Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Scoláireachtaí Chomhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus

Próifíl an iarratasóra

Is féidir le mic léinn ag leibhéal máistreachta ó gach cearn den domhan iarratas a dhéanamh ar na scoláireachtaí. Ní mór duit céim bhaitsiléara (céadonóracha) a bheith agat nó a bheith sa bhliain dheireanach de chúrsa baitsiléara agus ansin do chéim a fháil sula dtosaíonn an clár máistreachta.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh freisin má léiríonn tú go bhfuil leibhéal foghlama agat atá comhionann le leibhéal baitsiléara. Is gá go mbeadh sin aitheanta go hoifigiúil, de réir reachtaíocht agus cleachtais náisiúnta, sa tír inar bronnadh céim.

Eolas faoi Scoláireachtaí Chomhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus

Is cláir staidéir ardleibhéil chomhtháite ag leibhéal máistreachta iad Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus. Tá na cláir deartha ag comhpháirtíocht idirnáisiúnta institiúidí ardoideachais agus is iadsan a dhéanann na cláir a theagasc. Bíonn baint ag trí institiúid ardoideachais ar a laghad ó thrí thír éagsúla le gach clár, agus ní mór dhá thír acu ar a laghad a bheith ina mBallstáit den Aontas agus ina dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.

Trí thacú leis na céimeanna máistreachta sin a aithnítear go comhpháirteach, tá an tAontas ag féachaint leis an mbarr feabhais a chothú agus idirnáisiúnú na n-institiúidí rannpháirteacha a chur chun cinn. Tá scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn freisin a chuidíonn leo páirt a ghlacadh sna cláir iomráiteacha sin; agus nuair a bheidh an mháistreacht acu beidh siad ar na hiarratasóirí is fearr ar fud an domhain.

Clúdaíonn na scoláireachtaí ón Aontas costais na mac léinn chun páirt a ghlacadh sa chlár, costais taistil chomh maith le liúntas costais maireachtála.

Gníomhaíochtaí agus torthaí

Clúdaíonn an clár tréimhse do staidéir, taighde, gníomhaíochtaí socrúcháin, agus ullmhú agus cosaint do thráchtais, i gcomhréir le riachtanas na Comhchéime Máistreachta. Is é sin gur gá 2 thréimhse staidéir ar a laghad a dhéanamh i 2 thír nach do thír chónaithe iad. Cuireann Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus rianta staidéir éagsúla ar fáil chun an coinníoll sin a chomhlíonadh.

Fad na Máistreachtaí: Tréimhse idir aon bhliain acadúil amháin nó dhá bhliain acadúla (60, 90 nó 120 creidiúint ECTS)

An cineál céime a bhronntar: Comhchéim (i.e. aon teastas céime amháin a eisítear thar ceann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad) nó níos mó ná céim amháin (i.e. dhá theastas céime ar a laghad a eisíonn dhá institiúid ardoideachais atá sa chuibhreannas).

Iarratais agus tuilleadh eolais

Ba cheart duit féachaint ar Chatalóg Chláir Mháistreachta Erasmus Mundus ar líne. Tá eolas mionsonraithe inti faoi na cláir sin atá á maoiniú ag an Aontas, mar aon le naisc chuig suíomhanna gréasáin na gcéimeanna máistreachta. Ar na suíomhanna sin gheobhaidh tú an t-eolas go léir a theastaíonn uait chun a cinneadh cé acu an cúrsa ceart duitse: cur síos ar an gcúrsa staidéir, liosta na n-ollscoileanna rannpháirteacha agus na riachtanais iontrála.

Ar shuíomh gréasáin an chláir freisin, leagtar amach na céimeanna go léir a bhaineann leis an bpróiseas iarratais. Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil go díreach leis an ollscoil lena mbaineann má bhíonn tuilleadh ceisteanna agat.

Cuirtear baisc nua de Chláir Mháistreachta Erasmus Mundus leis an liosta gach bliain. I gcás fhormhór na gcuibhreannas, is idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Eanáir a bheidh ort iarratas a dhéanamh ar na cúrsaí a bheidh ag tosú an bhliain acadúil ina dhiaidh sin.

Acmhainní eile

Bí cinnte go bhfuil eolas ar do chearta agat agus tú i mbun staidéir i dtír eile.

Is é Comhlachas Erasmus Mundus (EMA) comhlachas alumni sonrach na gcomhchéimeanna máistreachta. Tá comhairle agus inspioráid le fáil ar a shuíomh gréasáin.

Comhghuaillíocht Mac Léinn agus Alumni Erasmus+ (ESSA), is iontach an fóram í sin ag mic léinn agus alumni Erasmus+ i dtaca leis an líonrú, an fhorbairt ghairmiúil agus an malartú idirchultúrtha.

Is féidir le hiarrthóirí Dochtúireachta maoiniú de chuid an Aontais Eorpaigh a fháil ó Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun tréimhsí taighde a chaitheamh i dtír eile.