Achoimre
Tugann Malartuithe Ógra grúpaí daoine óga ó thíortha éagsúla le chéile le maireachtáil le chéile agus obair a dhéanamh ar chomhthionscadail ar feadh tréimhsí gearra.
Is lasmuigh de thimpeallacht na scoile a dhéantar na malartuithe ógra. Má dhéanann tú malartú, beidh tú páirteach i ngníomhaíochtaí cosúil le ceardlanna, cleachtaí, díospóireachtaí, rólimirt, gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus go leor eile.
Eispéireas foghlama atá sna malartuithe ógra agus aithnítear trí Ógphas iad.
Fad
Idir 5 agus 21 lá a mhaireann na malartuithe ógra, gan an t-am taistil a áireamh.
Coinníollacha
Is féidir le daoine atá idir 13 agus 30 bliain d'aois malartú ógra a dhéanamh. Le bheith i do cheannaire grúpa le linn malartú ógra, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad.
Is eagraíochtaí don aos óg, grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga nó eagraíochtaí eile a bhainistíonn na malartuithe ógra.
Maoiniú
Tá deontais ón Aontas Eorpach ar fáil chun cuidiú le do chostais taistil. Faigheann an eagraíocht nó an grúpa atá i bhfeighil an mhalartaithe maoiniú chun cuidiú leis na costais reatha agus le costais na ngníomhaíochtaí is gá le haghaidh an mhalartaithe.
Conas iarratas a dhéanamh
Más mian leat bheith páirteach i malartú ógra, ní féidir leat, mar dhuine aonair, iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas. Is eagraíocht nó grúpa daoine óga a chaithfidh an t-iarratas a dhéanamh, ansin roghnóidh an eagraíocht nó an grúpa na daoine a ghlacfaidh páirt sa mhalartú.
Tuilleadh eolais
Má tá cuidiú de dhíth ort le heagraíocht rannpháirteach oiriúnach a aimsiú nó má tá aon cheist agat, cuideoidh gníomhaireacht náisiúnta Erasmus+ do thíre leat.
Cuirtear eolas agus deiseanna ar fáil do dhaoine óga trí Thairseach Eorpach na hÓige freisin.