Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Comhpháirtíochtaí ar scála beag

Is é is aidhm do chomhpháirtíochtaí ar scála beag rochtain ar an gclár a leathnú chuig gníomhartha ar scála beag agus daoine aonair nach éasca freastal orthu i réimsí an oideachais scoile, an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt. Agus méideanna níos lú deontais á mbronnadh ar eagraíochtaí, tréimhse níos giorra agus ceanglais riaracháin níos simplithe i gceist i gcomparáid le Comhpháirtíochtaí Comhair, is é is aidhm don ghníomhaíocht seo freastal ar eagraíochtaí ar leibhéal an ghnáthphobail, ar eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí agus ar nuatheachtaithe chuig an gclár, agus bacainní iontrála ar an gclár á laghdú le haghaidh eagraíochtaí ag a bhfuil acmhainneacht eagraíochtúil níos lú. Tacóidh an ghníomhaíocht seo le formáidí solúbtha freisin – ina measctar gníomhaíochtaí de chineál trasnáisiúnta agus náisiúnta ach a bhfuil éirim Eorpach acu freisin – rud a chuireann ar a gcumas d’eagraíochtaí úsáid a bhaint as modhanna breise chun teacht ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu. Féadfaidh comhpháirtíochtaí ar scála beag a bheith ina rannchuidiú freisin le cruthú agus forbairt líonraí trasnáisiúnta agus le sineirgí a chothú le beartais áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus eatarthu sin.

Cuspóirí na gníomhaíochta

  • Nuatheachtaithe, eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí agus gníomhaithe ar scála beag a mhealladh agus rochtain a leathnú dóibh. Ba cheart do na comhpháirtíochtaí sin gníomhú mar an chéad chéim ag eagraíochtaí i dtreo an chomhair ar an leibhéal Eorpach.
  • Tacú le cuimsiú spriocghrúpaí ar lú na deiseanna atá acu
  • Tacú leis an tsaoránacht Eorpach ghníomhach agus an éirim Eorpach a thabhairt chuig an leibhéal áitiúil

Ina theannta sin, tá feidhm ag príomhchuspóirí Comhpháirtíochtaí Comhair maidir le Comhpháirtíochtaí ar Scála Beag freisin, i gcomhréir le raon feidhme agus méid gach tionscadail:

  • Cur leis an gcáilíocht in obair agus i gcleachtais na n‑eagraíochtaí agus na n‑institiúidí lena mbaineann, deiseanna a chur ar fáil do ghníomhaithe eile nach n‑áirítear go nádúrtha laistigh d’earnáil amháin;
  • Cur le hinniúlacht eagraíochtaí obair a dhéanamh go trasnáisiúnta agus thar earnálacha;
  • Dul i ngleic le riachtanais agus tosaíochtaí coiteanna i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt;
  • Claochlú agus athrú a chumasú (ar leibhéal aonair, eagraíochtúil nó earnála), as a dtiocfaidh feabhsuithe, i gcomhréir le comhthéacs gach eagraíochta;

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar chomhpháirtíocht ar scála beag?

Ní mór do chomhpháirtíochtaí ar scála beag cloí leis na critéir seo a leanas le bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus+:

Critéir incháilitheachta

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le haon eagraíocht rannpháirteach i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár a bheith ina hiarratasóir. Is í an eagraíocht sin a dhéanann iarratas thar ceann na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile atá páirteach sa tionscadal.

I gcás iarratas a chuirtear faoi bhráid Gníomhaireachtaí Náisiúnta i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais aosaigh agus na hóige, ní féidir le heagraíocht iarratas a dhéanamh ach uair amháin in aghaidh an sprioc-ama.

Cé na cineálacha eagraíochtaí atá incháilithe le bheith rannpháirteach sa tionscadal?

Is féidir le haon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach1 , atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár (féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir seo), a bheith rannpháirteach i gComhpháirtíocht ar Scála Beag.

Gan beann ar an réimse ar a dtéann an tionscadal i bhfeidhm, tá comhpháirtíochtaí ar scála beag oscailte d’aon chineál eagraíochta atá gníomhach in aon réimse oideachais, oiliúna, óige, spóirt nó earnáil shocheacnamaíoch eile, agus d’eagraíochtaí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí atá trasnaí i réimsí éagsúla (mar shampla údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, lárionaid aitheantais agus bhailíochtaithe, comhlachais tráchtála, eagraíochtaí trádála, lárionaid treorach, eagraíochtaí cultúrtha agus spóirt).

Ag brath ar an tosaíocht agus ar na cuspóirí a dtéann an tionscadal i ngleic leo, ba cheart do Chomhpháirtíochtaí ar Scála Beag an réimse comhpháirtithe is iomchuí agus is éagsúla a chuimsiú le go bhféadfaí tairbhe a bhaint as a n‑eispéiris agus a bpróifílí éagsúla agus as a saineolas sonrach.

Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha

Comhpháirtíocht thrasnáisiúnta is ea Comhpháirtíocht ar Scála Beag agus cuimsítear ann dhá eagraíocht ar a laghad ó dhá cheann éagsúla de Bhallstáit den Aontas nó tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ní hann d’uaslíon eagraíochtaí rannpháirteacha i gcomhpháirtíocht amháin.

Ní mór gach eagraíocht rannpháirteach a shainaithint tráth a chuirtear isteach ar dheontas.

I gcás iarratas a chuirtear faoi bhráid Gníomhaireachtaí Náisiúnta i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais aosaigh agus na hóige, ní féidir leis an eagraíocht chéanna (OID amháin) a bheith páirteach i mbreis agus 10 n‑iarratas ar an iomlán in aghaidh an sprioc-ama, bíodh sé sin mar iarratasóir nó mar chomhpháirtí2 .

Tosaíochtaí a dtéitear i ngleic leo

Lena meas le haghaidh maoiniúcháin, ní mór do Chomhpháirtíochtaí ar Scála Beag dul i ngleic le ceann amháin díobh seo a leanas:

  • tosaíocht chothrománach amháin ar a laghad

agus/nó

  • tosaíocht shonrach amháin ar a laghad atá ábhartha maidir leis an réimse oideachais, oiliúna, óige agus spóirt is mó ar a dtéitear i bhfeidhm.

Le haghaidh tionscadail i réimsí an ghairmoideachais agus gairmoiliúna, an oideachais scoile, an oideachais aosaigh agus na hóige a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+, féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta, i measc na dtosaíochtaí sin, níos mó airde a thabhairt orthu sin a bhfuil ábharthacht ar leith leo ina gcomhthéacs náisiúnta (ar a dtugtar ‘Tosaíochtaí Eorpacha sa chomhthéacs náisiúnta’). Ní mór do na Gníomhaireachtaí Náisiúnta iarratasóirí féideartha a chur ar an eolas go cuí trína suíomhanna gréasáin oifigiúla.

Maidir le tionscadail i réimse an spóirt ní féidir aghaidh a thabhairt ach ar thosaíocht amháin (tosaíocht chothrománach nó tosaíocht shonrach). 

Ionad nó ionaid na ngníomhaíochtaí

Ní mór gach gníomhaíocht de chuid Comhpháirtíocht ar Scála Beag a dhéanamh i dtíortha na n‑eagraíochtaí atá rannpháirteach sa tionscadal.

Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i ndáil le cuspóirí nó cur chun feidhme an tionscadail, féadfar gníomhaíochtaí a reáchtáil freisin ag suíomh Institiúid AE3 , fiú amháin más fíor nach bhfuil sa tionscadal aon eagraíocht rannpháirteach ón tír a óstálann an Institiúid.

Fad an tionscadail

Idir 6 mhí agus 24 mhí.

Ní mór an fad a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóirí an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht aimsire.

I gcásanna eisceachtúla, féadfar fad comhpháirtíochta ar scála beag a fhadú, arna iarraidh sin don tairbhí agus le comhaontú na Gníomhaireachta Náisiúnta nó Feidhmiúcháin. Sa chás sin, ní bheidh aon athrú ar an deontas iomlán.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Le haghaidh comhpháirtíochtaí ar scála beag i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile, an oideachais aosaigh agus na hóige atá curtha isteach ag aon eagraíocht sna réimsí sin:

  • Faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Le haghaidh comhpháirtíochtaí ar scála beag i réimse an spóirt:

  • Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr, atá lonnaithe sa Bhruiséil.

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-SPORT‑2024-SSCP

Sa dá chás, ní fhéadfaidh an cuibhreannas céanna comhpháirtithe ach iarratas amháin a chur isteach agus ní fhéadfar ach iarratas a chur faoi bhráid Gníomhaireacht amháin in aghaidh an sprioc‑ama4 .

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Le haghaidh comhpháirtíochtaí ar scála beag i réimsí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile, an oideachais aosaigh agus na hóige atá curtha isteach ag aon eagraíocht sna réimsí sin:

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach

  • faoin 05 Márta ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig sa bhliain chéanna
  • faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin.

Sprioc‑am breise féideartha le haghaidh Comhpháirtíochtaí ar Scála Beag i réimse na hóige:

Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta babhta eile le haghaidh iarratais ar thionscadail i réimse na hóige a eagrú, agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo ina leith freisin. Foilseoidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta eolas faoin bhféidearthacht sin ar a suíomh gréasáin.

Má eagraítear an babhta breise, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais ar dheontas a chur isteach faoin 7 Bealtaine ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach idir an 1 Lúnasa agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna

Le haghaidh comhpháirtíochtaí ar scála beag i réimse an spóirt:

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 5 Márta ar 17:00:00

Tionscadal a bhunú

Ceithre chéim atá i dtionscadal Comhpháirtíochta Comhair ar scála beag, agus cuirtear tús leo sula roghnaítear an togra tionscadail le haghaidh maoiniúcháin fiú amháin: pleanáil, ullmhú, cur chun feidhme agus obair leantach. Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus rannpháirtithe atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama.

  • Pleanáil (riachtanais, cuspóirí, torthaí tionscadail agus foghlama, formáidí na ngníomhaíochtaí, sceideal srl. a shainiú);
  • ullmhú (pleanáil na ngníomhaíochtaí, forbairt cláir oibre, socruithe praiticiúla, deimhniú spriocghrúpa nó spriocghrúpaí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe srl.);
  • cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí;
  • obair leantach (meastóireacht ar na gníomhaíochtaí agus ar a dtionchar ar leibhéil éagsúla, torthaí an tionscadail a chomhroinnt agus a úsáid).

D’fhéadfaí go gcuimseofaí faoi Chomhpháirtíochtaí ar Scála Beag eagrú gníomhaíochtaí foghlama, teagaisc agus oiliúna trasnáisiúnta do dhaoine agus do ghrúpaí daoine, a mhéid a chuireann siad le gnóthachtáil chuspóirí an tionscadail.

Le haghaidh comhpháirtíochtaí ar scála beag i réimse an spóirt, moltar ar a laghad club spóirt áitiúil nó réigiúnach amháin a áireamh sna tograí.

Gnéithe cothrománacha le cur san áireamh agus do thionscadal á dhearadh:

Anuas ar na critéir fhoirmiúla a chomhlíonadh agus socrú comhair inbhuanaithe a bhunú le gach comhpháirtí tionscadail, d’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas cuidiú le tionchar agus cur chun feidhme cáilíochtúil comhpháirtíochtaí comhair a mhéadú. Moltar d’iarratasóirí na deiseanna agus na héirimí sin a chur san áireamh agus tionscadail Comhpháirtíochta ar Scála Beag á ndearadh. 

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Chun na prionsabail sin a chur chun feidhme, ceapadh Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht5  chun tacú níos fearr le for‑rochtain ar rannpháirtithe ó chúlraí níos éagsúla, go háirithe iad sin ar lú na deiseanna atá acu agus a bhfuil bacainní roimh a rannpháirtíocht i dTionscadail Eorpacha. Oireann comhpháirtíochtaí ar scála beag d’obair maidir leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht mar ábhar an tionscadail, go háirithe, chomh maith le tuilleadh forbartha ar chleachtais agus modhanna cuimsitheacha atá íogair ó thaobh na héagsúlachta de, i gcomhréir leis an tosaíocht beartais chomhfhreagrach don ghníomhaíocht. Chomh maith leis sin, ar bhealach atá neamhspleách ar théama a dtionscadal, ba cheart d’eagraíochtaí gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus cuimsitheacha a dhearadh, agus ba cheart dearcadh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a chur san áireamh agus ról a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht ar fud an phróisis uile.

Inbhuaine comhshaoil

Ba cheart tionscadail a dhearadh ar bhealach éiceabhách agus gach gné de chleachtais ghlasa a chuimsiú iontu. Ba cheart d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe cur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus an tionscadal á dhearadh acu, rud a spreagfaidh gach duine atá páirteach sa tionscadal chun saincheisteanna comhshaoil a phlé agus foghlaim fúthu, machnamh a dhéanamh faoinar féidir a dhéanamh ar leibhéil éagsúla agus cuidiú le heagraíochtaí agus le rannpháirtithe cuimhneamh ar bhealaí malartacha atá níos glaise le gníomhaíochtaí tionscadail a chur chun feidhme.

An éirim dhigiteach

Tá an comhar fíorúil agus tástáil deiseanna foghlama fíorúla agus cumaisc ríthábhachtach do Chomhpháirtíochtaí rathúla ar Scála Beag. Go sonrach, moltar go láidir do thionscadail i réimse an oideachais scoile agus an oideachais aosaigh úsáid a bhaint as an Ardán Eorpach um Oideachas Scoile, r‑Nascadh agus an tArdán don fhoghlaim aosach (EPALE) chun a bheith ag obair le chéile, i rith na ngníomhaíochtaí tionscadail agus ina ndiaidh. Moltar go láidir do thionscadail i réimse na hóige úsáid a bhaint as Tairseach Eorpach na hÓige agus as an Ardán do Straitéis Óige an Aontais chun bheith ag obair le chéile roimh na gníomhaíochtaí tionscadail, lena linn agus ina ndiaidh.

Rannpháirtíocht agus gníomhaíocht shibhialta

Tacaíonn an Clár le rannpháirtíocht agus comhpháirteachas gníomhach ar fud a ghníomhaíochtaí. Ba cheart do thionscadail Comhpháirtíochta ar Scála Beag deiseanna a thairiscint do rannpháirtíocht daoine sa saol daonlathach agus do rannpháirtíocht shóisialta agus shaoránach. Díreofar freisin ar fheasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a mhéadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, chomh maith lena bhféiniúlacht chultúrtha, lena bhfeasacht chultúrtha agus lena n‑oidhreacht shóisialta agus stairiúil.

Critéir dhámhachtana

Ábharthacht (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá an togra tionscadail ábhartha do chuspóirí agus do thosaíochtaí na Gníomhaíochta. Ina theannta sin, measfar go mbeidh an togra an‑ábhartha más rud é go mbaineann na nithe seo a leanas leis:
    • tugtar aghaidh ar an tosaíocht ‘cuimsiú agus éagsúlacht’ leis;
    • I gcás tionscadail a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+: más rud é go dtugtar aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na ‘Tosaíochtaí Eorpacha sa chomhthéacs náisiúnta’ leis, mar atá fógartha ag an nGníomhaireacht Náisiúnta;
  • tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha ábhartha maidir le réimse an iarratais;
  • tá breisluach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ag baint leis an togra trí acmhainneacht eagraíochtaí a fhorbairt le gabháil don chomhar trasteorann agus don líonrú.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • sainítear cuspóirí an tionscadail go soiléir, tá siad réalaíoch agus téann siad i ngleic le riachtanais agus le spriocanna na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha agus le riachtanais na spriocghrúpaí;
  • deartar na gníomhaíochtaí ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach agus tá siad oscailte do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu.
  • tá an mhodheolaíocht atá beartaithe soiléir, leordhóthanach agus indéanta:
    • tá plean oibre an tionscadail soiléir, iomlán agus éifeachtach, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí le haghaidh ullmhú, cur chun feidhme agus comhroinnt torthaí tionscadail;
    • tá an tionscadal costéifeachtach agus leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht leis;
  • cuimsítear leis an tionscadal úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha chun cur lena ngníomhaíochtaí fisiciúla, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta
    • Más infheidhme: a mhéid a bhaintear úsáid leis an tionscadal as ardáin ar líne Erasmus+ (an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile, ina measc EPALE, Tairseach Eorpach na hÓige, an tArdán do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh) mar uirlisí chun gníomhaíochtaí an tionscadail a ullmhú, a chur chun feidhme agus chun obair leantach a dhéanamh orthu.
  • Deartar an tionscadal ar bhealach éiceabhách agus cuimsítear cleachtais ghlasa i gcéimeanna éagsúla de.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • cuimsítear leis an tionscadal meascán iomchuí eagraíochtaí rannpháirteacha ó thaobh próifíle de;
  • tá baint ag nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí chuig an nGníomhaíocht leis an tionscadal;
  • leis an leithdháileadh tascanna atá beartaithe léirítear gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile;
  • cuimsítear leis an togra sásraí éifeachtacha le haghaidh comhar agus cumarsáid idir na heagraíochtaí rannpháirteacha.

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • áirítear i dtogra an tionscadail céimeanna nithiúla agus loighciúla chun torthaí an tionscadail a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta rannpháirtí;
  • tá an acmhainneacht ag an tionscadal dul i gcion ar a rannpháirtithe agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha ar bhealach dearfach, chomh maith leis an bpobal níos leithne;
  • áirítear i dtogra an tionscadail bealach iomchuí chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail;
  • áirítear i dtogra an tionscadail céimeanna nithiúla agus éifeachtacha chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas poiblí a thabhairt don mhaoiniú ón Aontas.

Ní mór do thograí 60 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin iad. Thairis sin, ní mór dóibh leath na bpointí scóir uasta ar a laghad a ghnóthú i ngach catagóir de na critéir dhámhachtana thuasluaite (is é sin, 15 phointe ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’; 10 bpointe le haghaidh na gcatagóirí ‘cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘tionchar’).

I gcásanna ina bhfaigheann dhá iarratas nó níos mó an scór iomlán céanna (cásanna ex aequo), tabharfar tosaíocht do na scóir is airde le haghaidh ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ansin ‘tionchar’.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Cuimsítear leis an tsamhail mhaoinithe atá beartaithe clár de dhá chnapshuim fhéideartha, a chomhfhreagraíonn do mhéid iomlán an deontais le haghaidh an tionscadail. Roghnóidh na hiarratasóirí idir an dá shuim réamhshainithe de réir na ngníomhaíochtaí is mian leo a dhéanamh agus na torthaí is mian leo a bhaint amach:

Méideanna na gcnapshuimeanna aonair:

  • EUR 30 000
  • EUR 60 000

Agus a dtionscadail á bpleanáil acu, beidh ar na heagraíochtaí is iarratasóirí – mar aon lena gcomhpháirtithe tionscadail – méid na cnapshuime aonair a roghnú, arb é an ceann is iomchuí é chun costais a dtionscadal a chumhdach, bunaithe ar a riachtanais agus ar a gcuspóirí. Má roghnaítear an tionscadal le haghaidh maoinithe, ansin beidh méid iarrtha na cnapshuime ina mhéid deontais foriomlán.

Leis na tograí ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a gheallann iarratasóirí a dhéanamh le méid iarrtha na cnapshuime agus ní mór dóibh prionsabail an gheilleagair, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta a chomhlíonadh.

Ba cheart an rogha maidir le méid na cnapshuime atá le hiarraidh a bheith bunaithe ar mheastachán an iarratasóra féin ar chostas foriomlán an tionscadail. Agus iad ag tosú ón meastachán seo, ní mór d’iarratasóirí an méid is fearr a oireann dá gcuid riachtanas a roghnú fad a chinntítear úsáid éifeachtúil na gcistí agus urramú an phrionsabail cómhaoinithe (is é sin, tá coinne leis go gcomhlánófar buiséid tionscadal le foinsí maoinithe eile agus, dá bhrí sin, beidh costas foriomlán measta an tionscadail níos airde ná méid seasta na cnapshuime a iarradh).

I gcás amhrais idir an dá mhéid, is féidir le hiarratasóirí: a) costas an tionscadail a laghdú, mar shampla trí bhealaí níos cost‑éifeachtúla a aimsiú chun torthaí comhchosúla a bhaint amach nó trí líon/scála na ngníomhaíochtaí tionscadail a chur in oiriúint don bhuiséad; b) scála an tionscadail a mhéadú, mar shampla trí iarracht a dhéanamh níos mó rannpháirtithe a bhaint amach lena gcuid gníomhaíochtaí, an líon gníomhaíochtaí a mhéadú nó aschuir bhreise tionscadail a tháirgeadh.

Maidir le leordhóthanacht líon, raon feidhme agus chastacht na ngníomhaíochtaí tionscadail beartaithe i ndáil leis an méid a iarrtar, chomh maith lena n‑ábharthacht i dtaca le cuspóirí an tionscadail, gnéithe tábhachtacha an mheasúnúcháin cáilíochta a bheidh iontu, i gcomhréir leis na critéir dhámhachtana a thuairiscítear thuas.

Ceanglais

Ós rud é gur uirlis atá i gcomhpháirtíochtaí ar scála beag chun nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí a chuimsiú sa chlár agus chun rochtain a thabhairt dóibh air, beidh an leibhéal eolais is gá chun iarratas a dhéanamh ar dheontas faoin ngníomhaíocht seo simplí, agus comhlíontacht le rialacha Rialachán Airgeadais an Aontais á cinntiú san am céanna. Dá bhrí sin, áireofar i dtuairisc an tionscadail an méid seo a leanas:

  • Cuspóirí
  • Gníomhaíochtaí beartaithe
  • Torthaí a bhfuil coinne leo

Ní mór na cuspóirí, na gníomhaíochtaí agus na torthaí atá beartaithe a bheith nasctha go soiléir le chéile agus a bheith curtha in iúl ar bhealach soiléir. Áireofar sna hiarratais amlíne thionscadail ghinearálta leis an dáta a bhfuil coinne leis go gcuirfear na príomhghníomhaíochtaí i gcrích.

Ba cheart d’iarratasóirí eolas leordhóthanach a sholáthar maidir le plean an bhuiséid ionas gur féidir le meastóirí measúnú a dhéanamh ar a iomchuí agus atá gach gníomhaíocht, chomh maith le comhleanúnachas gach gníomhaíochta le cinn eile.

Ní mór liosta a thabhairt i mbuiséad an tionscadail de na gníomhaíochtaí tionscadail atá beartaithe agus ní mór an chuid den deontas a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht a léiriú.

Ceadaítear seirbhísí a chur amach ar fochonradh a fhad nach gcumhdaítear leo príomhghníomhaíochtaí ar a mbraitheann gnóthachtáil chuspóirí na gníomhaíochta go díreach. Sna cásanna sin, ní mór na cúraimí a chuirfear amach ar fochonradh a shainaithint go soiléir agus tuairisc a thabhairt orthu san iarratas..

Íocaíocht an deontais

Is é cur i gcrích na ngníomhaíochtaí uile i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a thuairiscítear san iarratas an coinníoll maidir le híocaíocht iomlán an deontais. I gcás nach gcuirtear gníomhaíocht amháin ná níos mó i gcrích, nach gcuirtear i gcrích ach go páirteach í nó iad nó ina meastar mar ghníomhaíocht mhíshásúil nó mar ghníomhaíochtaí míshásúla iad sa mheasúnú cháilíochta, is féidir go gcuirfear laghduithe iomchuí ar mhéid an deontais i bhfeidhm tráth chéim

na tuarascála deiridh i gcás cur chun feidhme ar droch‑chaighdeán, cur chun feidhme páirteach nó cur chun feidhme déanach toisc nach nglactar le gníomhaíochtaí, nó toisc go laghdaítear an méid foriomlán faoi chéatadán ráta chomhréidh.

Tá measúnú na tuarascála deiridh bunaithe ar thuairiscí mionsonraithe ar gach gníomhaíocht a dhéantar, eolas a léiríonn leibhéal gnóthachtála na gcuspóirí tionscadail a luadh san iarratas, cáilíocht thorthaí an tionscadail a uaslódáladh ar an Ardán le haghaidh Thorthaí na dTionscadal Erasmus+ agus féinmheasúnú ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta.