Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Oiliúnaithe

Is féidir le Erasmus+ cuidiú leat taithí oibre fhiúntach a fháil trí thacú le hoiliúnachtaí (socrúcháin oibre, intéirneachtaí, etc) thar lear.

Fágann an tuiscint chultúrtha agus na scileanna teanga a fhaigheann tú as dul ag obair i dtír eile go mbíonn sé níos fusa post a aimsiú nuair atá an staidéar thart.

Sa bhreis air sin, tar éis bheith ag obair in eagraíocht ábhartha méadaítear do thuiscint ar do chuid staidéar, tuiscint nach bhfuil le fáil ó sheimineáir ná ó cheardlanna.

Is féidir le daoine atá i mbun oideachais faoi láthair agus céimithe nua leas a bhaint as na deiseanna seo. Is féidir oiliúnachtaí a dhéanamh in eagraíocht ábhartha ar bith.

Deiseanna

Mic léinn ardoideachais agus céimithe nua

Cuireann Erasmus+ oiliúnachtaí thar lear (socrúcháin oibre, intéirneachtaí, etc.) ar fáil do mhic léinn atá cláraithe in institiúidí ardoideachais i dtír atá páirteach sa Chlár.. Tá na deiseanna seo ar fáil do chéimithe nua chomh maith.

Tuilleadh eolais:

Mic léinn, printísigh agus céimithe nua gairmoideachais agus gairmoiliúna

Cuireann Erasmus+ oiliúnachtaí (socrúcháin oibre) ar fáil do mhic léinn atá cláraithe in institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET). Is féidir le printísigh atá ag obair i gcuideachtaí agus céimithe nua VET na deiseanna sin a thapú freisin.

Tuilleadh eolais