Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Maoiniú le haghaidh malartuithe ógra agus gníomhaíochtaí óige

Tá an maoiniú seo ar fáil do chineálacha éagsúla eagraíochtaí óige, nó do ghrúpaí daoine óga (féach an sainmhíniú teicniúil ar ‘Grúpa neamhfhoirmiúil daoine óga’).

Conas iarratas a dhéanamh ar na tionscadail sin

Ba cheart d’eagraíochtaí cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin a nGníomhaireachta Náisiúnta chun deiseanna maoinithe a aimsiú agus chun iarratas a dhéanamh orthu.

Na cineálacha tionscadal a mhaoinítear

Malartuithe ógra

Na gníomhaíochtaí a chlúdaítear

Tréimhsí gearra malartaithe do ghrúpaí daoine óga lasmuigh dá dtimpeallacht scoile. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin cláir ina bhfoghlaimíonn daoine óga agus ina malartaíonn siad trí cheardlanna, cleachtaí, díospóireachtaí, rólimirt, agus gníomhaíochtaí amuigh faoin aer.

Aithnítear eispéiris foghlama na rannpháirtithe trí Youthpass.

Fad ama

Idir 5 agus 21 lá a mhaireann na malartuithe ógra. Níl an t-am taistil san áireamh ansin.

Tacaíocht airgeadais

Tacaíonn deontas Erasmus+ le taisteal chomh maith le costais phraiticiúla agus costais a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo le haghaidh an mhalartaithe. Tá rialacha maidir le maoiniú le fáil sa Treoirleabhar.

Coinníollacha

Is féidir le daoine atá idir 13 agus 30 bliain d’aois malartú ógra a dhéanamh. Le bheith i do cheannaire grúpa le linn malartú ógra, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad.

Oibrithe don óige

Na gníomhaíochtaí a chlúdaítear

Tionscadail ó eagraíochtaí chun cabhrú lena n-oibrithe óige maidir lena bhforbairt ghairmiúil agus le líonrú. Samplaí de ghníomhaíochtaí is ea seimineáir, cúrsaí oiliúna, imeachtaí líonraithe, cuairteanna staidéir, nó tréimhsí scáthfhoghlama/breathnóireachta thar lear.

Fad ama

Ó 3 mhí go 24 mhí.

Tacaíocht airgeadais

Braitheann méideanna maoiniúcháin ar roinnt tosca, costais taistil agus chothaithe san áireamh. Tá sonraí iomlána an bhuiséid ar fáil sa Treoirleabhar.

Coinníollacha

Ní mór na gníomhaíochtaí a dhéanamh i dtír ina bhfuil ceann de na heagraíochtaí rannpháirteacha. Is féidir suas le 50 duine a bheith rannpháirteach i dtionscadal. Maireann a ngníomhaíochtaí idir 2 lá agus 60 lá.

Gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige

Na gníomhaíochtaí a chlúdaítear

Tionscadail a chuireann ar chumas daoine óga páirt a ghlacadh sa saol sibhialta, cultúrtha agus polaitiúil. Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leo a dtuairimí a chur in iúl maidir le hábhair atá tábhachtach dóibh.

Is féidir gníomhaíochtaí a reáchtáil lasmuigh de thimpeallachtaí foirmiúla oideachais nó oiliúna.

Fad ama

Is féidir le tionscadail maireachtáil ar feadh idir 3-24 mhí. San áireamh leis sin tá céimeanna ullmhúcháin, céimeanna cur chun feidhme agus céimeanna leantacha.

Tacaíocht airgeadais

Tacaíonn deontas Erasmus+ le costais phraiticiúla agus le costais a bhaineann le gníomhaíochtaí atá riachtanach do na tionscadail. Tá sonraí faoi na deontais uasta atá ar fáil le fáil sa Treoirleabhar.

Coinníollacha

Ba cheart na gníomhaíochtaí a bheith faoi stiúir na hóige agus is féidir le grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga nó eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga iad a chur chun feidhme. Ba cheart do dhaoine óga a bheith rannpháirteach go gníomhach ag gach céim den tionscadal.

Treoir theicniúil maidir leis na deiseanna maoiniúcháin sin

Is féidir le heagraíochtaí teacht ar eolas mionsonraithe maidir le coinníollacha, ionchais agus ceanglais incháilitheachta i dTreoirleabhar an Chláir:

Sonraí teicniúla maidir le malartuithe ógra

Sonraí teicniúla maidir le hoibrithe óige

Sonraí teicniúla maidir le rannpháirtíocht na hóige

Last updated: