Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

DiscoverEU

Tugann DiscoverEU an deis do shaoránaigh atá 18 mbliana d’aois eolas a chur ar an Eoraip trí eispéiris foghlama. Is ar thraein a bheidh tú ag taisteal den chuid is mó (cé go mbeidh eisceachtaí ann i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileáin nó i gceantair iargúlta) agus cuirfidh tú eolas ar thírdhreacha iontacha na hEorpa agus ar an éagsúlacht mhór cathracha agus bailte atá ann.

Gníomhaíocht maidir le Cuimsiú

Mar chuid de ghníomhaíocht DiscoverEU, tá maoiniú sonrach ar fáil do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu an Eoraip a thaisteal. Is féidir leo tacaíocht bhreise a fháil chun constaicí a shárú a bhaineann le hiarratas a dhéanamh agus le taisteal.

Is é is aidhm don ghníomhaíocht sin teagmháil a dhéanamh leo siúd nach ndéanfadh iarratas as a stuaim féin de ghnáth agus iad a chur san áireamh.

Léigh na critéir mhionsonraithe measúnaithe tionscadail agus an próiseas iarratais

Timthriall Foghlama DiscoverEU

Ó 2022 ar aghaidh, is iad Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+, lena n-oibríonn an tAontas Eorpach chun clár Erasmus+ a thabhairt níos gaire do na rannpháirtithe, a eagraíonn gníomhaíochtaí a neartaíonn gné an oideachais de DiscoverEU.

Áirítear orthu sin pacáistí eolais agus/nó cruinnithe réamhimeachta a ullmhú, imeachtaí ‘teacht le chéile’ do rannpháirtithe ar fud na hEorpa, agus seisiúin chomhordaithe le heagraíochtaí iolraitheora amhail scoileanna, grúpaí óige nó bardais áitiúla.