Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Gairmoideachas agus gairmoiliúint

Forléargas

Cuireann Erasmus+ tacaíocht le haghaidh forbairt ghairmiúil ar fáil dóibh sin atá ag obair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna trí thréimhsí oiliúna ar an gcoigríoch.

I dtaca leis na tréimhsí oiliúna sin, d'fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: socrúcháin oibre nó scáthfhoghlaim nó tréimhsí breathnaithe in institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna nó in eagraíocht ábhartha eile atá bunaithe i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+.

Ar na heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá gnólachtaí, comhlachtaí poiblí, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh sa socrúchán oiliúna. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Más mian leat dul faoi oiliúint ar an gcoigríoch faoi choimirce Erasmus+, caithfidh an institiúid lena mbaineann tú a bheith mar chuid de Thionscadal Soghluaisteachta Gairmoideachais agus Gairmoiliúna i gcomhar le hinstitiúid nó le heagraíocht eile.

Sula dtosaíonn tú do thréimhse oiliúna, síneoidh tú, an institiúid lena mbaineann tú agus an institiúid nó an eagraíocht ina mbeidh tú Comhaontú Soghluaisteachta. Leagfar amach sa doiciméad sin na spriocanna foghlama agus na cearta a bheidh agat, na freagrachtaí a bheidh ort chomh maith leis an gcaoi a n-aithneofar an tréimhse oiliúna ar bhonn foirmiúil.

Maoiniú

Tá deontais an Aontais Eorpaigh ceaptha costais taistil agus chothabhála a chumhdach le linn duit a bheith ar an gcoigríoch chomh maith le tacaíocht eagraíochtúil a thabhairt do na hinstitiúidí rannpháirteacha.

Cé go dtagann an maoiniú ón Aontas, is iad na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna lena mbaineann a bhainistíonn na deontais agus is iad atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh le daoine aonair.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a chur isteach ar dheontas mar dhuine aonair. Is iad na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mball foirne do na socrúcháin oiliúna ar an gcoigríoch.

Ba cheart na baill foirne atá le dul faoi oiliúint ar an gcoigríoch a roghnú ar bhealach cothrom trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil leis an institiúid ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna sin ar fáil duit.

Sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.