Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Staidéar a dhéanamh thar lear

Faoin gclár Erasmus+, eagraítear malartuithe do mhic léinn agus d'iarrthóirí dochtúireachta laistigh de na tíortha sin atá páirteach sa chlár Erasmus+ agus idir na tíortha Comhpháirtíochta.

Trí thréimhse a chaitheamh i mbun staidéir thar lear le Erasmus+, tugtar an deis duit do chuid scileanna cumarsáide, teanga agus idirchultúrtha a fheabhsú agus na scileanna neamhtheicniúla sin a shantóidh lucht d'fhostaíochta amach anseo a fhoghlaim. Is féidir tuilleadh a léamh anseo faoi na buntáistí a bhaineann le malairt ar an gcoigríoch.

Féadfaidh tú freisin do sheal thar lear a nascadh le tréimhse oiliúna chun taithí oibre a fháil. Féach gur ag méadú atá an bhéim a leagtar ar a leithéid de thaithí agus tú ag dul isteach den chéad uair ar an margadh fostaíochta.

Bíonn deiseanna le staidéar a dhéanamh thar lear ar fáil do mhic léinn ar leibhéal an Bhaitsiléara agus na Máistreachta, agus d'iarrthóirí Dochtúireachta.

Más ag gluaiseacht idir Tíortha Cláir atá tú, gheobhaidh tú gach eolas i dtaobh na teanga sin ina dtabharfar do chlár léinn ach dul chuig Tacaíocht Teanga ar líne Erasmus+.

Féadfaidh mic léinn atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú breise a luaithe a roghnófar iad a roghnú le dul i mbun staidéir thar lear.

Fad ama

Idir 2 mhí (nó téarma acadúil nó ráithe amháin) ar a laghad agus 12 mhí ar a mhéad is ceadmhach a bheith sa seal staidéir a dhéanfaidh tú thar lear.

Féadfaidh tú níos mó ná tréimhse amháin a chaitheamh ar an gcoigríoch faoi choimirce Erasmus+, mar mhac léinn nó mar oiliúnaí, ach ní ceadmhach dul thar 12 mhí thar lear (tréimhsí staidéir ar an gcoigríoch san áireamh) laistigh de sheal staidéir amháin.

Is ionann ''seal staidéir'' agus leibhéal an staidéir faoi mar a shainmhínítear sin sa Chreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF):

  • An chéad seal (Baitsiléir nó a chomhionann) EQF – 5/6
  • An dara seal (Máistreacht nó a comhionann) EQF 7
  • An treas seal (Dochtúireacht nó a comhionann) EQF 8

I gcás cúrsaí ''aon-seala'' ar nós an leighis nó na hailtireachta, féadfaidh tú dul thar lear ar chlár Erasmus+ ar feadh tréimhse nach faide ná 24 mhí.

Coinníollacha

Más mian leat dul i mbun staidéir thar lear le Erasmus+, ní mór duit a bheith cláraithe in institiúid ardoideachais agus cláraithe ar chlár léinn ar céim aitheanta nó cáilíochta tríú leibhéil is ceann scríbe di. Mic léinn atá sa chéad seal, ní mór dóibh an dara bliain dá gcúrsa léinn a bheith ar siúl acu.

Ní mór go mbeadh an staidéar atá ar siúl agat thar lear ábhartha do do chuid riachtanas féin i dtaca leis an bhfoghlaim a théann le do chéim agus le d'fhorbairt phearsanta, agus go mbeadh sé ina chuid den chlár léinn atá á dhéanamh agat.

Ní mór go mbeadh comhaontú idirinstitiúideach ag d'institiúid sa bhaile leis an institiúid thar lear ionas gur féidir leat dul i mbun staidéir ann le Erasmus+.

Ní mór go mbeadh Cairt Ardoideachais Erasmus ag an dá institiúid (más i dTíortha Cláir atá siad). Glacann institiúidí as Tíortha Comhpháirtíochta le prionsabail na Cairte nuair a shíníonn siad na comhaontuithe idirinstitiúideacha.

An t-aitheantas acadúil

Sula gcuirfear tús leis an tréimhse staidéir thar lear:

  1. Ní mór duit féin, don institiúid as ar tháinig tú agus di siúd ar a mbeidh tú ag freastal, Comhaontú Foghlama don Chlár Léinn a shíniú chun a chinntiú go réiteofar go héifeachtach agus go trédhearcach an tréimhse thar lear, agus go n-aontófar cé mar a thabharfar aitheantas do na gníomhaíochtaí sin a chuirfear i gcrích go rathúil agus tú thar lear. Leagtar amach sa doiciméad sin cearta agus dualgais na bpáirtithe éagsúla.
  2. Cuirfear chugat Cairt Erasmus+ don Mhac Léinn, ina mínítear do chuid ceart agus dualgas i dtaca le do thréimhse staidéir thar lear.

Nuair a bheidh críoch leis an tréimhse staidéir thar lear:

  1. Ní mór don institiúid ina raibh tú thar lear tras-scríbhinn a thabhairt duit féin agus don institiúid ónar tháinig tú de na taifid lena ndearbhaítear gur críochnaíodh an clár a comhaontaíodh agus lena ndearbhaítear na torthaí a fuarthas.

  2. Ní mór do d'institiúid féin aitheantas a thabhairt do na creidmheasa (agus leas a bhaint as creidiúintí ECTS nó a chomhionann de chóras) faoi mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Foghlama sula ndeachaigh tú thar lear agus iad a áireamh le haghaidh do chéime, gan a thuilleadh riachtanas.

  3. Más i dtír de chuid an Chláir atá an institiúid ardoideachais agat féin, is ceart an tréimhse a chaith tú thar lear a thaifeadadh freisin i bhForlíonadh na nDioplómaí.

Tuilleadh eolais anseo faoi na Treoirlínte maidir leis an gComhaontú Foghlama don Chlár Léinn a úsáid.

Tacaíocht airgeadais

Féadfaidh tú deontas Erasmus+ a fháil mar chuid de do chostais chothabhála agus taistil. D'fhéadfadh difear a bheith ann de réir na ndifear atá sa chostas maireachtála i do thír féin agus sa tír ar a mbeidh do thriall, nó faoi réir líon na mac léinn a bheidh istigh ar dheontas, de réir an achair atá idir an dá thír, nó de réir a mbeidh de dheontais eile ar fáil.

Más ag gluaiseacht atá tú idir tíortha atá páirteach sa Chlár, seiceáil i dtaobh na rátaí is infheidhme leis an nGníomhaireacht Náisiúnta agat féin agus leis an institiúid ardoideachais atá do do sheoladh thar lear. Tá tacaíocht bhreise ar fáil freisin do mhic léinn a bheidh ar thréimhse oiliúna, do mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil ó thaobh cúlra de, nó do mhic léinn as na tíortha nó na réigiúin sin is forimeallaí de chuid an Chláir.

Tá eolas le fáil maidir le leibhéal na ndeontas agus leis na rátaí socraithe a bhaineann le tréimhsí a chaitear thar lear idir tíortha de chuid an Chláir agus tíortha Comhpháirtíochta i dTreoirleabhar Erasmus+.

Is cuma cé acu a gheobhaidh tú deontas Erasmus+ nó nach bhfaighidh, beidh ort comhaontú deontais a shíniú ina sonrófar fad na tréimhse ar an gcoigríoch, suim an deontais maille le cearta agus dualgais eile a bhaineann le hábhar.  

Más i gceann de na Tíortha Cláir a bheidh tú lonnaithe, is í an institiúid ónar seoladh thar lear thú a shíneoidh an comhaontú deontais duit agus a bheidh freagrach as gach íocaíocht a dhéanfar leat.

Más ag gluaiseacht idir tíortha atá páirteach sa Chlár agus tíortha Comhpháirtíochta atá tú, is í an institiúid atá lonnaithe sa tír Chláir a shíneoidh an comhaontú deontais. Is iad an institiúid ónar seoladh thú agus an institiúid chuig ar seoladh thú a chinnfidh cé acu díobh a dhéanfaidh íocaíochtaí an deontais leat.

Mar mhac léinn Erasmus+, beidh díolúine agat ar tháillí a ghearrfar as teagasc, clárú, scrúduithe, agus ar gach costas a bhainfidh le rochtain ar shaotharlanna nó leabharlanna na hinstitiúide ina mbeidh tú. D'fhéadfadh sé go mbeadh táille bheag le híoc agat as cúrsaí árachais nó as ballraíocht in aontas mac léinn.

D'fhéadfadh sé go mbeadh deontais le cois le fáil agat ó d'institiúid féin, ó do rialtas féin nó as foinsí nach iad sin. Féach an Treoir don Mhaoiniú Eorpachna Tairseacha Staidéir.

D'fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal iarratas a dhéanamh ar scoláireacht le clár Máistreachta Comhpháirteach a dhéanamh, nó Iasacht Mháistreachta le haghaidh céim Mháistreachta suas le dhá bhliain.

Iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh trí oifig idirnáisiúnta nó Erasmus+ na hinstitiúide agat féin.

Is ceart gur ar bhealach cóir agus trédhearcach a roghnódh d'institiúid ardoideachais thú.

Socruithe maidir le mic léinn atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu.

Féadfaidh mic léinn atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú breise a luaithe a roghnófar iad le dul thar lear.

Tuilleadh eolais

Bí cinnte go bhfuil agat eolas ar do chearta agus tú i mbun staidéir nó ar thréimhse oiliúna thar lear.

Mic léinn a bhfuil ceisteanna fós acu i dtaobh páirt a ghlacadh in Erasmus+, ba cheart dóibh féachaint ar na ceisteanna coitianta sula dté siad i dteagmháil lena n-institiúid ardoideachais, leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta do Thíortha atá páirteach sa Chlár, nó leis na hOifigí Náisiúnta do Thíortha Comhpháirtíochta (nuair is ann dá leithéidí).

Is iontach an fóram ag mic léinn agus ag alumni Erasmus+ Cumann Alumni agus Mac Léinn Erasmus+ (ESSA) don líonrú, don fhorbairt ghairmiúil, agus don mhalairt idirchultúrtha.

Féadfaidh mic léinn Dochtúireachta maoiniú de chuid an Aontais Eorpaigh a fháil ó Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun tréimhsí taighde a thabhairt thar lear.

Quick explainer

Féadfaidh daoine ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ón Macadóin Thuaidh, ón Iorua, nó ón Tuirc páirt a ghlacadh sa chuid is mó de na deiseanna i ngeall go bhfuil na tíortha sin nach Ballstáit den Aontas iad comhlachaithe leis an gclár Erasmus+.

Do dhaoine ó thíortha eile nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, tá roinnt deiseanna eile ann, cuir i gcás Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus nó an ghné idirnáisiúnta de mhalartú mac léinn agus ball foirne (má ghlacann d’ollscoil páirt ann) agus scéimeanna malartaithe óige.

Beidh ort féachaint ar leathanaigh na ndeiseanna le haghaidh tuilleadh eolais, i ngeall nach ionann an incháilitheacht i gcás gach deise.

Tá dhá chineál tíre ann ina bhfuil Erasmus+ gníomhach.

Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gClár

Is féidir leo páirt a ghlacadh i ngach gníomhaíocht de chuid an chláir Erasmus+. Orthu sin tá tíortha uile an Aontais Eorpaigh, comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, agus tíortha eile nach iad. Roimhe seo, tugadh ‘tíortha Cláir’ orthu.

Tíortha nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár

Is féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí áirithe de chuid an chláir Erasmus+. Tá go leor acu sin ann ar fud an domhain. Roimhe seo, tugadh ‘tíortha Comhpháirtíochta’ orthu.

Féach liosta iomlán na dtíortha incháilithe

These descriptions determine the countries in which Erasmus+ activities may take place, and which type of activities are possible.

EU Member States and third countries associated to the Programme

These can fully take part in all the actions of the Erasmus+ Programme. They include all EU countries, members of the European Free Trade Association (EFTA), candidate EU countries and others.

Third countries not associated to the Programme

These can take part in certain Erasmus+ actions. There are many of these, spanning the globe.

Duration

Your long-term study period abroad can last a minimum of 2 months (or 1 academic term or trimester) and a maximum of 12 months. Students can also do a blended mobility, combining a virtual period with a physical short or long-term mobility. The short-term physical presence abroad as part of blended mobility lasts a minimum of 5 days and a maximum of 30 days.

You can benefit of an exchange abroad with Erasmus+ multiple times, either as a student or as a trainee, but your total time abroad (study abroad periods included) may not exceed 12 months within one cycle of study.

"Cycle" refers to the level of study as defined by the European Qualifications Framework (EQF):

  • First cycle (Bachelor or equivalent) EQF – 5/6
  • Second cycle (Master or equivalent) EQF 7
  • Third cycle (Doctoral or equivalent) EQF 8

For "one-cycle" courses such as medicine or architecture, you can go abroad with Erasmus+ for as long as 24 months.

Conditions

To study abroad with Erasmus+, you must be registered in a higher education institution and enrolled in studies leading to a recognised degree or tertiary-level qualification. For students in the first cycle, you need to be at least in the second year of your studies.

Your period of study abroad must be relevant for your degree-related learning and personal development needs, and be part of the study programme that you are following.

Your home institution and the receiving institution must have an inter-institutional agreement between them for you to study there with Erasmus+.

Both institutions must also hold the Erasmus Charter for Higher Education (if they are in Programme countries). Institutions from Partner countries commit to the principles of the Charter when signing the inter-institutional agreements.

Academic recognition

Before the study abroad period:

  1. You, your sending and receiving higher education institutions must sign a Learning Agreement for Studies to ensure a transparent and efficient preparation of the exchange abroad, as well as to agree on how activities successfully completed abroad will be recognised. This document sets out rights and responsibilities of the various parties
  2. You will receive the Erasmus+ Student Charter, explaining your rights and obligations with respect to your period of study abroad

After the study abroad period:

  1. The receiving higher education institution must provide you and your sending institution with a transcript of records confirming that the agreed programme has been completed and acknowledge the results

  2. Your higher education institution must recognise the credits (using ECTS credits or an equivalent system) as agreed in the Learning Agreement before the mobility and count them towards your degree, without any further requirements

  3. If your higher education institution is in a Programme country, your mobility period should also be recorded in the Diploma Supplement

Follow the link to read more on the Guidelines on how to use the Learning Agreement for Studies.

Financial support

You may receive an Erasmus+ grant as a contribution to your travel and subsistence costs. This may vary according to differences in living costs between your country and the destination country, the number of students applying for a grant, the distance between countries and the availability of other grants.

If you are moving between Programme countries, check with your National Agency and your sending higher education institution for applicable rates. There is also extra support for students going on a traineeship, students from disadvantaged backgrounds or from outermost Programme countries or regions.

Grant levels and fixed rates for exchanges between Programme and Partner countries are published in the Erasmus+ Programme Guide.

Students in receipt of an Erasmus+ grant or an Erasmus+-zero-grant will sign a grant agreement specifying the duration of the mobility, the amount of the grant and other rights and obligations.  

If you are mobile within Programme countries, your sending institution will sign your grant agreement and it will be responsible for making all payments.

If you are moving between Programme and Partner countries, the Programme country institution will sign the grant agreement. Your sending and receiving institutions will decide which one will make your payments.

As an Erasmus+ student, you are exempted from fees for tuition, registration, examinations, and charges for access to laboratories or libraries at the receiving institution. Small fees for insurance or student union membership may still apply.

You may be eligible for additional grants from your institution, government or other sources. Check the European Funding Guide or the Study Portals.

You may also be eligible to apply for a scholarship for a Joint Master programme, or an EU-guaranteed student loan. These loans are made available by financial intermediaries participating in the European Investment Fund-run Skills & Education Guarantee Pilot.

How to apply

You can apply through the international or Erasmus+ office of your higher education institution.

You should be selected by your sending higher education institution in a fair and transparent way.

Arrangements for students with physical, mental or health-related conditions

Students with physical, mental or health-related conditions may apply for additional funding after they have been selected for a mobility period.

Find out more