Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Mic léinn agus baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu

Trí Chairt Ardoideachais Erasmus a shíniú, tugann gach institiúid ardoideachais gealltanas go gcinnteoidh sí rochtain chomhionann agus comhionannas deiseanna le haghaidh rannpháirtithe ó gach cúlra. Dá bhrí sin, is féidir le mic léinn agus le baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu leas a bhaint as na seirbhísí tacaíochta a chuireann an institiúid glactha ar fáil dá mic léinn agus dá baill foirne féin.

Cé atá incháilithe?

Daoine atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu a fhágann nach bhféadfaidh siad a bheith rannpháirteach in Erasmus+ gan tacaíocht bhreise airgeadais a fháil, féachann clár Erasmus+ lena chinntiú go mbeidh siad in ann leas iomlán a bhaint as socruithe soghluaisteachta Eorpacha. Chuige sin, déantar aird faoi leith a dhíriú ar threoracha, fáilte, inrochtaineacht fhisiciúil, seirbhísí tacaíochta oideolaíocha agus teicniúla, agus, go háirithe, costais bhreise a mhaoiniú.

Is daoine faoi mhíchumas iad roinnt de na hAmbasadóirí mac léinn agus ball foirne a roghnaíodh chun an clár Erasmus+ a chur chun cinn. Chuir Jessica as Éirinn in iúl go raibh sí toilteanach a bheith páirteach in Erasmus+ ar an mbealach seo:

‘Shocraigh mé dul ann. Is duine mé nach dtugann isteach go héasca, agus ba mhian liom an dúshlán a shárú. Níor lig mé don mhíchumas mé a choinneáil siar. Mar a tharlaíonn sé, measaim go raibh mé meáite níos mó ná riamh ar thaithí rathúil a bhaint as Erasmus dá bharr.’

Cén deontas atá ar fáil?

Tá maoiniú breise ar fáil do rannpháirtithe atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu trí thacaíocht chuimsiúcháin Erasmus+. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an deontas Erasmus+ a bheith níos mó ná an gnáth-dheontas le haghaidh staidéir nó tréimhse oiliúna nó baill foirne chun na deacrachtaí sonracha a bhíonn le sárú ag an rannpháirtí a chúiteamh (cuir i gcás lóistín oiriúnaithe, cúnamh taistil, freastal leighis, trealamh tacaíochta, ábhar foghlama a oiriúnú, duine tionlacain do mhic léinn agus do bhaill foirne faoi mhíchumas). Is ranníocaíocht bunaithe ar fhíorchostais é an deontas tacaíochta breise seo.

Ba cheart do na hinstitiúidí ardoideachais tuairisc a thabhairt ar a suíomh gréasáin ar conas is féidir le mic léinn agus le baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu tacaíocht bhreise deontais a iarraidh.

Féadfar maoiniú breise a chur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu ó fhoinsí eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus/nó náisiúnta.

Conas iarratas a dhéanamh

Mar ullmhúchán don tréimhse soghluaisteachta Erasmus+, ba cheart do rannpháirtí atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte air a chuid riachtanas agus costas breise a chur in iúl chun iarratas a dhéanamh ar dheontas tacaíochta cuimsiúcháin Erasmus+. Ba cheart don rannpháirtí tacaíocht a fháil ón institiúid ardoideachais seolta chuige sin.

Fiafraigh de chomhordaitheoir Erasmus+ san institiúid ardoideachais seolta faoin nós imeachta iarratais (sprioc-am don iarratas, cá háit ar féidir an fhoirm iarratais a fháil, cá háit a gcuirfidh tú d’fhoirm iarratais isteach etc.).

Déanfaidh an institiúid ardoideachais agus/nó an Ghníomhaireacht Náisiúnta measúnú ar d’iarratas agus déanfaidh siad cinneadh ar an tsuim bhreise a fhéadfaidh tú a fháil.

Conas tuilleadh eolais a fháil

Go ginearálta, ba cheart don institiúid ardoideachais seolta a chinntiú go bhfuil na socruithe riachtanacha á ndéanamh ag an institiúid glactha chun freastal ar na riachtanais faoi leith atá agat, ar choinníoll go bhfuil an bac coirp nó meabhrach nó an fhadhb sláinte atá agat curtha in iúl agat.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha áiseanna atá ar fáil san institiúid ardoideachais glactha sula dtéann tú thar lear, féadfaidh tú labhairt go díreach leis an duine atá freagrach as na cúrsaí sin san institiúid ardoideachais glactha a bhfuil súil agat freastal uirthi. Ba cheart go mbeadh an oifig caidrimh idirnáisiúnta san ollscoil seolta in ann cabhrú leat.

Ionas go mbeidh tú in ann a shainaithint níos fearr cé na seirbhísí is féidir le gach institiúid a thairiscint do rannpháirtithe soghluaiste, is féidir le hinstitiúidí ardoideachais a shonrú cé acu an bhfuil an bonneagar acu chun fáilte a chur roimh mhic léinn agus baill foirne atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhb shláinte acu ina gComhaontuithe Idirinstitiúideacha lena n-institiúidí comhpháirtíochta, agus is féidir leo cuntas a thabhairt ar na cineálacha seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil do mhic léinn.

Is féidir teacht ar eolas áisiúil ar an suíomh gréasáin Soghluaisteacht Chuimsitheach.

Féadfaidh tú a iarraidh freisin ar do Ghníomhaireacht Náisiúnta tuilleadh eolais a thabhairt duit faoi shaincheisteanna sonracha atá ag déanamh imní duit nuair a bheidh tú ag pleanáil do thréimhse malairte thar lear.

Tá liosta ag an nGníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Cuimsitheach de naisc, teagmhálaithe agus eolas ginearálta i dtaca le tíortha san Aontas Eorpach agus sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach, a d’fhéadfadh cuidiú le mic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.