Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Scolaíocht

Forléargas

Cuireann Erasmus+ tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna ar fáil do ghairmithe atá páirteach san oideachas réamhscoile, bunscoile nó iarbhunscoile.

Maidir leis na deiseanna sin, d'fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: cúrsaí struchtúrtha nó imeachtaí eile, nó scáthfhoghlaim, nó tréimhsí breathnaithe i scoileanna nó in eagraíochtaí ábhartha eile.

Ar na heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá institiúidí ardoideachais, comhlachtaí poiblí, institiúidí taighde agus eagraíochtaí a chuireann cúrsaí nó oiliúint ar fáil.

Tá na deiseanna seo ar fáil idir eagraíochtaí atá lonnaithe i dtíortha atá páirteach i gClár Erasmus+.

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh sa ghníomhaíocht oiliúna. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Más mian leat gníomhaíocht forbartha gairmiúla a dhéanamh ar an gcoigríoch faoi choimirce Erasmus+, ní mór don scoil lena mbaineann tú iarratas a chur isteach chun páirt a ghlacadh i dtionscadal soghluaisteachta scolaíochta.

Ní foláir an tionscadal soghluaisteachta sin a cheapadh mar chuid de Phlean Forbartha Eorpach na heagraíochta a bheidh do do sheoladh agus ní foláir don tionscadal freastal ar riachtanais forbartha foirne atá sonraithe go soiléir. Ní foláir a chinntiú dá bharr go ndéanfar a mbeidh foghlamtha agat a aithint, mar is ceart, agus a roinnt, mar is ceart, ar fud na hinstitiúide agat.

Maoiniú

Íoctar deontais an Aontais Eorpaigh leis an eagraíocht chomhordaithe (le do scoil nó le comhordaitheoir cuibhreannais) agus tá siad ceaptha costais taistil agus chothabhála a chumhdach le linn duit a bheith ar an gcoigríoch, cibé táillí a bhaineann le do chúrsa san áireamh más gá, chomh maith le tacaíocht eagraíochtúil a thabhairt do na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas ar dheontas a chur isteach mar dhuine aonair. Is iad na scoileanna (nó na comhordaitheoirí cuibhreannais thar ceann na scoileanna) a chuirfidh iarratas isteach agus a roghnóidh iarrthóirí as measc a mball foirne do na gníomhaíochtaí oiliúna ar an gcoigríoch.

Ba cheart na baill foirne atá le dul faoi oiliúint ar an gcoigríoch a roghnú ar bhealach cothrom trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

Cuir ceist ar na teagmhálaithe iomchuí sa scoil agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna sin ar fáil duit.

Sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta.

Pobal do scoileanna atá i gceist le Ríomhnascadh inar féidir le daoine aonair atá ag obair i scoileanna san Eoraip teagmháil a dhéanamh le chéile, comhoibriú, tionscadail a fhorbairt, taithí a roinnt le chéile agus páirt a ghlacadh sa phobal foghlama is mó san Eoraip.

Ardán do mhúinteoirí, scoileanna, saineolaithe agus daoine nach iad atá i gceist le School Education Gateway inar féidir faisnéis a fháil maidir le nuacht, treochtaí, beartais, tionscnaimh agus gníomhaíochtaí i réimse na scolaíochta, chomh maith le páirt a ghlacadh ann trí cheisteanna tábhachtacha a phlé agus a chur trí chéile le piaraí.