eile is ceart a bheith agat?

D’fhéadfadh tréimhsí éagsúla a bheith ag baint le Comhpháirtíochtaí Comhair, ag brath ar an gcineál comhpháirtíochta. Tá eolas agus méid na ndeontas ar fáil i dTreoirleabhar an Chláir le haghaidh

  • Comhpháirtíochtaí Comhair
  • Comhpháirtíochtaí Mionscála

Iarratas a dhéanamh

Go ginearálta, ba cheart iarratais a chur chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta sa Tír Chláir ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir lonnaithe.

I gcás na dtionscadal a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid na hEorpa isteach i réimse an spóirt, ba cheart na hiarratais a chur isteach chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr.

Related funding calls