Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Comhpháirtíochtaí comhair

Cad iad comhpháirtíochtaí comhair?

Leis an ngníomhaíocht seo, cuirtear ar a gcumas d’eagraíochtaí rannpháirteacha taithí a fháil ar an gcomhar idirnáisiúnta agus a n‑inniúlachtaí a neartú, ach táirgí insoláthartha nuálacha ardchaighdeáin a tháirgeadh san am céanna. Ag brath ar cuspóirí an tionscadail, na heagraíochtaí rannpháirteacha lena mbaineann, nó an tionchar a mheastar a bheidh ann, i measc nithe eile, féadfaidh méideanna agus raonta feidhme éagsúla a bheith i gceist le Comhpháirtíochtaí Comhair, agus féadfaidh na Comhpháirtíochtaí a ngníomhaíochtaí a oiriúnú dá réir sin. Beidh an measúnú cáilíochtúil ar na tionscadail sin i gcomhréir le cuspóirí an chomhair agus le cineál na n‑eagraíochtaí lena mbaineann. 

Bunaithe ar an loighic sin, cuirtear dhá chineál comhpháirtíochta ar fáil d’eagraíochtaí le bheith ag obair, ag foghlaim agus ag fás le chéile:

  • Comhpháirtíochtaí Comhair
  • Comhpháirtíochtaí ar scála beag

Cuirtear an dá chineál comhpháirtíochta sin i láthair go mionsonraithe sna leathanaigh a leanas. Cuideoidh an t‑eolas sa dá roinn leat an cineál comhpháirtíochta is fearr a oireann do phróifíl agus do struchtúr d’eagraíochta agus do réimsí tionscadail a roghnú.

Cé na gníomhaíochtaí a bhíonn á ndéanamh le comhpháirtíochtaí comhair de ghnáth?

D’fhéadfadh eagraíochtaí raon leathan gníomhaíochtaí a dhéanamh ar feadh saolré tionscadail de ghnáth. Idir gníomhaíochtaí traidisiúnta agus gníomhaíochtaí níos cruthaithí agus níos nuálaí, bíonn an tsolúbthacht ag eagraíochtaí an meascán is fearr a rannchuideoidh le cuspóirí an tionscadail a roghnú i ndáil lena raon feidhme agus i gcomhréir le hinniúlachtaí na comhpháirtíochta. Mar shampla:

  • Bainistíocht tionscadail: gníomhaíochtaí atá riachtanach chun pleanáil, cur chun feidhme agus obair leantach leordhóthanach na dtionscadal a chinntiú, lena n‑áirítear comhar rianúil éifeachtúil idir comhpháirtithe an tionscadail. Sa chéim seo, cuimsítear go hiondúil le gníomhaíochtaí tascanna eagrúcháin agus riaracháin, cruinnithe fíorúla idir comhpháirtithe, ullmhú ábhar cumarsáide, ullmhú agus obair leantach rannpháirtithe atá páirteach i ngníomhaíochtaí, srl.  
  • Gníomhaíochtaí cur chun feidhme: d’fhéadfaí áireamh iontu imeachtaí líonraithe, cruinnithe, seisiúin oibre chun cleachtais a mhalartú agus torthaí a fhorbairt. D’fhéadfaí a chuimsiú leis na gníomhaíochtaí seo freisin rannpháirtíocht ball foirne agus foghlaimeoirí (ar choinníoll go gcuideodh a rannpháirtíocht le baint amach chuspóirí an tionscadail).
  • Gníomhaíochtaí comhroinnte agus cur chun cinn: eagrú comhdhálacha, seisiún, imeachtaí a bhfuil mar aidhm leo torthaí an tionscadail a chomhroinnt, a mhíniú agus a chur chun cinn, bíodh siad i bhfoirm torthaí inláimhsithe, conclúidí, dea‑chleachtas nó in aon fhoirm eile. 

Rannchuidiú an ghnímh seo maidir le tosaíochtaí beartais a bhaint amach

Ar bhonn bliantúil, leagann an Coimisiún Eorpach tosaíochtaí agus cuspóirí coiteanna amach atá lena saothrú ar leibhéal Chlár Erasmus+ i réimsí éagsúla an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Dá bhrí sin, cé is moite d’inniúlachtaí eagraíochtaí atá páirteach sa tionscadal a fhorbairt is é is aidhm do chomhpháirtíochtaí comhair rannchuidiú lena dtorthaí le baint amach na dtosaíochtaí.

Dá bhrí sin, iarrtar ar thionscadail an obair a chumadh i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí sin agus iad a roghnú ag céim an iarratais. Agus tograí tionscadail á gceapadh, moltar freisin dul i gcomhairle leis na torthaí a fuarthas i dtionscadail a cistíodh roimhe sin bunaithe ar thosaíochtaí comhchosúla, chun an chomhsheasmhacht a chinntiú agus dúbailtí a sheachaint, mar aon le cur de réir a chéile le torthaí atá ann cheana agus rannchuidiú le forbairt chomhpháirteach na réimsí éagsúla. Tá eolas úsáideach maidir le tionscadail arna maoiniú le fáil ar an Ardán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+: https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/projects_en .

Ina theannta sin, chun nasc níos fearr a dhéanamh idir tosaíochtaí Eorpacha agus riachtanais shonracha ar an leibhéal náisiúnta, is féidir le Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ ceann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí Eorpacha sin a shainaithint mar thosaíocht nó tosaíochtaí ábhartha go háirithe ina gcomhthéacs náisiúnta, chun eagraíochtaí a spreagadh lena rannchuidiú sna réimsí roghnaithe sin a dhíriú ar bhliain ar leith.

In 2024, ní mór do Chomhpháirtíochtaí Comhair dul i ngleic le ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta seo a leanas:

Tosaíochtaí ag a bhfuil feidhm maidir leis na hearnálacha Erasmus+ uile

An cuimsiú agus an éagsúlacht i ngach réimse oideachais, oiliúna, óige agus spóirt: leis an gClár tacófar le tionscadail lena gcuirtear an cuimsiú sóisialta chun cinn agus arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfor‑rochtain ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine ag a bhfuil cúlra imirceach, chomh maith le daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta ar nós na réigiún is forimeallaí, daoine a chaithfidh dul i ngleic le neamhionannas inscne, a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha acu nó aon fhoinse fhéideartha neamh‑idirdhealaithe eile bunaithe ar ghnéis, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis. Beidh na tionscadail sin ina gcuidiú le haghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar na grúpaí sin chun deiseanna a thairgtear leis an gclár a rochtain, chomh maith le rannchuidiú le timpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú a chothaíonn cothroime agus cothromas, agus atá freagrúil do riachtanais an phobail i gcoitinne. Faoin tosaíocht seo, tacóidh an Clár le tionscadail trína gcuirtear gníomhaíochtaí oideachasúla chun cinn agus trína n‑éascaítear lánpháirtiú na ndaoine a theitheann ón gcogadh san Úcráin ina dtimpeallachtaí foghlama nua.

An comhshaol agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide: is é is aidhm don Chlár tacú le feasacht a ardú faoin gclaochlú glas, faoi dhúshláin chomhshaoil agus athraithe aeráide ar fud na n‑earnálacha uile. Tabharfar tosaíocht do thionscadail arb é is aidhm dóibh inniúlachtaí a fhorbairt in earnálacha inbhuanaitheachta éagsúla, scileanna, straitéisí agus modheolaíochtaí earnála glasa a fhorbairt chomh maith le curaclaim atá dírithe ar an todhchaí agus lena bhfreastalaítear ar bhealach níos fearr ar riachtanais daoine aonair. Leis an gClár tacófar freisin le tástáil cleachtas nuálach chun foghlaimeoirí, baill foirne agus oibrithe óige a ullmhú le bheith ina bhfíorghníomhairí athraithe (acmhainní a shábháil, úsáid fuinnimh agus dramhaíola a laghdú, astaíochtaí an loirg carbóin a chúiteamh, roghanna bia agus soghluaisteachta inbhuanaithe, srl. a thoghadh, mar shampla). Ina theannta sin, tabharfar tosaíocht do thionscadail lenar féidir – trí ghníomhaíochtaí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt – athruithe iompraíochta a dhéanamh le haghaidh roghanna aonair, nósanna tomhaltais agus stíleanna maireachtála i gcomhréir leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua1 ; inniúlachtaí inbhuanaitheachta oideoirí agus ceannairí oideachais a fhorbairt agus tacú le cineálacha cur chuige pleanáilte na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha maidir leis an inbhuaine comhshaoil.

Aghaidh a thabhairt ar chlaochlú digiteach trí ullmhacht dhigiteach, athléimneacht agus inniúlacht a fhorbairt: Leis an gclár, tacófar leis na pleananna claochlaithe dhigitigh de chuid institiúidí bunoideachais, meánoideachais, gairmoideachais agus gairmoiliúna, ardoideachais, agus institiúidí oideachais aosaigh. Tabharfar tosaíocht do thionscadail arb é is aidhm dóibh inniúlacht agus ullmhacht institiúidí a mhéadú chun bainistíocht a dhéanamh ar athrú éifeachtach i dtreo an oideachais dhigitigh. Beidh an clár ina thaca le húsáid fhiúntach teicneolaíochtaí digiteacha i réimse an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt le haghaidh teagaisc, foghlama, measúnaithe agus rannpháirtíochta. Áirítear leis sin forbairt oideolaíochta agus saineolais dhigitigh in úsáid uirlisí digiteacha le haghaidh múinteoirí, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí inrochtana agus cúnta agus cruthú agus úsáid nuálach inneachair oideachais dhigitigh. Mar an gcéanna, áirítear leis sin forbairt scileanna digiteacha agus inniúlachtaí an phobail uile trí chláir agus tionscnaimh iomchuí. Tabharfar aird ar leith ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn agus ar aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí i ndáil leis an rochtain agus leis an úsáid ag grúpaí tearcionadaithe. Leis an gclár tabharfar tacaíocht bhreise d’úsáid na gcreataí Eorpacha maidir le hinniúlachtaí digiteacha oideoirí, saoránach agus eagraíochtaí.

Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht: Leis an gclár tacófar leis an tsaoránacht ghníomhach agus leis an eitic san fhoghlaim ar feadh an tsaoil; cothófar forbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha leis chomh maith le forbairt na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Tabharfar tosaíocht freisin do thionscadail lena dtairgtear deiseanna do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh comhpháirteachas saoránach agus sóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó seachfhoirmiúla, amhail gníomhaíochtaí trína músclaítear feasacht maidir le rannpháirtíocht i dtoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa, agus trína gcuirtear an rannpháirtíocht sin chun cinn. Díreofar freisin ar fheasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus ar an tuiscint ar an gcomhthéacs sin a mhéadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le luachanna coiteanna an Aontais, prionsabail na haontachta agus na héagsúlachta, chomh maith lena bhféiniúlacht chultúrtha, lena bhfeasacht chultúrtha agus lena n‑oidhreacht shóisialta agus stairiúil.

I dteannta na dtosaíochtaí ginearálta a luaitear thuas, saothrófar na tosaíochtaí sonracha seo a leanas sna hearnálacha faoi leith.

Tosaíochtaí earnáilsonracha

I réimse an ardoideachais:

Tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí atá ríthábhachtach chun cuspóirí an Limistéar Eorpaigh Oideachais a bhaint amach. Is é is aidhm dó sin tacú le hearnáil an ardoideachais chun bheith níos idirnasctha, níos nuálaí, níos cuimsithí agus níos digití fós. Chun na críche sin, leis an gclár spreagfar comhar i bhfad níos doimhne agus níos idirdhisciplíní idir institiúid ardoideachais, agus lena n‑éiceachórais nuálacha máguaird chomh maith leis sin, agus neartú na nasc idir an t‑oideachais, an taighde agus an nuálaíocht. Díreofar go háirithe ar an gcuimsiú, an tsoghluaisteacht, an digitiú, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, an dearbhú cáilíochta agus an t‑aitheantas uathoibríoch a neartú. Is é an cuspóir foluiteach atá ann dlús a chur leis an gclaochlú ardoideachais ar fud na hEorpa, chun oiliúint a chur ar na glúnta amach romhainn eolas a chomhchruthú le haghaidh sochaí athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe.

Córais ardoideachais idirnasctha a chur chun cinn: is é is aidhm don chlár an comhar straitéiseach agus struchtúrtha a neartú idir institiúidí ardoideachais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: a) tacaíocht a thabhairt do chineálacha éagsúla samhlacha comhair a fhorbairt agus a thástáil, lena n‑áirítear an comhar fíorúil agus cumaisc agus úsáid uirlisí digiteacha agus ardáin éagsúla ar líne; b) feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht trí aitheantas frithpháirteach uathoibríoch ar cháilíochtaí agus torthaí foghlama a chur chun feidhme, agus tríd an tsoghluaisteacht a leabú i gcuraclaim; c) tacaíocht a thabhairt d’institiúidí ardoideachais prionsabail Bologna a chur chun feidhme, lena gcuimsítear luachanna bunúsacha acadúla a chur chun cinn chomh maith leis na caighdeáin agus treoirlínte le haghaidh dearbhú cáilíochta agus uirlisí chun soghluaisteacht do chách a chur chun feidhme; d) tacaíocht d’institiúidí ardoideachais, le comhar láidir le hionadaithe Ballstát chun comhar nuálach agus gníomhaíochtaí nuálacha a thriail ar bhonn píolótach; e) tacaíocht do chur chun feidhme Erasmus gan Pháipéar, lena seolfar Aitheantóir Eorpach Mic Léinn agus Cárta Mic Léinn Eorpach.

Cleachtais foghlama agus teagaisc nuálacha a spreagadh: chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus nuálaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn trí thacú leis an méid seo a leanas: a) forbairt curaclam atá dírithe ar thorthaí foghlama agus ar an mac léinn lena bhfreastalaítear ar bhealach níos fearr ar riachtanais foghlama mac léinn agus lena laghdaítear mímheaitseálacha scileanna, chomh maith le cur chun cinn fiontraíochta, agus iad ábhartha freisin le haghaidh an mhargaidh saothair agus na sochaí i gcoitinne san am céanna, mar shampla cuireadh a thabhairt do bhaill foirne ó fhiontair agus saol na hoibre nó curaclaim a chomhdhearadh leis an tionscal, FBManna san áireamh; b) forbairt, tástáil agus cur chun feidhme conairí foghlama solúbtha agus dearaidh cúrsa mhodúlaigh (de chineál páirtaimseartha, ar líne, nó cumaisc) agus foirmeacha iomchuí measúnaithe, lena n‑áirítear forbairt measúnaithe ar líne; c) éirim na foghlama ar feadh an tsaoil i leith an ardoideachais a chur chun cinn, trí na féidearthachtaí do ghlacadh, bailíochtú agus aithint cúrsaí foghlama gearra as a bhfaighfear micridhintiúir a fhiosrú; d) cur chun feidhme cineálacha cur chuige trasdisciplíneacha agus oideolaíochta nuálacha amhail an fhoghlaim inbhéartaithe, an fhoghlaim idirnáisiúnta chomhoibríoch ar líne, an fhoghlaim thaighdebhunaithe agus dianchláir chumaisc, a thacaíonn le sealbhú na scileanna réamhbhreathnaitheacha inaistrithe agus an fhiontraíocht trí chur chuige bunaithe ar dhúshláin;

Cur Chuige ETEIM a fhorbairt san ardoideachas, agus rannpháirtíocht na mban in ETIM a chothú: Leis an tosaíocht seo tacaítear le forbairt agus cur chun feidhme curaclam ardoideachais ETIM atá oiriúnach don fheidhm, de réir cur chuige ETEIM; rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn i réimsí staidéir ETIM agus go háirithe san innealtóireacht, TFC agus ardscileanna digiteacha; forbairt clár treoraíochta agus meantóireachta le haghaidh mic léinn, go háirithe cailíní agus mná, chun réimsí staidéir agus gairmeacha ETIM agus TFC a shaothrú; cleachtais oideachais agus oiliúna inscne‑íogaire a chothú in oideachas ETIM; deireadh a chur le steiréitíopaí inscne in ETIM;

Barr feabhais i réimse na foghlama, an teagaisc agus na forbartha scileanna a aithint, trí a) straitéisí agus cultúr cáilíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun luach saothair agus spreagadh a thabhairt do bharr feabhais sa teagasc, mar shampla an teagasc ar líne, agus an teagasc le haghaidh foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu, an fhoghlaim agus an teagasc dírithe ar an mac léinn san ardoideachas, chomh maith le tacaíocht do ghairmeacha solúbtha tarraingteacha acadúla, meas a thabhairt ar ghníomhaíochtaí teagaisc, taighde, fiontraíochta, bainistíochta agus ceannaireachta; b) oiliúint a chur ar acadóirí in oideolaíochtaí nua agus nuálacha, mar shampla, an teagasc i dtimpeallachtaí ar líne nó timpeallachtaí cumaisc, cineálacha cur chuige trasdisciplíneacha, modhanna nua ó thaobh dhearadh, sheachadadh agus mheasúnú an churaclaim ag nascadh an oideachais le taighde agus nuálaíocht i gcás inarb ábhartha, c) cleachtais nua maidir le dearadh teagaisc, bunaithe ar thaighde agus cruthaitheacht oideachais.

Tacú le cumais dhigiteacha agus ghlasa na hearnála ardoideachais; le tacaíocht do a) chlaochlú digiteach institiúidí ardoideachais (idir‑inoibritheacht san áireamh) agus digitiú soghluaisteachta mac léinn nasctha le tionscnamh na gCártaí Mic Léinn Eorpacha, b) forbairt scileanna digiteacha mac léinn agus ball foirne, agus c) bunachair sonraí rianaithe céimithe. Maidir leis an gclaochlú glas, tacóidh an clár le a) cur chuige a chuimsíonn an institiúid ar fad, b) cur chuige trasdisciplíneach chomh maith le cúlra láidir disciplíneach agus foghlaim ar feadh an tsaoil, micridhintiúir san áireamh, c) forbairt curaclaim i gcomhréir leis na scileanna glasa is gá, d) tacú le comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir mic léinn, acadóirí, ollscoileanna, fostaithe, pobail agus páirtithe leasmhara maidir le dúshláin i ndáil leis an aeráid chun fíor‑cheannródaithe aeráide a chruthú san ardoideachas.

Córais ardoideachais chuimsitheacha a thógáil: Leis an gclár, cothófar cineálacha cur chuige cuimsitheacha le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair amhail a) tacaíocht d’oideachas mac léinn agus ball foirne ar dídeanaithe iad, agus tacaíocht d’institiúidí agus do bhaill foirne na dtíortha óstacha chun é sin a dhéanamh, b) rochtain, rannpháirtíocht agus rátaí críochnaithe níos mó de dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, grúpaí nach ndéantar leor‑ionadaíocht orthu san áireamh, le spriocanna cainníochtúla deonacha a fhorbairt; c) tacaíocht ghníomhach do rannpháirtithe soghluaiste isteach le linn an phróisis a bhaineann le lóistín a aimsiú, lena n‑áirítear trí dhul i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun tithíocht iomchuí agus inacmhainne a sholáthar; d) tacaíocht do mheabhairshláinte mac léinn agus acadóirí; e) an chothromaíocht inscne a chothú in institiúidí ardoideachais, thar réimsí staidéir agus i bpoist cheannaireachta; f) rannpháirtíocht saoránach a chothú tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus gníomhaíochtaí seach‑churaclaim a chur chun cinn agus aitheantas a thabhairt d’obair dheonach agus phobail i dtorthaí acadúla mac léinn.

Tacú le scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta mac léinn: Cuirfidh an clár tacaíocht ar fáil i gcomhair nuálaíocht agus fiontraíocht san ardoideachas, mar shampla le a) tacaíocht do bhunú agus d’fheidhmiú saotharlann beo agus gorlann in institiúidí ardoideachais, i ndlúthchomhar leis an earnáil fiontraíochta agus gníomhaithe ábhartha eile, chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc nuálach agus chun cabhrú le fiontraithe mac léinn a gcuid smaointe a fhorbairt chun gnólachtaí a thosú, b) tacaíocht do chomhpháirtíochtaí foghlama agus teagaisc le heagraíochtaí tráchtála agus neamhthráchtála san earnáil phríobháideach a chothaíonn teagmháil na mac léinn leis an nuálaíocht agus leis an bhfiontraíocht.

Ag tacú le hinstitiúidí Ardoideachais ina gcomhar le contrapháirteanna na hÚcráine chun freagairt don chogadh san Úcráin: Beidh sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht sin tacú leis an Úcráin a chóras ardoideachais a athmhúnlú agus a atógáil, trí chomhar le hinstitiúidí ardoideachais san Eoraip, maidir le, cáilíocht agus ábharthacht an teagaisc agus na foghlama a bhfuil rochtain ag raon leathan foghlaimeoirí, i measc nithe eile; cuir chuige oideolaíocha nuálacha; cuir chuige atá dírithe ar mhic léinn, bunaithe ar dhúshláin agus idirdhisciplíneach; scileanna digiteacha agus glasa; cleachtais foghlama ar feadh an tsaoil; córas cáilíochtaí; cleachtais éifeachtacha bainistithe; cosaint luachanna acadúla; comhar leis an éiceachóras nuálaíochta gníomhaíochtaí agus cláir chomhpháirteacha oideachais a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

I réimse an oideachais scoile:

Dul i ngleic le míbhuntáiste foghlama, luathfhágáil na scoile agus inniúlacht íseal i mbunscileanna: Is é is aidhm don tosaíocht seo cuidiú le féidearthacht ratha a thabhairt do gach foghlaim, go háirithe iad sin a bhfuil níos lú deiseanna acu. Áirítear leis an tosaíocht monatóireacht, sainaitheantas luath daltaí i mbaol, cineálacha cur chuige coisctheacha agus luatha le haghaidh foghlaimeoirí ag a bhfuil deacrachtaí, cur chun cinn cineálacha cur chuige atá níos dírithe ar an bhfoghlaimeoir, cur chun cinn folláine agus meabhairshláinte le haghaidh foghlaimeoirí agus múinteoirí, chomh maith le cosaint ar bhulaíocht ar scoil. Ar leibhéal na scoileanna, leis an tosaíocht seo tacaítear le cineálacha cur chuige iomlánaíocha i leith an teagaisc agus na foghlama agus an chomhair i measc na ngníomhaithe uile laistigh de scoileanna, agus le teaghlaigh agus páirtithe leasmhara seachtracha eile chomh maith leis sin. Ar deireadh, ar an leibhéal straitéiseach, táthar ag díriú ar fheabhas a chur ar aistrithe idir céimeanna éagsúla den oideachas, feabhas a chur ar mheastóireacht agus córais dearbhaithe cáilíochta láidre a fhorbairt.

Tacú le múinteoirí, ceannairí scoile agus gairmeacha teagaisc eile: Leis an tosaíocht seo tacaítear le cleachtóirí i ngairmeacha múinteoirí (lena n‑áirítear oideoirí múinteoirí) trí na céimeanna uile dá ngairm. Le tionscadail faoin tosaíocht seo is féidir díriú ar oideachas tosaigh múinteoirí a fheabhsú, chomh maith lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcreat beartais agus deiseanna nithiúla le haghaidh soghluaisteacht múinteoirí. Is é an dara gné a ndírítear uirthi ná féachaint chuige go mbeidh gairmeacha teagaisc níos tarraingtí agus níos éagsúla, agus roghnú, earcú agus meastóireacht le haghaidh gairmeacha teagaisc a neartú. Ar deireadh, le tionscadail is féidir tacú go díreach freisin le ceannaireacht scoile agus modhanna teagaisc agus measúnaithe nuálacha níos láidre a fhorbairt.

Príomhinniúlachtaí a fhorbairt: Le tionscadail faoin tosaíocht seo díreofar ar an gcomhar traschuraclaim a chur chun cinn, cineálacha cur chuige nuálacha a úsáid, an chruthaitheacht a fhorbairt, tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí le linn teagasc inniúlachtbhunaithe a sholáthar agus forbairt measúnuithe agus bailíochtú príomhinniúlachtaí.

Cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn i leith teagasc agus foghlaim teangacha: Áirítear leis an tosaíocht sin tionscadail lena n‑oibrítear ar thacú le lánpháirtiú na héirime teanga ar fud na gcuraclam agus ar a chinntiú go mbainfidh foghlaimeoirí leibhéil inniúlachta teanga leordhóthanacha amach faoi dheireadh an oideachais éigeantaigh. Tá príomhshruthú na húsáide a bhaintear as teicneolaíochtaí nua le haghaidh foghlaim teangacha mar chuid de na hiarrachtaí faoin tosaíocht seo freisin. Ar deireadh, leis an tosaíocht tacaítear le tionscadail lenar féidir cuidiú le scoileanna atá feasacht ar theangacha a chruthú agus lena dtógtar ar an éagsúlacht teanga mhéadaitheach i scoileanna, mar shampla trí fhoghlaim agus feasacht teangacha luath a spreagadh agus roghanna teagaisc dátheangacha a fhorbairt (go háirithe i réigiúin teorann agus i gceantair ina n‑úsáideann na háitritheoirí níos mó ná teanga amháin).

Cur chun cinn spéise agus barr feabhais i gcur chuige na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) agus i gcur chuige ETEIM, agus spéis cailíní in ETIM a chothú: Leis an tosaíocht seo tacaítear le tionscadail lena gcuirtear cur chuige ETIM chun cinn i leith an oideachais tríd an teagasc idirdhisciplíneach i gcomhthéacsanna cultúrtha, comhshaoil, eacnamaíocha, dearaidh agus i gcomhthéacsanna eile, agus ag cur spéis na gcailíní in ábhair ETIM chun cinn go háirithe. Áirítear leis an tosaíocht forbairt agus cur chun cinn oideolaíochtaí agus modhanna measúnaithe éifeachtacha agus nuálacha. Sa chomhthéacs seo, tá luach ar leith le comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir scoileanna, gnólachtaí, institiúidí ardoideachais, institiúidí taighde agus an tsochaí i gcoitinne. Ar an leibhéal straitéiseach, fónann an tosaíocht chun forbairt straitéisí ETIM náisiúnta a chur chun cinn.

Córais oideachas agus chúram na luath‑óige ardcháilíochta a fhorbairt: Leis an tosaíocht seo dírítear ar chur chun cinn chur chun feidhme chreat cáilíochta an Aontais maidir le cúram agus oideachas na luath‑óige a ghabhann leis an Moladh ón gComhairle, 2019, maidir le hoideachas agus cúram na luath‑óige ardcháilíochta2 . Áirítear inti tionscadail lena soláthraítear tacaíocht le haghaidh fhorbairt ghairmiúil tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach na mball foirne atá páirteach in oideachas agus cúram na luath‑óige a eagrú, a threorú agus a sholáthar. Ina theannta sin, leis an tosaíocht tacaítear freisin le straitéisí agus cleachtais a chruthú, a thástáil agus a chur chun feidhme chun rannpháirtíocht gach linbh in oideachas agus cúram na luath‑óige a chothú, lena n‑áirítear leanaí ar lú na deiseanna atá acu.

Aitheantas ar thorthaí foghlama le haghaidh rannpháirtithe sa tsoghluaisteacht foghlama trasteorann: Is é is aidhm don tosaíocht seo cuidiú leis an Moladh ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur i bhfeidhm. Tá sí ina taca le malartuithe ranga trasteorann i gcláir scoile a leabú, inniúlacht scoileanna a fhothú chun tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a eagrú dá ndaltaí, agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a chruthú idir scoileanna i dtíortha éagsúla. Ar an leibhéal straitéiseach, is é is aidhm don tosaíocht seo rannpháirtíocht níos láidre ó údaráis scoile a chinntiú ar gach leibhéal d’fhonn aitheantas a chinntiú, agus tá sí ina taca le forbairt agus comhroinnt uirlisí agus cleachtas chun tréimhsí ar an gcoigríoch a ullmhú, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a aithint.

Tacú le nuálaithe ar scoil: I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna3 , is é is aidhm don tosaíocht sin daoine mór le rá ó ghnólachtaí nuathionscanta a thabhairt isteach ionas go mbeidís in ann a bheith ina n‑ambasadóirí agus meantóirí chun daoine óga a spreagadh agus chun iarraidh orthu smaointe agus réitigh nua a fhorbairt.

Ag tacú le freagairt chórais oideachais agus oiliúna na hEorpa don chogadh san Úcráin: Tacaíonn an tosaíocht seo le tionscadail arb é is aidhm dóibh cuir chuige chuimsitheacha oideolaíocha agus cleachtais chuimsitheacha obairbhunaithe a chur chun feidhme, a roinnt agus a chur chun cinn lena ndírítear ar dhaltaí agus ar bhaill foirne atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Le tionscadail faoin tosaíocht seo ba cheart cur le caighdeáin ardcháilíochta agus le taithí shubstaintiúil i gcomhtháthú nuatheachtaithe i dtimpeallachtaí foghlama agus oiliúna. Is féidir leo díriú ar shaoráidí teanga a chur ar fáil, taighde a chur i bhfeidhm agus a leathnú, malartú le hinstitiúidí na hÚcráine, iniúchadh a dhéanamh ar dhea-chleachtais lena dtacaítear le folláine shíceasóisialta na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne atá ag teitheadh ón gcogadh, etc.

I réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (de chineál tosaigh agus leanúnach araon):

Gairmoideachas agus gairmoiliúint a oiriúnú do riachtanais an mhargaidh saothair: Áirítear leis sin tacú le forbairt clár gairmoideachais agus gairmoiliúna lena dtairgtear meascán comhardaithe de scileanna gairme agus lena gcruthaítear deiseanna foghlama obairbhunaithe atá ailínithe go maith do gach timthriall eacnamaíoch, post athraitheach agus modh oibre agus príomhinniúlacht. Leis an tosaíocht seo cothaítear freisin forbairt curaclam gairmoideachais agus gairmoiliúna, tairiscintí cláir agus cáilíochtaí a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta, ag tógáil ar fhaisnéis scileanna. Le tionscadail tacófar le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a dtairiscint oiliúna a oiriúnú do riachtanais scileanna athraitheacha, aistrithe glasa agus digiteacha agus timthriallta eacnamaíocha.

Solúbthacht deiseanna sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a mhéadú: Leis an tosaíocht seo tacaítear le tionscnaimh lena bhforbraítear cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna atá solúbtha agus dírithe ar an bhfoghlaimeoir, agus lena rannchuidítear le bearnaí atá ann cheana a dhruidim sa rochtain ar oiliúint do dhaoine fásta in aois oibre chun bainistíocht rathúil a dhéanamh ar aistrithe sa mhargadh saothair. Le tionscadail faoin tosaíocht seo rannchuidítear freisin le forbairt clár gairmoiliúna leanúnaí atá deartha chun bheith inoiriúnaithe don mhargadh saothair, chomh maith le cláir lena n‑éascaítear aistriú, aithint agus carnadh torthaí foghlama as a dtagann cáilíochtaí náisiúnta.

Rannchuidiú leis an nuálaíocht sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint: Leis an tosaíocht seo tacaítear le tionscadail arb é is príomhaidhm dóibh athrú substaintiúil a dhéanamh ar an mbealach ina ndéantar an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a chleachtadh, rud a fhágann go bhfuil siad níos ábhartha do riachtanais todhchaí an gheilleagair agus na sochaí. Is féidir leis na hathruithe sin a bheith eagraíochtúil (pleanáil, maoiniú, bainistíocht acmhainní daonna, monatóireacht agus cumarsáid). Leis na hathruithe sin is féidir aghaidh a thabhairt freisin ar phróisis teagaisc agus foghlama trí chineálacha cur chuige nua agus níos ábhartha a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Is féidir go mbeidh baint ag na hathruithe sin le héiceachóras na soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus leis an mbealach a dtéann siad i mbun plé le comhpháirtithe, mar shampla trí scaipeadh na teicneolaíochta agus taighde feidhmeach, abhcóideacht, líonrú agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe. Is féidir leo díriú ar fhorbairt agus soláthar táirgí agus seirbhísí gairmoideachais agus gairmoiliúna freisin (mar shampla forbairt scileanna, taighde feidhmeach, agus comhairleacht) do ghníomhaithe seachtracha amhail mic léinn, cuideachtaí agus rialtais.

Tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú: Tabharfar tosaíocht do thionscadail lena rannchuidítear le tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú ar leibhéil éagsúla. I measc na samplaí de na nithe sin áirítear tionscadail lena n‑oibrítear i dtreo tréscaoilteacht níos mó idir leibhéil oideachasúla éagsúla, lena gcothaítear timpeallachtaí foghlama oscailte agus rannpháirteacha, lena dtacaítear le forbairt ghairmiúil múinteoirí agus oiliúnóirí gairmoideachais agus gairmoiliúna, nó lena n‑éascaítear aithint torthaí foghlama agus úsáid Europass agus seirbhísí digiteacha eile. Leis an tosaíocht seo tacaítear le tionscadail freisin lena bhforbraítear comhpháirtíochtaí fadtéarmacha chun comórtais scileanna idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus earnála a bhunú nó a threisiú. Is féidir tionchar na ngníomhaíochtaí sin a bharrfheabhsú trí dhlúthobair a dhéanamh le gnólachtaí, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, comhlachais tráchtála agus páirtithe leasmhara ábhartha eile feadh chéimeanna éagsúla thimthriall an tionscadail.

Feabhas a chur ar an dearbhú cáilíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint: Leis an tosaíocht seo dírítear ar cháilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a thomhas agus ar fheabhas a chur uirthi trí chórais dearbhaithe cáilíochta náisiúnta a fhorbairt, le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna tosaigh agus leanúnaí araon, sna timpeallachtaí foghlama uile agus sna formáidí foghlama uile, atá soláthartha ag soláthraithe poiblí agus príobháideacha araon. Go sonrach, áirítear leis sin socruithe rianaithe céimithe a chur ar bun agus a thástáil i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le céimnithe a rianú, agus an Moladh maidir leis an gCreat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta le haghaidh an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna (EQAVET)4 , chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar chroíphróifílí gairme an Aontais, agus micridhintiúir.

Cruthú agus cur chun feidhme straitéisí idirnáisiúnaithe le haghaidh soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna: Is é is aidhm don tosaíocht seo sásraí tacaíochta agus creataí conarthacha a chur i bhfeidhm chun soghluaisteacht ardcháilíochta bhaill foirne agus fhoghlaimeoirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chur chun cinn. Ar na gnéithe a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo, tá aitheantas frithpháirteach uathoibríoch cáilíochtaí agus torthaí foghlama, chomh maith le seirbhísí tacaíochta mic léinn a fhorbairt le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí. Ar na seirbhísí sin is féidir go bhfuil eolas a thabhairt ar lánpháirtiú sóisialta foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna sa tír óstach agus ar an méid sin a spreagadh, a ullmhú agus a éascú, chomh maith le feabhas a chur ar a bhfeasacht idirchultúrtha agus ar an tsaoránacht ghníomhach.

Ag tacú le freagairt chórais oideachais agus oiliúna na hEorpa don chogadh san Úcráin: Tacaíonn an tosaíocht sin le tionscadail arb é is aidhm dóibh cuir chuige chuimsitheacha oideolaíocha agus cleachtais foghlama obairbhunaithe a chur chun feidhme, a roinnt agus a chur chun cinn, lena n‑áirítear printíseachtaí, lena ndírítear ar fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ar bhaill foirne atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Le tionscadail faoin tosaíocht seo ba cheart cur le caighdeáin ardcháilíochta agus le taithí shubstaintiúil i gcomhtháthú nuatheachtaithe i dtimpeallachtaí foghlama agus oiliúna. Is féidir leo díriú ar oiliúint teanga, comhtháthú foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, lena n‑áirítear i scéimeanna foghlama agus printíseachta obairbhunaithe (le tacaíocht, a mhéid is féidir, ó mhúinteoirí agus oiliúnóirí Úcránacha ag teitheadh ón gcogadh), próisis aitheantais scileanna agus cáilíochtaí, le hinstitiúidí Úcránacha, cleachtais lena dtacaítear le folláine shíceasóisialta na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne atá ag teitheadh ón gcogadh, etc.

I réimse an oideachais aosaigh:

Glacadh a mhéadú agus ionchuimsitheacht agus inrochtaineacht an oideachais aosaigh a fheabhsú: Tabharfar tosaíocht do thionscadail lena gcumhachtaítear daoine fásta agus lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a bheith páirteach san oiliúint chun bearnaí maidir le scileanna agus easnaimh sa mhargadh saothair a laghdú chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim a chur chun cinn agus a éascú. Go sonrach, tionscadail a fhorbraíonn cuntais foghlama agus creata cumasaithe aonair (deiseanna bailíochtúcháin agus treoraíochta agus straitéisí spreagtha éifeachtacha san áireamh).

Feabhas a chur ar infhaighteacht deiseanna foghlama ardcháilíochta solúbtha aitheanta le haghaidh daoine fásta: Leis an tosaíocht seo soláthraítear tacaíocht le haghaidh cruthú agus forbairt tairiscintí foghlama solúbtha atá oiriúnaithe do riachtanais foghlama daoine fásta, mar shampla trí dheiseanna foghlama digiteacha agus cumaisc a fhorbairt. Tugtar tosaíocht freisin do thionscadail lena n‑oibrítear ar bhailíochtú na scileanna a dheimhnítear le micridhintiúir nó a fuarthas tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil.

Ionaid foghlama áitiúla agus spásanna nuálacha foghlama a chur chun cinn: Is é is aidhm don tosaíocht seo tacú le timpeallachtaí foghlama áitiúla, an cuimsiú sóisialta, an rannpháirtíocht saoránach agus an daonlathas a chur chun cinn, agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil agus i ngach gné den saol a mhealladh agus a thairiscint do gach duine sa phobal, agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha freisin, chomh maith le bearta le haghaidh for‑rochtana agus rannpháirteachas foghlaimeoirí. Le tionscadail mar shampla, d’fhéadfaí lárionaid foghlama áitiúla, leabharlanna, iarsmalanna, príosún, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne (eagraíochtaí neamhrialtasacha, san earnáil sláinte agus cultúir, srl.) a spreagadh chun oibriú le chéile chun daoine fásta de gach aois a spreagadh agus a chumasú chun na scileanna saoil agus na príomhinniúlachtaí is gá a fhoghlaim chun bheith athléimneach agus inoiriúnaithe roimh athrú agus éiginnteacht.

Conairí uas‑scilithe agus athscilithe a chruthú: Is é is aidhm don tosaíocht seo deiseanna oideachais aosaigh nua a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh daoine fásta ag a bhfuil leibhéal íseal scileanna, eolais agus inniúlachtaí. Le cruthú conairí uas‑scilithe nua ba cheart a cheadú d’fhoghlaimeoirí fásta a bpríomhinniúlachtaí a fheabhsú agus dul i dtreo cáilíochtaí níos airde. Ar an obair chomhlántach a chumhdaítear faoin tosaíocht seo tá treoraíocht a fhorbairt mar sheirbhís chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine fásta ar fhoghlaim ábhartha ar feadh an tsaoil, feabhas a chur ar scileanna sainaitheantais agus scagtha, tairiscintí foghlama saincheaptha a dhearadh, agus straitéisí for‑rochtana, treoraíochta agus spreagtha éifeachtacha a fhorbairt.

Feabhas a chur ar inniúlachtaí oideoirí agus ball foirne eile san fhoghlaim aosach: Tugtar tosaíocht go háirithe do thionscadail lena bhforbraítear inniúlachtaí ball foirne as a dtagann feabhsuithe foriomlána le linn an t‑oideachas aosach a sholáthar, i gcomhréir leis na claochluithe glasa agus digiteacha. Tugtar tosaíocht, go háirithe, do thionscadail trína dtacaítear le hoideoirí, foirne ceannaireachta san áireamh, chun teagasc a dhéanamh agus a bheith ag gníomhú ar son na hinbhuanaitheachta agus chun inniúlachtaí digiteacha oideoirí a fhorbairt, mar shampla, trí Chúrsaí Oiliúna a bhaineann le Deiseanna Digiteacha agus trí mhodhanna agus uirlisí teagaisc a fheabhsú le húsáid éifeachtach réiteach nuálach agus teicneolaíochtaí digiteacha. Tabharfar tosaíocht do thionscadail a dhíríonn ar fhorbairt scileanna chun riachtanais foghlama aonair a aithint agus freagairt dóibh, mar shampla, conairí saincheaptha a dhearadh nó pleananna a chur in oiriúint do chúlra nó cúinsí foghlaimeora, measúnú ar an réamheolas agus na scileanna atá ag foghlaimeoirí fásta, modhanna teagaisc níos fearr agus níos nuálaí, chomh maith le neartú a dhéanamh ar an ról tacaíochta a bhíonn ag baill foirne oideachais aosaigh chun foghlaimeoirí a spreagadh, a threorú agus a chomhairliú maidir le staideanna foghlama dúshlánacha.

Deiseanna foghlama a chruthú agus a chur chun cinn i measc na saoránach agus na nglún uile: Tugtar tosaíocht do thionscadail lena gcruthaítear agus lena gcuirtear chun cinn an fhoghlaim ó ghlúin go glúin, mar shampla, deiseanna foghlama agus malartuithe taithí i measc na n‑aoisghrúpaí go léir, seanóirí san áireamh, d’fhonn tuiscint níos fearr ar an Aontas Eorpach agus a luachanna a fhorbairt agus féiniúlacht Eorpach a neartú.

Feabhas a chur ar an dearbhú cáilíochta i ndeiseanna foghlama do dhaoine fásta: Leis an tosaíocht seo tacaítear le sásraí dearbhaithe cáilíochta níos fearr a fhorbairt le haghaidh bheartais agus sholáthar na foghlama aosaí. Go sonrach, cuimsítear leis sin forbairt agus aistriú modheolaíochtaí monatóireachta chun éifeachtacht sholáthar an oideachais aosaigh a thomhas agus dul chun cinn foghlaimeoirí fásta a rianú.

Ag tacú le freagairt chórais oideachais agus oiliúna na hEorpa don chogadh san Úcráin: Tacaíonn an tosaíocht sin le tionscadail arb é is aidhm dóibh cuir chuige chuimsitheacha oideolaíocha agus cleachtais chuimsitheacha obairbhunaithe a chur chun feidhme, a roinnt agus a chur chun cinn lena ndírítear ar fhoghlaimeoirí fásta agus ar bhaill foirne atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Le tionscadail faoin tosaíocht seo ba cheart cur le caighdeáin ardcháilíochta agus le taithí shubstaintiúil i gcomhtháthú nuatheachtaithe i dtimpeallachtaí foghlama agus oiliúna. Is féidir leo díriú ar shaoráidí teanga a chur ar fáil, taighde a chur i bhfeidhm agus a leathnú, malartú le hinstitiúidí na hÚcráine, iniúchadh a dhéanamh ar dhea-chleachtais lena dtacaítear le folláine shíceasóisialta na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne atá ag teitheadh ón gcogadh, etc.

I réimse na hóige:

Tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí lena rannchuidítear leis na croíréimsí de Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019‑2027: dul i mbun plé le daoine óga, iad a nascadh agus a chumhachtú. Díreofar go háirithe ar an gcomhar trasearnála a neartú lena n‑éascaítear níos mó sineirgí ar fud réimsí éagsúla gníomhaíochtaí atá tábhachtach le haghaidh daoine óga, rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn i scálaí agus formáidí éagsúla agus tacú le saoránacht ghníomhach daoine óga, go háirithe daoine óga atá i mbaol an eisiaimh shóisialta. Ar thosaíochtaí sonracha le haghaidh réimse na hóige tá:

An tsaoránacht ghníomhach, ciall tionscnaíochta daoine óga agus fiontraíocht óige lena n‑áirítear fiontraíocht shóisialta a chur chun cinn: Is é is aidhm don tosaíocht an tsaoránacht ghníomhach a chothú i measc daoine óga, go háirithe trí oibriú go deonach agus gníomhartha dlúthpháirtíochta, agus leis sin ciall tionscnaíochta daoine óga a neartú, go háirithe sa réimse sóisialta, agus tacú lena bpobail. Le tionscadail faoin tosaíocht seo d’fhéadfaí an fhiontraíocht, an fhoghlaim chruthaitheach agus an fhiontraíocht shóisialta i measc na hóige a chur chun cinn freisin. Is príomhghnéithe den tosaíocht seo iad an t‑idirphlé idirchultúrtha, eolas agus aithint na héagsúlachta agus cur chun cinn na caoinfhulaingthe.

Cáilíocht, nuálaíocht agus aithint oibre óige a mhéadú: Is é is aidhm don tosaíocht seo aithint agus bailíochtú oibre óige agus na foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla ar gach leibhéal a chur chun cinn, agus tacú leis an bhforbairt agus leis an nuálaíocht in oibre óige, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a chumhdaítear i bPlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Óige agus Dearbhú Bonn ó Nollaig 2020. Áirítear leis sin fothú acmhainneachta oibrithe óige ina gcleachtais ar líne agus as líne, chomh maith le tacú le forbairt agus comhroinnt modhanna chun dul i bhfeidhm ar dhaoine óga imeallaithe, cosc a chur leis an gciníochas agus an éadulaingt i measc daoine óga, agus rioscaí, deiseanna agus impleachtaí an digitithe.

Infhostaitheacht daoine óga a neartú: Is é is aidhm don tosaíocht príomhinniúlachtaí agus bunscileanna daoine óga a neartú. Is tábhachtach an ról atá ag an earnáil óige chun aistriú daoine óga ón óige go dtí an t‑aosach a éascú, lena n‑áirítear tacú lena lánpháirtiú sa mhargadh saothair. I gcroílár na tosaíochta seo tá gníomhaíochtaí atá dírithe ar chuimsiú agus infhostaitheacht daoine óga ar lú na deiseanna atá acu (lena n‑áirítear NEETanna), agus béim ar leith ar dhaoine óga atá i mbaol an imeallaithe agus iad sin ag a bhfuil cúlra imirceach.

Naisc a threisiú idir beartais, taighde agus cleachtais: Leis an tosaíocht seo tugtar aghaidh ar an ngá atá le naisc níos láidre idir beartais, taighde agus cleachtais i réimse na hóige chun fianaise fheabhsaithe a sholáthar ar riachtanais agus ceapadh beartas a éascú. Le haghaidh na tosaíochta seo beidh tábhacht le gníomhaíochtaí chun eolas níos fearr a chur chun cinn faoi staid daoine óga agus beartais óige san Eoraip agus lastall di.

Ag tacú le freagairt réimse na hÓige don chogadh san Úcráin: Tacaíonn an tosaíocht seo le tionscadail arb é is aidhm dóibh cuir chuige agus cleachtais chuimsitheacha a chur chun feidhme, a roinnt agus a chur chun cinn lena ndírítear ar dhaoine óga agus ar oibrithe don óige atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus ar sholáthraithe soláthraithe oibre don óige sna tíortha óstacha a bhfuil baint ghníomhach acu le gníomhaíochtaí den sórt sin. Leis na gníomhaíochtaí, ba cheart cloí le prionsabail na hoibre don óige, lena n‑áirítear foghlaim neamhfhoirmiúil agus idirchultúrtha, agus ba cheart rannchuidiú le cearta an duine agus leis an daonlathas a chur chun cinn agus a thuiscint agus le cumas na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a mhéadú. Is féidir é a bheith d’aidhm acu saoráidí teanga a chur ar fáil, taighde a chur i bhfeidhm agus a leathnú, sineirgí agus comhlántachtaí le heagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige san Úcráin a fheabhsú, iniúchadh a dhéanamh ar dhea-chleachtais lena dtacaítear le folláine shíceasóisialta na ndídeanaithe óga agus na n‑oibrithe óige dídeanaithe ón Úcráin, agus fothú acmhainneachta eagraíochtaí oibre don óige a chothú – san Úcráin agus sna tíortha óstacha – etc.

I réimse an spóirt:

Tabharfar tosaíocht do chomhpháirtíochtaí lena rannchuidítear le cur chun feidhme príomh‑dhoiciméad beartais amhail Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (2021‑2024) nó an moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn. Ar na tosaíochtaí sonracha i réimse an spóirt tá:

Stíleanna maireachtála sláintiúla a spreagadh do chách: díreoidh tionscadail faoin tosaíocht seo ar an méid a leanas go príomha: a) cur chun feidhme na dtrí cholún den tionscnamh HealthyLifestyle4All, b) cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn agus na dTreoirlínte ón Aontas maidir le Gníomhaíocht Choirp c) tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na Seachtaine Eorpaí Spóirt d) cur chun cinn an spóirt agus gníomhaíochta fisiciúla mar uirlis le haghaidh na sláinte e) cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile lena spreagtar cleachtadh an spóirt agus na gníomhaíochta fisiciúla f) cur chun cinn an spóirt agus cluichí traidisiúnta.

Ionracas agus luachanna sa spórt a chur chun cinn: le tionscadail faoin tosaíocht seo díreofar go príomha ar a) úsáid na dópála a chomhrac b) cúbláil cluichí agus an t‑éilliú sa spórt a chomhrac c) feabhas a chur ar dhea‑rialachas sa spórt agus d) cur chun cinn luachanna dearfacha an spóirt.

An t‑oideachas a chur chun cinn sa spórt agus tríd: le tionscadail faoin tosaíocht seo díreofar go príomha ar a) thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna sa spórt b) déghairmeacha na lúthchleasaithe a spreagadh c) cáilíocht na cóitseála agus ball foirne a chur chun cinn d) an tsoghluaisteacht a úsáid mar uirlis chun feabhas a chur ar cháilíochtaí e) an infhostaitheacht a chur chun cinn tríd an spórt.

Comhionannas agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn sa spórt agus tríd an spórt: díreoidh tionscadail faoin tosaíocht seo ar chur chun cinn a) an chomhionannais sa spórt, comhionannas inscne san áireamh5 , b) luachanna Eorpacha agus an spórt a úsáid mar mheán síochána agus cuimsiúcháin, c) luachanna neamh‑idirdhealúcháin ar aon bhonn, frith‑chiníochas, oscailteacht agus caoinfhulaingt.