Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An tArdoideachas

Forléargas

Tacaíonn Erasmus+ le tréimhsí teagaisc in institiúidí ardoideachais ar an gcoigríoch.

Má tá tú ag obair i réimse an ardoideachais, is féidir leat tréimhse a chaitheamh ag teagasc in eagraíocht i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+ nó i dtír chomhpháirtíochta.

Tá deiseanna teagaisc ar fáil freisin do bhaill foirne atá ag obair in eagraíochtaí atá lonnaithe i dtír chláir.

Ar na heagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá gnólachtaí, comhlachtaí poiblí, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Fad

Tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh i gceist leis an tréimhse teagaisc idir dhá thír chláir. Níl an t-am taistil san áireamh.

Tréimhse nach lú ná 5 lá agus nach mó ná 2 mhí a bheidh i gceist leis an tréimhse teagaisc idir tír chláir agus tír chomhpháirtíochta. Níl an t-am taistil san áireamh.

Le linn duit a bheith ar an gcoigríoch, caithfidh 8 n-uair an chloig teagaisc ar a laghad in aghaidh na seachtaine (nó in aghaidh tréimhse fanachta ar giorra ná seachtain í) a bheith i gceist leis an ngníomhaíocht teagaisc.

Coinníollacha

Má tá tú ag obair in Institiúid Ardoideachais, caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus+ a bheith ag an institiúid lena mbaineann tú más i dtír chláir atá sí, nó, más i dtír chomhpháirtíochta atá, caithfidh comhaontú idirinstitiúideach a bheith sínithe aici leis an institiúid ina mbeidh tú.

Tír chláir: tá an deis ag institiúidí ardoideachais cuireadh a chur ar bhaill foirne ó ghnólachtaí agus ó eagraíochtaí atá lonnaithe i dtíortha cláir tréimhse teagaisc a dhéanamh ina n-institiúid féin.

Sula dtosaíonn do thréimhse teagaisc, síneoidh tú, an Institiúid Ardoideachais lena mbaineann tú agus an Institiúid ina mbeidh tú Comhaontú Soghluaisteachta. Leagtar amach sa doiciméad sin na spriocanna foghlama agus na cearta a bheidh agat, na freagrachtaí a bheidh ort, agus an chaoi a n-aithneofar an tréimhse teagaisc.

Maoiniú

I dtaca le deontais de chuid an Aontais Eorpaigh, cuimsítear leo cuid áirithe de do chostais taistil agus chothabhála, agus d'fhéadfadh difear a bheith eatarthu de réir na nithe seo a leanas:

  1. An tír ina mbeidh tú
  2. (I gcás soghluaisteacht laistigh de thíortha cláir) leibhéal an éilimh ó bhaill foirne ó do thír féin a bhfuil sé ar intinn acu dul ag teagasc ar an gcoigríoch
  3. An t-achar atá idir do thír féin agus an tír ar a mbeidh do thriall
  4. (I gcás soghluaisteacht laistigh de thíortha cláir) fáil a bheith ar acmhainní airgeadais eile i do thír nó do réigiún

Más idir thíortha cláir a bheidh do thréimhse teagaisc ar an gcoigríoch á socrú, agus más ball foirne in institiúid ardoideachais thú, is í an institiúid ónar seoladh thú a bheidh freagrach as na híocaíochtaí uile a dhéanamh. Má bhaineann tú le gnólacht nó le heagraíocht, is iad na hInstitiúidí Ardoideachais a chuir cuireadh ort babhta teagaisc a dhéanamh a bheidh freagrach as na híocaíochtaí. Más idir tíortha cláir agus tíortha comhpháirtíochta a bheidh do thréimhse teagaisc ar an gcoigríoch á socrú, socróidh an institiúid ónar seoladh thú agus an institiúid ina mbeidh tú cé acu a dhéanfaidh na híocaíochtaí leat.

Tá eolas le fáil sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+ maidir le leibhéal na ndeontas a bhronntar le haghaidh tréimhsí teagaisc ar an gcoigríoch a shocraítear idir tíortha cláir agus tíortha comhpháirtíochta. Seiceáil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta agat féin agus leis an Institiúid Ardoideachais atá do do sheoladh ar an gcoigríoch i dtaobh na rátaí is infheidhme maidir le tréimhse teagaisc a shocraítear idir tíortha cláir.

Conas iarratas a dhéanamh

Is tríd an Institiúid Ardoideachais lena mbaineann tú a chuirfidh tú isteach ar dheontas. Roghnaíonn na hInstitiúidí Ardoideachais iarrthóirí le haghaidh tréimhsí teagaisc ar an gcoigríoch as measc a mball foirne féin nó cuireann siad cuireadh ar bhaill foirne ó ghnólachtaí nó ó eagraíochtaí eile.

Ba cheart na baill foirne atá le dul ag teagasc ar an gcoigríoch a roghnú ar bhealach cothrom, trédhearcach agus gach doiciméad is gá a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil le hoifig idirnáisiúnta na hinstitiúide agat féin lena fháil amach an bhfuil na deiseanna seo ar fáil duit.

Sa Treoirleabhar tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

Is féidir cabhair maidir le fiosruithe agus iarratais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta i gcás tíortha cláir, agus (más ann dóibh) ó na hOifigí Náisiúnta, i gcás tíortha comhpháirtíochta.