Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Tréimhsí oiliúna i dtír éigin eile do mhic léinn

Forbhreathnú

Tacaíonn Erasmus+ le tréimhsí oiliúna (socrúcháin oibre, intéirneachtaí) i dtír éigin eile i láthair oibre ar bith do mhic léinn atá cláraithe sa chóras ardoideachais i dtíortha atá páirteach sa Chlár, ar leibhéal gearrthimthriallach an Bhaitsiléara agus na Máistreachta, agus d'iarrthóirí Dochtúireachta. Tá na deiseanna seo ar fáil do chéimithe nua chomh maith.

Má dhéanann tú tréimhse oiliúna i dtír éigin eile, féadfaidh tú do chuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú go mór, ar tréithe iad sin atá á lorg ag fostóirí. Chomh maith leis sin, tá a gcuideachta féin cruthaithe ag duine as gach deichniúr d’oiliúnaithe Erasmus+.

Deiseanna tréimhsí oiliúna Erasmus+ ó chuideachtaí, féadfaidh tú iad a aimsiú ar Thairseach na dTréimhsí Oiliúna Erasmus d’Intéirnigh, tairseach a chruthaigh Líonra Mac Léinn Erasmus.

Is féidir leat cromadh ar an teanga a bheidh á labhairt ag do láthair oibre a fhoghlaim ach dul chuig Tacaíocht Teanga ar Líne Erasmus+.

Buntáistí do mhic léinn agus do chéimithe nua

  • scileanna fiontraíochta agus cruthaitheacha a fhorbairt, ar scileanna iad a mbeidh ardmheas ag fostóirí amach anseo orthu
  • scileanna teanga iasachta, scileanna idirphearsanta agus idirchultúrtha oibre foirne a fheabhsú
  • tuiscint níos doimhne a fháil ar thír agus ar chultúr eile

Buntáistí do chuideachtaí

  • féadfaidh oiliúnaí peirspictíocht nua idirnáisiúnta, smaointe nuálacha agus tacaíocht ghníomhach a sholáthar
  • tugann oiliúnaí leis díograis úr agus breis iomaíochais agus nuálaíochta
  • féadfaidh léargas na n-oiliúnaithe a fháil ar a gcultúr baile doirse a oscailt do mhargaí nua agus an gnó a leathnú
  • feabhas a chur ar inniúlachtaí na cuideachta: foghlaimíonn an t-oiliúnaí ó fhostaithe, ach féadfaidh fostaithe foghlaim ó oiliúnaí idirnáisiúnta freisin de réir mar a bhíonn siad ag idirghníomhú le teangacha éagsúla agus le scileanna TF cothrom le dáta

Féadfaidh cuideachtaí a dtairiscintí tréimhse oiliúna a chur ar Thairseach na dTréimhsí Oiliúna Erasmus d’Intéirnigh.

Fad tréimhse

Féadfaidh tréimhsí oiliúna i dtír éigin eile tacaíocht Erasmus+ a fháil ó 2 mhí go 12 mhí.

Féadfaidh mic léinn agus céimithe nua soghluaisteacht chumasc a dhéanamh freisin, arb é is ciall leis gearrthréimhse fhisiciúil a dhéanamh i dtír éigin eile (idir 5 agus 30 lá) in éineacht le tréimhse fhíorúil.

Féadfaidh oiliúnaithe tréimhse staidéir i dtír éigin eile a dhéanamh in éineacht le tréimhse oiliúna Erasmus+.

Coinníollacha

Glactar le hiarratais ar thréimhsí oiliúna Erasmus+ ó mhic léinn atá cláraithe le hinstitiúid ardoideachais a bhfuil Cairt Ardoideachais Erasmus+ aici.

Ní mór baint a bheith ag an tréimhse oiliúna le hábhar na céime agus le riachtanais forbartha phearsanta agus, nuair is féidir, caithfear an tréimhse oiliúna sin a chomhthathú leis an gclár léinn féin.

Féadfar tréimhse oiliúna a dhéanamh in aon eagraíocht atá lonnaithe in aon áit ar domhan (cé is moite institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais).

Tacaíocht airgeadais

Foilsítear leibhéil na ndeontas Erasmus+ sa Treoirleabhar Erasmus+.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh trí oifig idirnáisiúnta nó Erasmus+ na hinstitiúide agat féin.

Tuilleadh eolais

Bí cinnte go bhfuil agat eolas ar do chearta agus d’oibleagáidí agus tú i mbun staidéir nó tréimhse oiliúna i dtír éigin eile.

Is fearr do mhic léinn a bhfuil ceisteanna acu maidir le páirt a ghlacadh in Erasmus+ féachaint ar na ceisteanna coitianta sula dtéann siad i dteagmháil lena n-institiúid nó lena nGníomhaireacht Náisiúnta i gcás tíortha atá páirteach i gClár Erasmus+.

Féadfaidh tú treoir a íoslódáil freisin maidir le soghluaisteacht chumaisc ina sonraítear an chaoi ar féidir le hinstitiúidí ardoideachais deiseanna soghluaisteachta cumaisc a eagrú do mhic léinn agus do bhaill foirne.