Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An fhoireann (teagasc)

A bhuí le Erasmus+, tá deiseanna ar fáil chun tamall a thabhairt ag teagasc in institiúid oideachais ar an gcoigríoch.

Tá na deiseanna seo ar fáil do bhaill foirne atá ag obair in earnáil an oideachais agus do dhaoine aonair i ngnólachtaí a gcuirtear cuireadh orthu a gcuid eolais faoi earnáil, ábhar nó saincheist ar leith a roinnt le mic léinn.

Tá deiseanna ann chun tamall a thabhairt ag teagasc ar an gcoigríoch le Erasmus+ in institiúidí oideachais beag beann ar an leibhéal lena mbaineann siad.

An tArdoideachas

Tacaíonn Erasmus+ le tréimhsí teagaisc in eagraíochtaí ardoideachais ar an gcoigríoch. Má tá tú ag obair i réimse an ardoideachais, is féidir leat tréimhse a chaitheamh ag teagasc in eagraíocht i dtír atá páirteach i gClár Erasmus+ nó i dtír chomhpháirtíochta de chuid Erasmus+. Is féidir le daoine atá ag obair i ngnólachtaí tacaíocht a fháil d'fhonn teagasc a dhéanamh agus eolas a roinnt le hinstitiúidí oideachais atá lonnaithe i dtír chláir.

Tuilleadh eolais

An gairmoideachas agus an ghairmoiliúint

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin mhúinteoireachta (VET) institiúidí ar an gcoigrích. Má tá tú ag obair i VET, is féidir leat tamall a chaitheamh ag teagasc in eagraíocht eile i dtír chláir atá páirteach i gClár Erasmus+.

Tuilleadh eolais

An scolaíocht

Cuireann Erasmus+ tacaíocht ar fáil le haghaidh socrúcháin mhúinteoireachta do ghairmithe atá páirteach san oideachas réamhscoile, bunscoile nó iarbhunscoile. De thoradh babhta teagaisc a dhéanamh ar an gcoigríoch, is féidir leat léargas níos leithne a fháil ar an oideachas, eolas a roinnt le do chomhghleacaithe i dtír eile agus dea-chleachtais oideachais a fhoghlaim. Tá na deiseanna seo ar fáil idir scoileanna atá lonnaithe i dtíortha cláir de chuid Erasmus+.

Tuilleadh eolais

An tOideachas aosach

Tacaíonn Erasmus+ le socrúcháin mhúinteoireachta in eagraíochtaí oideachais aosach ar an gcoigríoch. Má tá tú ag obair i réimse an oideachais aosaigh, is féidir leat tréimhse a chaitheamh ag teagasc nó is féidir leat oiliúint a chur ar fáil in eagraíocht eile i dtír chláir de chuid Erasmus+. Le linn tréimhse den sórt sin i dtír eile, is féidir feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga agus ar an eolas cultúrtha atá agat. Ina theannta sin, gheobhaidh tú léargas nua ar chleachtais agus ar mhúnlaí a bhaineann leis an múinteoireacht.

Tuilleadh eolais

Baill foirne a bhfuil riocht fisiciúil, intinne nó riocht a bhaineann leis an tsláinte orthu

Tá breis maoinithe le fáil. Tá sé de cheart ag baill foirne na seirbhísí tacaíochta céanna a fháil agus a chuireann na hinstitiúidí glactha ar fáil do bhaill foirne áitiúla.

Tuilleadh eolais