Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Soghluaisteacht le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint

Leis an ngníomhaíocht seo tacaítear le soláthraithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus le heagraíochtaí eile atá gníomhach sa réimse sin ar mian leo gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a eagrú le haghaidh fhoghlaimeoirí agus bhaill foirne an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.

Tacaítear le réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear an scáthfhoghlaim agus cúrsaí forbartha gairmiúla do bhaill foirne, cúrsaí oiliúna agus socrúcháin fhadtéarmacha (ErasmusPro), saineolaithe dá dtugtar cuireadh, agus gníomhaíochtaí eile mar a mhínítear thíos.

Ba cheart do na heagraíochtaí rannpháirteacha an cuimsiú agus an éagsúlacht, an inbhuaine comhshaoil, an t‑oideachas digiteach, agus rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn go gníomhach trína ngníomhaíochtaí: trí úsáid a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin sonracha dá bhforáiltear leis an gclár chun na gcríoch sin, trí fheasacht a mhúscailt i measc a rannpháirtithe, trí dhea‑chleachtais a chomhroinnt, agus trí dhearadh iomchuí a roghnú le haghaidh a ngníomhaíochtaí.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Is é is cuspóir do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta arna maoiniú le Erasmus+, deiseanna foghlama a sholáthar do dhaoine aonair agus tacú le hidirnáisiúnú agus forbairt institiúide sholáthraithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus eagraíochtaí eile atá gníomhach sa réimse céanna. Leis an ngníomhaíocht tacófar le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus Dhearbhú Osnabrück1 , agus an Chláir Oibre Eorpaigh do Scileanna2 . Bhí sí ina rannchuidiú freisin le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú. Go sonrach, is iad cuspóirí na gníomhaíochta seo:

Cáilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna tosaigh agus leanúnaí (IVET agus CVET) a mhéadú san Eoraip tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • príomhinniúlachtaí agus scileanna trasnaí a neartú, go háirithe foghlaim teangacha agus scileanna digiteacha
  • tacú le forbairt scileanna a bhaineann go sonrach le post agus a bhfuil gá leo sa mhargadh saothair atá ann agus a bheidh ann amach anseo
  • dea‑chleachtais a chomhroinnt agus úsáid modhanna agus teicneolaíochtaí nua, nuálacha agus oideolaíocha a chur chun cinn, agus tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí, oiliúnóirí, meantóirí agus ball foirne eile sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint 
  • acmhainneacht soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a fhothú chun tionscadail soghluaisteachta ardcháilíochta a chur i gcrích, agus cur lena gcumas comhpháirtíochtaí ardcháilíochta a dhéanamh agus forbairt á déanamh ar a straitéis um idirnáisiúnú
  • féachaint chuige go mbeidh an tsoghluaisteacht ina féidearthacht réalaíoch d’aon fhoghlaimeoir sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach, agus an meánfhad soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a mhéadú chun cáilíocht agus tionchar na soghluaisteachta a mhéadú
  • cáilíocht, trédhearcacht agus aithint torthaí foghlama ar thréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a chothú, go háirithe trí uirlisí agus ionstraimí Eorpacha a úsáid.

An éirim Eorpach maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • luachanna an chuimsithe agus na héagsúlachta, na caoinfhulaingthe, agus na rannpháirtíochta daonlathaí a chur chun cinn
  • eolas faoi oidhreacht agus éagsúlacht chomhroinnte na hEorpa a chur chun cinn
  • tacú le forbairt líonraí gairmiúla ar fud na hEorpa

Conas teacht ar dheiseanna soghluaisteachta Erasmus+?

Féadfaidh soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna atá gníomhach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ar dhá bhealach:

  • Le tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne  – soláthraítear deis d’iarratasóirí gníomhaíochtaí soghluaisteachta éagsúla a eagrú thar thréimhse 6 mhí go 18 mí. Tá tionscadail ghearrthéarmacha ar an rogha is fearr le haghaidh eagraíochtaí atá ag cur isteach ar Erasmus+ den chéad uair, nó dóibh sin nach mian leo ach líon teoranta gníomhaíochtaí a eagrú.
  • Tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne – níl na tionscadail sin oscailte ach amháin d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna acu. Leis an snáithe maoiniúcháin speisialta sin is féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe maoiniú a fháil go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta lena rannchuidítear lena bPlean Erasmus a chur chun feidhme de réir a chéile.

Tá creidiúnuithe Erasmus oscailte do gach eagraíocht ar mian léi gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú ar bhonn tráthrialta. Ní gá taithí a fháil sa chlár roimh ré chun iarratas a dhéanamh. Chun breis eolais a fháil faoin deis sin, léigh an chaibidil den treoir seo maidir le creidiúnú Erasmus i réimsí an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus an oideachais scoile.

Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí dul i bpáirt leis an gclár gan iarratas a chur isteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Dul i bpáirt le cuibhreannas soghluaisteachta Erasmus+ atá ann cheana faoi stiúir comhordaitheoir cuibhreannais creidiúnaithe ina dtír mar a bhfuiltear ag glacadh le comhaltaí nua ina gcuibhreannas.
  • Rannpháirtithe ó thír eile a óstáil: is féidir le haon eagraíocht a bheith ina hóstach ar fhoghlaimeoirí nó ar bhaill foirne a thagann ó eagraíocht chomhpháirtíochta ar an gcoigríoch. Is luachmhar an t‑eispéireas é a bheith mar ósteagraíocht agus is maith an bealach é le tuilleadh a fhoghlaim faoin gclár roimh iarratas a dhéanamh air tú féin.

Moltar do sholáthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna dul i bpáirt in ardáin Eorpacha ar líne, cuir i gcás, EPALE agus r-Nascadh. Soláthraíonn EPALE deis chun nascadh le comhghleacaithe ar fud na hEorpa agus foghlaim uathu, trína phostálacha blag, a fhóraim, an uirlis Cuardaigh Comhpháirtí; is féidir Pobail cleachtais a chruthú leis, ábhar foghlama a aimsiú agus freastal ar imeachtaí. Tá Pobal de chleachtóirí Eorpacha gairmoideachais agus gairmoiliúna (https://epale.ec.europa.eu/en/practitioners-in‑vet) le fáil air freisin, is spás é sin le haghaidh múinteoirí, oiliúnóirí, teagascóirí ionchuideachta gairmoideachais agus gairmoiliúna chun comhoibriú lena chéile agus a bheith ar an eolas faoi thionscnaimh Eorpacha. Pobal ar líne is ea r‑Nascadh atá á óstáil ar ardán atá slán agus inrochtana do mhúinteoirí agus foireann scoile arna fhíorú ag an eagraíocht tacaíochta r‑Nasctha náisiúnta. Cuireann r‑Nascadh ar a gcumas do sholáthraithe  gairmoideachais agus gairmoiliúna seomraí ranga fíorúla comhpháirteacha a chur ar bun agus tionscadail a chur i gcrích le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna eile agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta eile (is é sin, cuideachtaí óstacha), is féidir le múinteoirí agus le hoiliúnóirí plé agus malartú a dhéanamh le comhghleacaithe agus a bheith rannpháirteach i réimse deiseanna forbartha gairmiúla. Tá an r‑Nascadh ar an timpeallacht is fearr freisin chun comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh tionscadail amach anseo.

Tionscadal a bhunú

Is í an eagraíocht is iarratasóir an príomhghníomhaí i dtionscadal de chuid Phríomhghníomhaíocht 1. Déanann an t‑iarratasóir an t‑iarratas a dhréachtú agus a chur isteach, an comhaontú deontais a shíniú, na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus tuairiscíonn an duine sin don Ghníomhaireacht Náisiúnta freisin. Tá an próiseas iarratais maidir le tionscadail ghearrthéarmacha agus creidiúnú Erasmus araon dírithe ar riachtanais agus pleananna na heagraíochta is iarratasóir.

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí soghluaisteachta i dtionscadal soghluaisteachta a bheith ina ngníomhaíochtaí isteach nó amach. Tá an chuid is mó de na cineálacha gníomhaíochtaí atá ar fáil ina ngníomhaíochtaí soghluaisteachta amach. Ciallaíonn sin go ngníomhóidh an eagraíocht is iarratasóir mar eagraíocht seolta: déanfaidh sí rannpháirtithe a roghnú agus a sheoladh chuig ósteagraíocht ar an gcoigríoch. Ina theannta sin, is ann do chineálacha speisialta gníomhaíochtaí isteach lenar féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe nó do mhúinteoirí agus d’oideoirí faoi oiliúint chuig a n‑eagraíocht. Ní hé is cuspóir do ghníomhaíochtaí isteach malartuithe dhá threo a chruthú ach is é is cuspóir dóibh daoine a thabhairt isteach ar féidir leo cabhrú leis an eagraíocht is iarratasóir a fhorbairt agus a idirnáisiúnú.

Agus gach gníomhaíocht lena dtacaítear faoin nGníomhaíocht seo á cur chun feidhme, ní mór caighdeáin cháilíochta Erasmus a leanúint. Le caighdeáin cháilíochta Erasmus cumhdaítear cleachtais nithiúla maidir le cur chun feidhme le haghaidh cúraimí tionscadail amhail roghnú agus ullmhú rannpháirtithe, sainiú, meastóireacht agus aithint torthaí foghlama, comhroinnt torthaí tionscadail, srl. Chun téacs iomlán chaighdeáin cháilíochta Erasmus a léamh, téigh chuig an nasc seo a leanas ar shuíomh gréasáin Europa: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/document/erasmus-quality-standards-mobility-projects-vet‑adults-schools

Is cuid thábhachtach de gach tionscadal soghluaisteachta í an fhoghlaim teanga: ba cheart d’eagraíochtaí is tairbhithe tacaíocht foghlama teanga a chur ar fáil dá rannpháirtithe roimh na gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus lena linn. Chun na críche sin, maoiníonn Erasmus+ an t‑ardán um Thacaíocht Teanga Ar Líne atá saor in aisce agus oscailte lena úsáid ag gach rannpháirtí Erasmus+.

Conas comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta?

Cuireann Erasmus+ uirlisí agus deiseanna éagsúla ar fáil chun go mbeidh tú in ann comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta:

  • tairgeann an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile (ESEP) uirlis aimsithe comhpháirtithe ar líne le haghaidh eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus eagraíochtaí oideachais scoile. Féadfaidh tú d’eagraíocht a chlárú ar an ardán chun fógraí aimsithe comhpháirtithe a phostáil agus fógraí a dhéanann eagraíochtaí eile a chuardach: https://school-education.ec.europa.eu/en/networking/partner-finding
  • Eagraíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ Gníomhaíochtaí Oiliúna agus Comhair go tráthrialta. Ina measc bíonn seimineáir, imeachtaí ar líne agus deiseanna eile d’iarratasóirí agus do thairbhithe Erasmus+ chun comhpháirtithe a aimsiú. Is féidir na Gníomhaíochtaí Oiliúna agus Comhair atá ar fáil a chuardach anseo: https://salto-et.net. Ba cheart duit cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin do Ghníomhaireachta Náisiúnta go tráthrialta freisin, chun go mbeidh an nuacht is déanaí agat faoina cuid gníomhaíochtaí agus imeachtaí.
  • Cuireann An tArdán Torthaí ar Thionscadail Erasmus+ ar do chumas gach eagraíocht atá creidiúnaithe agus gach tionscadal ceadaithe a chuardach: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/projects

Gnéithe cothrománacha

Ba cheart do gach tionscadal soghluaisteachta na gnéithe seo a leanas atá comhchoiteann maidir leis an gclár iomlán Erasmus+ a chomhtháthú:

An cuimsiú agus an éagsúlacht

I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár a chinntiú go dtairgfidh siad deiseanna soghluaisteachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom do rannpháirtithe ó gach cúlra. Le roghnú na bhfoghlaimeoirí a ghlacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí tionscadail, ba cheart príomhfhachtóirí a chur san áireamh amhail spreagadh, fiúntas, chomh maith le forbairt phearsanta agus riachtanais foghlama na rannpháirtithe. Ar an mbealach céanna, le roghnú na mball foirne is rannpháirtithe ba cheart a chinntiú go mbeidh tairbhí a bhforbartha pearsanta ar fáil le haghaidh gach foghlaimeora san eagraíocht.

Le linn gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú, a chur chun feidhme agus obair leantach a dhéanamh orthu, ba cheart do na heagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí páirt a thabhairt do na rannpháirtithe i bpríomhchinntí chun an oiread tairbhí agus tionchair agus is féidir a chinntiú le haghaidh gach rannpháirtí.

Moltar do thairbhithe agus d’eagraíochtaí rannpháirteacha eile a sholáthraíonn an t‑oideachas agus an oiliúint deiseanna soghluaisteachta a chruthú agus a éascú go gníomhach, mar shampla trí dheiseanna soghluaisteachta a bhunú ina bhféilire acadúil agus céimeanna ath‑lánpháirtíochta a shainiú do rannpháirtithe a fhilleann.

Cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de

I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, ní mór d’eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gclár iompar atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe, agus feasacht á múscailt faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú chun lorg comhshaoil gníomhaíochtaí soghluaisteachta a laghdú nó a chúiteamh. Ba cheart na prionsabail sin a léiriú in ullmhú agus cur chun feidhme gach gníomhaíochta de chuid an chláir, go háirithe trí thacaíocht maoiniúcháin shonrach a úsáid, rud a sholáthraítear leis an gclár chun modhanna inbhuanaithe taistil a chur chun cinn. Ba cheart d’eagraíochtaí a sholáthraíonn an t‑oideachas agus an oiliúint na prionsabail sin a lánpháirtiú ina n‑obair laethúil, agus ba cheart dóibh athrú meoin agus iompair a chur chun cinn go gníomhach i measc na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne.

An claochlú digiteach in oideachas agus oiliúint

I gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus, leis an gClár tacaítear le gach eagraíocht rannpháirteach úsáid uirlisí agus modhanna foghlama digiteacha a ionchorprú chun a ngníomhaíochtaí fisiceacha a chomhlánú, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí comhpháirteacha, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht a bhfoghlama agus a dteagaisc. Ba cheart do na hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna feasacht a mhúscailt freisin i measc a bhfoghlaimeoirí faoi dheiseanna laistigh den chlár chun scileanna digiteacha ábhartha a fháil agus a fhorbairt a thuilleadh, lena n‑áirítear Cúrsaí Oiliúna sa Deis Dhigiteach d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus do chéimithe nua3 . Ina theannta sin, féadfaidh rannpháirtithe tairbhiú de Chúrsaí Oiliúna sa Deis Dhigiteach: gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ligean dóibh scileanna digiteacha a fháil agus a n‑inniúlacht chun oiliúint, múineadh agus cúraimí eile a dhéanamh le cúnamh ó uirlisí digiteacha. Féadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a eagrú le haon cheann de na formáidí soghluaisteachta do bhaill foirne atá ar fáil.

Rannpháirtíocht sa saol daonlathach

Is é is aidhm don chlár cuidiú leis na rannpháirtithe teacht ar na tairbhithe a bhaineann leis an tsaoránacht agus leis an rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht scileanna rannpháirtíochta a threisiú i réimsí éagsúla den tsochaí shibhialta, agus i bhforbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Aon uair is féidir, le tionscadail ba cheart deiseanna a thairiscint do dhaoine a bheith rannpháirteach sa saol daonlathach chomh maith le deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí foghlama foirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Tuiscint rannpháirtithe ar an Aontas Eorpach agus ar chomhluachanna Eorpacha, agus meas ar phrionsabail dhaonlathacha, dínit an duine, an aontacht agus an éagsúlacht, idirphlé idirchultúrtha, chomh maith le hoidhreacht shóisialta, chultúrtha agus stairiúil Eorpach san áireamh, ba cheart tuiscint na rannpháirtithe ar na gnéithe sin a fheabhsú trí rannpháirtíocht sna soghluaisteachtaí.

Gníomhaíochtaí

Sa roinn seo léirítear an cineál gníomhaíochtaí lenar féidir tacú le cistí Erasmus+, mar chuid de thionscadail ghearrthéarmacha agus de thionscadail chreidiúnaithe araon.

Le haghaidh aon ghníomhaíocht, is féidir tacaíocht bhreise a sholáthar do dhaoine a thionlacann rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, mionaoisigh, nó daoine fásta óga nach mór maoirseacht a dhéanamh orthu. Is féidir tacú le daoine tionlacain ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta nó ar feadh cuid de sin.

Soghluaisteacht ball foirne

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • An scáthfhoghlaim (2 go 60 lá)
  • Tascanna teagaisc nó oiliúna (2 go 365 lá)
  • Cúrsaí agus oiliúint (2 go 30 lá, uasmhéid de tháillí le haghaidh 10 lá cúrsa in aghaidh an rannpháirtí)

I dteannta na soghluaisteachta fisicí, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta ball foirne a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.

Ní mór na ceanglais cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme: 

Scáthfhoghlaim: féadfaidh rannpháirtithe tréimhse a chaitheamh ag ósteagraíocht i dtír eile agus is é is cuspóir don fhoghlaim cleachtais nua a fhoghlaim agus smaointe nua a bhailiú trí bhreathnóireacht agus idirphlé le piaraí, saineolaithe nó cleachtóirí eile ina n‑obair laethúil ag an ósteagraíocht.

Tascanna teagaisc nó oiliúna: féadfaidh rannpháirtithe tréimhse teagaisc nó tréimhse ina gcuireann siad oiliúint ar fáil d’fhoghlaimeoirí a chaitheamh ag ósteagraíocht i dtír eile, mar bhealach chun foghlaim trína gcúraimí a chur i gcrích agus malartú le piaraí.

Cúrsaí agus oiliúint: féadfaidh rannpháirtithe tairbhiú de chúrsa struchtúrtha nó d’oiliúint den chineál céanna a sholáthraíonn gairmithe cáilithe, bunaithe ar chlár foghlama agus torthaí foghlama réamhshainithe.

Ní mór comhpháirt thrasnáisiúnta shoiléir a bheith mar chuid den oiliúint, mar shampla idirghníomhaíocht foghlama a chothú idir rannpháirtithe ó thíortha difriúla nó gnéithe eile d’aistriú trasnáisiúnta cleachtas a chomhtháthú, cuir i gcás rannpháirtíocht láidir na foirne gairmoideachais agus gairmoiliúna ón tír óstála chun idirghníomhú le comhghleacaithe a thagann ón gcoigríoch agus a gcleachtais a thaispeáint dóibh.

Ní mór ábhar na gcúrsaí agus na hoiliúna a bheith ábhartha do scileanna gairmiúla na foirne rannpháirtí agus do chuspóirí an tionscadail nó an chreidiúnúcháin.

Mar shampla, is féidir le cúrsaí agus oiliúint a eagraíonn institiúidí poiblí nó eagraíochtaí saorálaithe a bheith i measc na ngníomhaíochtaí tacaíochta, gníomhaíochtaí a eagraítear mar chuid de mhalartú cleachtas idir eagraíochtaí i dtíortha difriúla, chomh maith le cúrsaí agus oiliúint atá ar fáil ar bhonn tráchtála.  Ní thacaítear le gníomhaíochtaí atá go hiomlán neamhghníomhach, cuir i gcás, ag éisteacht le léachtanna, óráidí nó le comhdhálacha móra. Ní fhéadfar comhdhálacha agus imeachtaí a mbíonn teideal comhchosúil orthu a bhreithniú i gcomhair maoinithe ach amháin má chaitheann na rannpháirtithe formhór dá gcuid ama ag tabhairt faoi oiliúint struchtúrach, ceardlanna, cleachtaí praiticiúla, malartú cleachtas le comhghleacaithe, nó foirmeacha eile den fhoghlaim ghníomhach.

Ba cheart d’iarratasóirí a bheith feasach go bhfuil gach soláthraí cúrsa go hiomlán neamhspleách ón gclár Erasmus+ agus go ngníomhaíonn siad mar sholáthraithe seirbhíse ar mhargadh saor. Is freagracht de chuid na heagraíochta is tairbhí í an rogha cúrsaí agus oiliúna dá bhrí sin. Tá na caighdeáin cháilíochta seo a leanas ar fáil chun na hiarratasóirí a threorú agus rogha á déanamh acu: https://erasmus-plus.ec.europa.eu/resources-and-tools/quality-standards-key-action‑1

Rannpháirtithe incháilithe

Rannpháirtithe incháilithe lena n‑áirítear múinteoirí, oiliúnóirí, agus gach saineolaí agus ball eile den fhoireann nach mbíonn i mbun teagaisc agus a oibríonn sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach (iVET agus cVET).

Áirítear sna baill foirne incháilithe nach mbíonn i mbun teagaisc baill foirne a oibríonn sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach, cibé acu mar sholáthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (mar bhaill foirne bainistíochta, oifigigh soghluaisteachta idirnáisiúnta, comhordaitheoirí Erasmus+ srl.) nó in eagraíochtaí eile atá gníomhach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (mar shampla oiliúnóirí i gcuideachtaí comhpháirtíochta áitiúla, comhairleoirí, comhordaitheoirí Erasmus+, comhordaitheoirí beartais atá i gceannas ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, srl.).

Ní mór do rannpháirtithe a bheith ag obair san eagraíocht seolta, nó ní mór dóibh a bheith ag obair go tráthrialta leis an eagraíocht seolta chun cuidiú le cur chun feidhme phríomhghníomhaíochtaí na heagraíochta (mar shampla mar oiliúnóirí seachtracha agus ionchuideachta, mar shaineolaithe, nó mar oibreoirí deonacha).

I ngach cás, ní mór na cúraimí lena nasctar an rannpháirtí leis an eagraíocht seolta a dhoiciméadú ar bhealach lenar féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta an nasc sin a fhíorú (mar shampla le conradh oibre nó oibre deonaí, tuairisc ar an gcúram, nó doiciméad comhchosúil). Bunóidh na Gníomhaireachtaí Náisiúnta cleachtas trédhearcach agus comhsheasmhach maidir lena bhfuil i gceist le caidrimh oibre agus doiciméid tacaíochta atá inghlactha ina gcomhthéacs náisiúnta.

Ionaid incháilithe

Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus acu rannpháirtithe a sheoladh chuig tíortha comhpháirtíochta le dul i mbun na scáthfhoghlama agus tascanna teagaisc nó oiliúna i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (Réigiúin 1-14 mar a shonraítear i gCuid A: Tíortha incháilithe).

Torthaí foghlama a dhoiciméadú

Leagtar síos na ceanglais maidir le torthaí foghlama a dhoiciméadú i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus agus tugtar tuilleadh mionsonraí ina dtaobh i gcomhaontú deontais an tionscadail.

Roimh an ngníomhaíocht soghluaisteachta, ní mór don eagraíocht seolta, don ósteagraíocht, agus don rannpháirtí teacht ar chomhaontú maidir le comhaontú foghlama (nó doiciméad comhchosúil) ina sonraítear na torthaí foghlama a bhfuil coinne leo ón rannpháirtí. Le haghaidh cúrsaí agus oiliúna, is féidir clár cúrsaí a úsáid in ionad comhaontú foghlama.

Tar éis na gníomhaíochta, ní mór aitheantas a thabhairt do na torthaí foghlama a bhain an rannpháirtí amach trí Shoghluaisteacht Europass nó doiciméad comhchosúil a eisiúint. Ní mór don eagraíocht is tairbhí cóip den doiciméad eisithe a choimeád mar chruthúnas gur chuir an rannpháirtí an ghníomhaíocht i gcrích.

Soghluaisteacht foghlaimeoirí

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • Rannpháirtíocht i gcomórtais scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna (1 go 10 lá)
  • Soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna (2 go 30 lá, beirt fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna ar a laghad in aghaidh an ghrúpa)
  • Soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (10 go 89 lá)
  • Soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (ErasmusPro) (90 go 365 lá)

I dteannta na soghluaisteachta fisicí, is féidir gach gníomhaíocht soghluaisteachta foghlaimeoirí a chumasc le gníomhaíochtaí fíorúla. Tá feidhm leis na faid íosta agus uasta a shonraítear thuas maidir leis an gcomhchuid soghluaisteachta fisicí.

Ní mór na ceanglais cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme: 

Rannpháirtíocht i gcomórtais scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna: Féadfaidh foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna a bheith rannpháirteach in imeachtaí earnála idirnáisiúnta ina bhfuil léiriú iomaíoch ar scileanna bunriachtanach chun taithí, fios gnó agus nuálaíochtaí teicneolaíochta in gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun cinn, a aithint agus a mhalartú4 . Soláthraítear maoiniú freisin le haghaidh baill foirne, meantóirí nó saineolaithe a thionlacann na foghlaimeoirí le linn na gníomhaíochta.

Soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna: is féidir le grúpa foghlaimeoirí ón eagraíocht seolta am a chaitheamh ag foghlaim le chéile lena bpiaraí ag soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna comhpháirtíochta ar an gcoigríoch. Ní mór don eagraíocht seolta na gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh i gcomhar le soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna comhpháirtíochta sa tír óstach5 . Ní mór do mhúinteoirí, oiliúnóirí, nó do bhaill foirne oideachais cáilithe eile ón eagraíocht seolta a bheith in éineacht leis na foghlaimeoirí ar feadh fhad iomlán na gníomhaíochta agus a bpróiseas foghlama a threorú. Más gá, féadfaidh daoine fásta eile gníomhú mar dhaoine tionlacain freisin chun tacú leis na baill foirne tionlacain6 .

Soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint: Is féidir le foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tréimhse a chaitheamh i mbun foghlaim ar an gcoigríoch le soláthraí comhpháirtíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, i gcuideachta, nó in eagraíocht eile atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna nó sa mhargadh saothair. Sa tréimhse foghlama ní mór comhchuid obairbhunaithe láidir agus clár foghlama aonair a shainiú do gach rannpháirtí. I gcás rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, is féidir an tsoghluaisteacht a eagrú ar feadh fad íosta 2 lá, má tá údar leis sin.

Soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (ErasmusPro): Is féidir le foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tréimhse níos faide a chaitheamh i mbun foghlaim ar an gcoigríoch le soláthraí comhpháirtíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, i gcuideachta, nó in eagraíocht eile atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna nó sa mhargadh saothair. Sa tréimhse foghlama ní mór comhchuid obairbhunaithe láidir agus clár foghlama aonair a shainiú do gach rannpháirtí.

Tabhair faoi deara nach bhfuil an difríocht idir formáidí gníomhaíochtaí grúpa agus aonair bunaithe ar shocruithe taistil agus lóistín, tá siad bunaithe in ionad sin ar cheanglais le haghaidh cláir foghlama chomhchoiteanna nó aonair, mar a thugtar tuairisc orthu thíos faoi ‘Torthaí foghlama a dhoiciméadú’. Dá réir sin, cuirtear leibhéal éagsúil tacaíochta eagraíochtúla ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí grúpa agus aonair, mar a shainmhínítear sna rialacha maoinithe a chuirtear i láthair ag deireadh na caibidle seo.

Rannpháirtithe incháilithe

Áiríonn rannpháirtithe incháilithe foghlaimeoirí agus printísigh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach (iVET agus cVET). Ní mór do rannpháirtithe a bheith cláraithe i gclár incháilithe sa ghairmoideachas nó sa ghairmoiliúint tosaigh nó leanúnach7 .

Tá céimithe nua (lena n‑áirítear iarphrintísigh) i gcláir incháilithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach incháilithe a bheith rannpháirteach suas le 12 mhí i ndiaidh bhronnadh a gcéime. I gcás ina mbeidh seirbhís shibhialta nó mhíleata éigeantach á comhlíonadh ag na rannpháirtithe tar éis bhronnadh na céime, déanfar an tréimhse incháilitheachta a fhadú de réir fhad na seirbhíse sin. Ní mór do rannpháirtithe sa tsoghluaisteacht grúpa a bheith cláraithe i gclár incháilithe sa ghairmoideachas nó sa ghairmoiliúint tosaigh8 .

Ionaid incháilithe

Ní mór gníomhaíochtaí a reáchtáil ar an gcoigríoch, i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí a a bhfuil creidiúnú Erasmus acu foghlaimeoirí a sheoladh le haghaidh soghluaisteacht ghearrthéarmach, soghluaisteacht fhadtéarmach (ErasmusPro) agus comórtais scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár (Réigiúin 1-14 mar a shonraítear i gCuid A: Tíortha incháilithe).

Soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna ag soláthraí óstála gairmoideachais agus gairmoiliúna. Go heisceachtúil, féadfar gníomhaíochtaí a dhéanamh ag ionad eile i dtír na heagraíochta óstaí, má tá údar leis sin i bhfianaise inneachar agus cháilíocht na gníomhaíochta. Sa chás sin, ní chuirfear taisteal rannpháirtithe ón ósteagraíocht chuig an ionad san áireamh mar ghníomhaíocht soghluaisteachta trasnáisiúnta. Ní féidir cistí breise a iarraidh chuige sin dá bhrí sin.

Ina theannta sin, féadfar soghluaisteacht grúpa foghlaimeoirí fásta a dhéanamh ag suíomh Institiúid den Aontas Eorpach má eagraítear an ghníomhaíocht ag institiúid AE nó i gcomhar léi.9

Gan beann ar an ionad, ní mór foghlaimeoirí ó ar a laghad dhá Bhallstát den Aontas Eorpach nó tríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa.

Torthaí foghlama a dhoiciméadú

Leagtar síos na ceanglais maidir le torthaí foghlama a dhoiciméadú i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus agus tugtar tuilleadh mionsonraí ina dtaobh i gcomhaontú deontais an tionscadail.

Gníomhaíochtaí soghluaisteachta aonair: roimh an ngníomhaíocht, ní mór don eagraíocht seolta, don ósteagraíocht, agus don rannpháirtí teacht ar chomhaontú maidir le comhaontú foghlama (nó doiciméad comhchosúil) ina sonraítear na torthaí foghlama a bhfuil coinne leo ón rannpháirtí. Tar éis na gníomhaíochta, ní mór aitheantas a thabhairt do na torthaí foghlama a bhain an rannpháirtí amach trí Shoghluaisteacht Europass nó doiciméad comhchosúil a eisiúint. Ní mór don eagraíocht is tairbhí cóip den doiciméad eisithe a choimeád mar chruthúnas gur chuir an rannpháirtí an ghníomhaíocht i gcrích.

Gníomhaíochtaí soghluaisteachta grúpa: ní mór clár foghlama a shainiú don ghrúpa iomlán (níl gá le comhaontuithe foghlama aonair). Tar éis na gníomhaíochta, ní mór don eagraíocht is tairbhí an clár foghlama agus liosta de na rannpháirtithe (daoine tionlacain ina measc) a choimeád mar chruthúnas gur chuir siad an ghníomhaíocht i gcrích.

Gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • Saineolaithe dá dtugtar cuireadh (2 go 60 lá)
  • Múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint a óstáil (10 go 365 lá)

Ní mór na ceanglais cháilíochtúla seo a leanas a chomhlíonadh leis na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme: 

Saineolaithe dá dtugtar cuireadh: is féidir le heagraíochtaí cuireadh a thabhairt d’oiliúnóirí, múinteoirí, saineolaithe beartais nó gairmithe cáilithe eile ón gcoigríoch, ar daoine iad ar féidir leo cabhrú le feabhas a chur ar an teagasc, ar an oiliúint agus ar an bhfoghlaim san ósteagraíocht. Mar shampla, féadfaidh saineolaithe dá dtugtar cuireadh oiliúint a sholáthar do bhaill foirne na heagraíochta óstaí, modhanna teagaisc nua a léiriú nó cabhrú le dea‑chleachtais a aistriú ó thaobh cúrsaí eagrúcháin agus bainistíochta de.

Múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint a óstáil: is féidir le heagraíochtaí is iarratasóirí múinteoirí faoi oiliúint, ar mian leo tréimhse cúrsa oiliúna a dhéanamh ar an gcoigríoch, a óstáil. Gheobhaidh an ósteagraíocht tacaíocht chun an ghníomhaíocht a chur ar bun, bíodh agus gur cheart an tacaíocht taistil agus aonair a bheith á soláthar don rannpháirtí ag an institiúid seolta (agus is féidir léi iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Erasmus+ chun na críche sin freisin).

Rannpháirtithe incháilithe

Aon duine ó Bhallstát eile den Aontas nó ó thríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár, ar féidir leis saineolas atá ábhartha i leith riachtanais agus chuspóirí na heagraíochta a sholáthar a thugann cuireadh dóibh, is féidir leo a bheith ina saineolaithe dá dtugtar cuireadh.

óstáil múinteoirí agus oideoirí faoi oiliúint ar fáil le haghaidh rannpháirtithe atá cláraithe i gclár oideachais múinteoirí nó rannpháirtithe ar céimithe nua10  de chuid clár den chineál sin iad (nó i gclár oideachais comhchosúil le haghaidh oiliúnóirí nó oideoirí) i mBallstát eile an Aontais nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Ionaid incháilithe

Is í an eagraíocht is tairbhí (lena n‑áirítear comhaltaí cuibhreannais) a fheidhmíonn i gcónaí mar ionad na saineolaithe agus na múinteoirí/na n‑oideoirí faoi oiliúint dá dtugtar cuireadh.

Torthaí foghlama a dhoiciméadú

I gcás saineolaithe dá dtugtar cuireadh, ní mór an clár foghlama a chuirfidh an saineolaí ar fáil a bheith comhaontaithe leis an ósteagraíocht roimh an ngníomhaíocht. Tar éis na gníomhaíochta, ní mór don eagraíocht is tairbhí an clár foghlama a cuireadh i gcrích a choimeád mar chruthúnas gur chuir siad an ghníomhaíocht i gcrích.

I gcás múinteoirí agus oideoirí óstáilte faoi oiliúint, tá na ceanglais ar a dtugtar tuairisc le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta don fhoghlaimeoir aonair infheidhme.

Cuairteanna ullmhúcháin

Céard is cuairt ullmhúcháin ann?

Is éard is cuairt ullmhúcháin ann cuairt a thugann baill foirne ón eagraíocht seolta ar ósteagraíocht ionchasach agus is é is cuspóir don chuairt ullmhú le haghaidh gníomhaíocht soghluaisteachta foghlaimeora nó foirne ar bhealach níos fearr.

Cathain is féidir cuairt ullmhúcháin a eagrú?

Ní mór réasúnaíocht shoiléir a bheith mar bhonn le gach cuairt ullmhúcháin agus ní mór feabhas a chur ar chuimsitheacht, raon feidhme agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta leo sin.

Mar shampla, is féidir cuairteanna ullmhúcháin a eagrú chun gur fearr is féidir soghluaisteacht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a ullmhú, chun tosú ar oibriú le heagraíocht chomhpháirtíochta nua, nó chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta níos faide a ullmhú.

Féadfar cuairteanna ullmhúcháin a eagrú ag ullmhú le haghaidh aon chineáil soghluaisteachta foghlama nó foirne, cé is moite de ‘chúrsaí agus oiliúint’.

Cé atá in ann a bheith páirteach i gcuairt ullmhúcháin?

Is féidir le haon duine atá incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta ball foirne agus ag a bhfuil baint le heagrú an tionscadail cuairteanna ullmhúcháin a dhéanamh.

Go heisceachtúil, féadfaidh foghlaimeoirí a ghlacfaidh páirt sa tsoghluaisteacht foghlama fhadtéarmach agus rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu in aon chineál gníomhaíochta páirt a ghlacadh i gcuairteanna ullmhúcháin le haghaidh a ngníomhaíochtaí.

Féadfaidh uasmhéid de thriúr a bheith rannpháirteach i gcuairt ullmhúcháin, agus féadfar uasmhéid de chuairt ullmhúcháin amháin a eagrú le haghaidh gach eagraíochta óstaí.

Cén áit a bhféadfar dul ar chuairteanna ullmhúcháin?

Déantar cuairteanna ullmhúcháin ag áitreabh na heagraíochta óstaí, nó ag aon ionad eile ina mbeartaítear gníomhaíochtaí soghluaisteachta a dhéanamh. Na rialacha atá infheidhme maidir le hionaid ghníomhaíochtaí foirne agus soghluaisteachta, tá feidhm acu maidir le cuairteanna ullmhúcháin atá nasctha leis na gníomhaíochtaí sin freisin.

Tionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint

Is éard atá i dtionscadail ghearrthéarmacha le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne bealach furasta agus simplí chun tairbhiú de Erasmus+. Is é is cuspóir dóibh deis a thabhairt don tairbhí cúpla gníomhaíocht a shocrú ar bhealach éasca agus taithí a fháil sa Chlár.

Chun bheith simplí i gcónaí, áirítear teorainn i dtionscadail ghearrthéarmacha leis an líon rannpháirtithe agus le fad an tionscadail. Níl an fhormáid oscailte ach amháin d’eagraíochtaí aonair agus níl sí oscailte do chuibhreannais. Ní féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha ós rud é go bhfuil rochtain bhuan acu ar mhaoiniú Erasmus+ cheana féin.

San iarratas ar thionscadail ghearrthéarmacha áirítear liosta de na gníomhaíochtaí, agus tuairisc orthu, a bhfuil plean ag an eagraíocht is iarratasóir iad a eagrú.

Critéir incháilitheachta

Eagraíochtaí incháilithe: cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Tá na heagraíochtaí seo a leanas incháilithe11  le hiarratas a dhéanamh:

  • Eagraíochtaí a sholáthraíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh nó leanúnach12
  • Údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, comhlachtaí comhordúcháin agus eagraíochtaí eile ag a bhfuil ról i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
  • Cuideachtaí agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha eile a óstálann foghlaimeoirí agus printísigh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, a chuireann oiliúint orthu agus a oibríonn leo

Ní féidir le heagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint acu iarratas a dhéanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha.

Tíortha incháilithe

Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóir a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár.

Cén áit ar féidir iarratas a chur isteach?

Cuirtear iarratais faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an t‑iarratasóir bunaithe.

Sprioc‑amanna le haghaidh iarratas

Babhta 1 (le haghaidh na nGníomhaireachtaí Náisiúnta uile): An 20 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Babhta 2: Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta cinneadh a dhéanamh chun dara sprioc‑am a oscailt (Babhta 2).

Sa chás sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na rannpháirtithe ar an eolas faoi trína suíomh gréasáin. Le haghaidh Bhabhta 2, ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratais a chur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile).

Dátaí tosaigh le haghaidh tionscadal

Is féidir na dátaí tosaigh seo a leanas a roghnú le haghaidh tionscadal:

  • Babhta 1: idir an 1 Meitheamh agus an 31 Nollaig sa bhliain chéanna
  • Babhta 2 (má tá sé oscailte): idir an 1 Eanáir agus an 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin

Fad tionscadal

Ó 6 mhí go 18 mí

An líon iarratas

In aghaidh an bhabhta roghnúcháin, ní fhéadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ach ar thionscadal gearrthéarmach amháin i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna.

Eagraíochtaí a fhaigheann deontas ar thionscadal gearrthéarmach faoin gcéad bhabhta iarratas, ní fhéadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar an dara babhta den ghlao céanna ar thograí.

Laistigh d’aon tréimhse 5 bliana as a chéile ina n‑eisítear glao, féadfaidh eagraíochtaí trí dheontas ar a mhéad a fháil le haghaidh tionscadail ghearrthéarmacha sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Ní áirítear deontais a fuarthas sa tréimhse 2014-2020 sa teorainn sin.

Gníomhaíochtaí incháilithe

Gach cineál gníomhaíochta le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Chun teacht ar liosta mionsonraithe agus ar na rialacha, féach an roinn ‘Gníomhaíochtaí’. Chun bheith incháilithe, ní mór gníomhaíocht soghluaisteachta baill foirne nó foghlaimeora ar a laghad a bheith san áireamh in iarratais.

Raon feidhme tionscadal

In iarratas ar thionscadal gearrthéarmach, is féidir 30 rannpháirtí ar a mhéad a áireamh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta.

Ní áireofar cuairteanna ullmhúcháin ná rannpháirtíocht daoine tionlacain sa teorainn sin.

Eagraíochtaí tacaíochta

Is éard atá in eagraíocht tacaíochta eagraíocht a chuidíonn leis an eagraíocht is tairbhí i ngnéithe praiticiúla de thionscadal a chur chun feidhme, gnéithe nach mbaineann le cúraimí lárnacha tionscadail (mar a shainmhínítear i gcaighdeáin cháilíochta Erasmus).

Féadfaidh aon eagraíocht atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna a bheith ina heagraíocht tacaíochta. Ní mór ról agus oibleagáidí na n‑eagraíochtaí tacaíochta a bheith sainithe go foirmiúil eatarthu féin agus an eagraíocht is tairbhí. Gníomhaíonn an eagraíocht tacaíochta faoi mhaoirseacht na heagraíochta tairbhithe, agus fanann an eagraíocht tairbhí freagrach as torthaí agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme. Ní mór do na rannchuidithe uile de chuid eagraíochtaí tacaíochta a bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus.

Meastar nach eagraíochtaí tacaíochta iad na hósteagraíochtaí a chuireann ábhar foghlama agus meantóireacht ar fáil do rannpháirtithe na n‑eagraíochtaí is tairbhithe, mura bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta an tráth céanna don tairbhí i gcúraimí bainistíochta tionscadail eile a dhéanann an eagraíocht seolta de ghnáth.

Critéir dhámhachtana

Déanfar measúnú ar na hiarratais a chuirtear isteach trí phointí as 100 ar an iomlán a shannadh, bunaithe ar na critéir agus ar na hualuithe thíos. Le bheith curtha san áireamh le haghaidh dámhachtana, ní mór na tairseacha seo a leanas a bhaint amach leis na hiarratais:

  • Ar a laghad 60 pointe as 100 pointe ar an iomlán, agus
  • Ar a laghad leath na bpointí scóir uasta i ngach ceann de na trí chatagóir le haghaidh critéir dhámhachtana

Ábharthacht (scór uasta: 20 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • tá próifíl, taithí agus gníomhaíochtaí an iarratasóra chomh maith le spriocphobal na bhfoghlaimeoirí ábhartha i leith réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna
  • tá togra an tionscadail ábhartha i leith chuspóirí na gníomhaíochta
  • tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • tá togra an tionscadail ábhartha i leith na dtosaíochtaí sonracha seo a leanas:
    • tacaíocht a thabhairt do nuatheachtaithe agus d’eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí
    • tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí ErasmusPro
    • tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu

Cáilíocht dhearadh an tionscadail (scór uasta: 50 pointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • i gcuspóirí an tionscadail a mholtar tugtar aghaidh ar riachtanais na heagraíochta is iarratasóir, ar riachtanais a ball foirne agus ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus déantar amhlaidh ar bhealach atá soiléir agus coincréiteach
  • tá na gníomhaíochtaí a mholtar iomchuí chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach
  • tá plean oibre soiléir ann le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí a mholtar
  • sa tionscadal ionchorpraítear cleachtais atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de
  • sa tionscadal ionchorpraítear úsáid uirlisí (go háirithe r‑Nascadh le haghaidh iVET agus EPALE le haghaidh cVET) agus modhanna foghlama digiteacha chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta fisicí a chomhlánú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta óstála

Cáilíochtaí na ngníomhaíochtaí leantacha (scór uasta: 30 phointe)

A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • rinne an t‑iarratasóir na cúraimí agus na freagrachtaí le haghaidh seachadadh gníomhaíochtaí a shainiú ar bhealach soiléir i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta Erasmus
  • tá bearta nithiúla agus loighciúla molta ag an iarratasóir chun torthaí na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a lánpháirtiú in obair thráthrialta na heagraíochta
  • tá bealach iomchuí molta ag an iarratasóir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail
  • tá bearta nithiúla agus éifeachtacha molta ag an iarratasóir chun torthaí an tionscadail a chur in iúl laistigh den eagraíocht is iarratasóir, chun na torthaí a chomhroinnt le heagraíochtaí eile agus leis an bpobal, agus chun aitheantas a thabhairt go poiblí do mhaoiniú an Aontais Eorpaigh

Tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint

Is féidir le heagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú mar chuid de shnáithe maoiniúcháin speisialta atá oscailt dóibh, agus dóibhsean amháin. Tá iarratais bunaithe ar an bPlean Erasmus a formheasadh roimhe sin, mar sin, níl gá le liosta mionsonraithe de na gníomhaíochtaí pleanáilte, ná le tuairisc mhionsonraithe orthu, tráth a dhéantar iarratas ar chistí. Ina ionad sin, dírítear sna hiarratais ar an mbuiséad is gá le haghaidh an chéad tacair gníomhaíochtaí eile a mheas.

Critéir incháilitheachta

Eagraíochtaí incháilithe: cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí creidiúnú bailí Erasmus a bheith acu sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint ar dháta tosaigh an tionscadail.

Cuibhreannas soghluaisteachta

Ní mór d’eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus do chomhordaitheoirí cuibhreannais soghluaisteachta acu iarratas a dhéanamh ar an bhformáid cuibhreannais soghluaisteachta.

Ní mór liosta de na comhaltaí cuibhreannais soghluaisteachta a sholáthar mar chuid den iarratas agus ní mór eagraíocht is iarratasóir amháin ar a laghad a bheith san áireamh ann i dteannta an chomhordaitheora.

Is féidir le haon eagraíocht a chomhlíonann na critéir incháilitheachta le haghaidh chreidiúnú Erasmus sa réimse céanna teacht chun bheith ina comhalta de chuibhreannas soghluaisteachta. Ní mór gach eagraíocht phleanáilte is comhalta den chuibhreannas a bheith ón mBallstát céanna den Aontas nó ón tír chéanna nach bhfuil san Aontas ach atá comhlachaithe leis an gClár leis an gcomhordaitheoir cuibhreannais soghluaisteachta.Ní gá do chomhaltaí cuibhreannais creidiúnú Erasmus a bheith acu.

Is féidir le heagraíochtaí a ghlacann páirt i gcuibhreannas soghluaisteachta maoiniú a fháil ó dhá chomhaontú deontais ar a mhéad de chuid Phríomhghníomhaíocht 1 a chur chun feidhme i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna faoin nGlao céanna ar thograí. Dá bhrí sin, is féidir le heagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna a fhaigheann deontas le haghaidh tionscadal gearrthéarmach nó tionscadal creidiúnaithe páirt a ghlacadh ina theannta sin i gcuibhreannas soghluaisteachta, agus é sin amháin, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint ina gcáil mar eagraíochtaí is comhaltaí. Is féidir le heagraíochtaí eile páirt a ghlacadh i suas le dhá chuibhreannas soghluaisteachta.

Cén áit ar féidir iarratas a chur isteach?

Cuirtear iarratais faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe.

Sprioc‑am le haghaidh iarratas

An 20 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile)

Dáta tosaigh le haghaidh tionscadal

An 1 Meitheamh sa bhliain chéanna

Fad tionscadal

Mairfidh na tionscadail chreidiúnaithe uile ar feadh 15 mhí ar dtús. Má dhlitear sin, is féidir leis na tairbhithe a iarraidh go gcuirfí fadú 24 mhí san iomlán ar a dtionscadal. Déanfar an fadú tar éis 12 mhí ó dháta chur chun feidhme an tionscadail, mura gcinnfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta a mhalairt.

An líon iarratas

Ní fhéadfaidh eagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ach uair amháin in aghaidh an bhabhta roghnúcháin.

Gníomhaíochtaí incháilithe

Gach cineál gníomhaíochta le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Chun teacht ar liosta mionsonraithe agus ar na rialacha, féach an roinn ‘Gníomhaíochtaí’.

Chun bheith incháilithe, ní mór gníomhaíocht soghluaisteachta baill foirne nó foghlaimeora ar a laghad a bheith san áireamh in iarratais.

Raon feidhme tionscadal

Níl teorainn leis an líon rannpháirtithe is féidir a áireamh i dtionscadail chreidiúnaithe, cé is moite d’aon teorainn a shainítear i gcéim leithdháilte an bhuiséid.

Le tionscadail ní fhéadfar breis agus 20 % den deontas a dhámhtar a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár13 . Tá na deiseanna sin beartaithe chun eagraíochtaí i mBallstát den Aontas agus i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár a spreagadh chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta amach a fhorbairt le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. Beartaítear na gníomhaíochtaí sin chun an raon geografach is leithne agus is féidir a chlúdach.

Leithdháileadh an bhuiséid

Rinneadh measúnú ar cháilíocht an phlean Erasmus de chuid an iarratasóra i gcéim an iarratais creidiúnúcháin agus dá bhrí sin ní dhéantar aon mheasúnú cáilíochtúil i gcéim leithdháileadh an bhuiséid. Gheobhaidh gach iarratas incháilithe ar dheontas maoiniú.

Beidh an méid deontais a dhámhtar ag brath ar roinnt gnéithe:

  • an buiséad iomlán atá ar fáil chun leithdháileadh a dhéanamh ar iarratasóirí creidiúnaithe
  • na gníomhaíochtaí a iarradh (agus an buiséad measta is gá chun iad a chur chun feidhme san áireamh)
  • an deontas bunúsach agus uasta
  • na critéir leithdháilte seo a leanas: feidhmíocht an iarratasóra, tosaíochtaí beartais, agus cothromaíocht gheografach (má chuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta an méid sin i bhfeidhm)

Rialacha mionsonraithe maidir le deontas bunúsach agus uasta, scóráil na gcritéar leithdháilte, ualú gach critéir, an modh leithdháilte agus, an buiséad atá ar fáil le haghaidh tionscadail chreidiúnaithe, foilseoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta iad roimh sprioc‑am an ghlao.

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Tá feidhm ag na rialacha maoiniúcháin seo a leanas maidir le tionscadail ghearrthéarmacha agus tionscadail chreidiúnaithe le haghaidh soghluaisteacht foghlaimeoirí agus foirne sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint.

Tá catagóirí difriúla buiséid neamhspleách óna chéile: maidir le haon rannpháirtí aonair, is féidir leis an tairbhí na ranníocaíochtaí aonaid incháilithe uile a iarraidh nó gan ach cuid díobh a iarraidh (má tá an chuid eile de na costais cumhdaithe ar bhealach difriúil). Is féidir na cistí a fhaightear ó Erasmus+ a fhorlíonadh ón eagraíocht is tairbhí féin, ó chistí eile an Aontais, ó thabhartais, nó trí ranníocaíochtaí rannpháirtithe. I gcás ina n‑iarrann an tairbhí ranníocaíochtaí ón rannpháirtí, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir le forálacha ábhartha chaighdeáin cháilíochta Erasmus i gcónaí. Go sonrach, ní fhéadfaidh ranníocaíochtaí den sórt sin bacainní a chruthú ar chuimsiú rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht eagraíochtúil

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscadail nach gcumhdaítear le catagóirí eile costais.

Mar shampla: rannpháirtithe a ullmhú (ar bhealach oideolaíoch, idirchultúrtha agus eile), meantóireacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na soghluaisteachta, na seirbhísí, na huirlisí agus an trealamh is gá le haghaidh tionscadal a chur chun feidhme, comhchodanna fíorúla i ngníomhaíochtaí cumaisc, torthaí foghlama a aithint, torthaí a chomhroinnt agus maoiniú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don phobal.

Le tacaíocht eagraíochtúil cumhdaítear na costais atá tabhaithe ag an eagraíocht seolta agus ag an ósteagraíocht araon (seachas i gcás soghluaisteacht ball foirne le haghaidh cúrsaí agus oiliúna). Tiocfaidh an dá eagraíocht ar chomhaontú maidir leis an deontas a fuarthas a roinnt.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 100

  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht ball foirne le haghaidh cúrsaí agus oiliúna
  • In aghaidh an tsaineolaí dá dtugtar cuireadh
  • In aghaidh an mhúinteora nó an oideora faoi oiliúint a óstáiltear
  • In aghaidh an rannpháirtí i gcomórtais scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna
  • In aghaidh an fhoghlaimeora i soghluaisteacht grúpa

EUR 350; EUR 200 tar éis 100 rannpháirtí sa chineál gníomhaíochta céanna

  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint
  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht ball foirne le haghaidh na scáthfhoghlama agus tascanna teagaisc nó oiliúna

EUR 500

  • In aghaidh an rannpháirtí i soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (ErasmusPro)
  • In aghaidh an rannpháirtí in aon ghníomhaíocht aonair atá ar siúl i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár

Catagóir bhuiséid - Taisteal

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Ranníocaíocht le costais taistil fillte rannpháirtithe agus daoine tionlacain óna n‑áit bhunaidh chuig ionad na gníomhaíochta.

Faoi bhun 500 KM,  taistealóidh rannpháirtí, mar riail ghinearálta, le modh iompair atá íseal ar astaíochtaí

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an achar taistil agus ar an líon daoine

Ní mór don iarratasóir an t‑achar aeir idir an áit bhunaidh agus ionad na gníomhaíochta a léiriú14 tríd an áireamhán achair lena dtacaíonn an Coimisiún Eorpach a úsáid15 .

Méid

Achar taistil

Taisteal glas

Taisteal nach taisteal glas é

10 – 99 km

EUR 56

EUR 28

100 – 499 km

EUR 285

EUR 211

500 – 1 999 km

EUR 417

EUR 309

2000 – 2999 km

EUR 535

EUR 395

3000 – 3999 km

EUR 785

EUR 580

4000 – 7999 km

EUR 1188

EUR 1188

8 000 km nó níos mo

EUR 1735

EUR 1735

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht aonair

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chothaithe le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain16  le linn na gníomhaíochta.

Más gá, tá costais chothaithe incháilithe le haghaidh am taistil roimh an ngníomhaíocht agus ina diaidh, le 2 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe agus daoine tionlacain a fhaigheann deontas taistil nach deontas taistil glas é, agus 6 lá taistil ar a mhéad le haghaidh rannpháirtithe i gcás deontais taistil ghlais.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon daoine, ar fhad an fhanachta agus ar an tír óstach17 .

Méid

Catagóir rannpháirtithe

Grúpa tíortha 1

Grúpa tíortha 2

Grúpa tíortha 3

Baill foirne

–EUR -107 -191

–EUR -95 ‑ -169

–EUR -84 ‑ -148

Foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint

–EUR -48 ‑ -127

–EUR -41 ‑ -110

EUR 36 ‑ 93

Is raonta ceadaithe le haghaidh bonnrátaí in aghaidh an lae gníomhaíochta iad na rátaí thuas. Laistigh de na raonta sin, cinnfidh gach Gníomhaireacht Náisiúnta na bonnrátaí beachta le haghaidh tionscadail atá á mbainistiú aici, agus foilseoidh sí an t‑eolas sin ar a suíomh gréasáin.

Íoctar an bonnráta suas leis an 14ú lá den ghníomhaíocht (agus laethanta taistil san áireamh). Ón 15ú lá, beidh an ráta is iníoctha cothrom le 70 % den bhonnráta. Slánófar na rátaí iníoctha go dtí an euro iomlán is gaire.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht chuimsiúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Tacaíocht chuimsiúcháin d’eagraíochtaí: Costais a bhaineann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta a eagrú do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Méid

EUR 125 in aghaidh an rannpháirtí

Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe: Costais bhreise atá nasctha go díreach le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus leis na daoine atá á dtionlacan (lena n‑áirítear costais taistil agus chothaithe a bhfuil údar leo mura n‑iarrtar deontas le haghaidh na rannpháirtithe sin trí na catagóirí buiséid ar a dtugtar ‘Taisteal’ agus ‘Tacaíocht aonair’). Is féidir tacaíocht chuimsiúcháin a thabhairt freisin do bhaill foirne ar lú na deiseanna atá acu agus iad ag glacadh leis an ról mar dhaoine tionlacain nó iad rannpháirteach i gcuairt ullmhúcháin.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas.

Méid

100 % de chostais incháilithe

Catagóir bhuiséid - Cuairteanna ullmhúcháin

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais taistil agus chothaithe le haghaidh rannpháirtíocht i gcuairt ullmhúcháin.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 680 in aghaidh an rannpháirtí, agus trí rannpháirtí ann ar a mhéad in aghaidh na cuairte

Catagóir bhuiséid - Táillí cúrsa

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais lena gcumhdaítear táillí clárúcháin le haghaidh formáid soghluaisteachta baill foirne ‘Cúrsaí agus oiliúint’.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar fhad na gníomhaíochta.

Méid

EUR 80 in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh an lae; féadfaidh ball foirne aonair EUR 800 ar a mhéad a fháil i dtáillí cúrsa laistigh de chomhaontú deontais amháin.

Catagóir bhuiséid - Tacaíocht teanga

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais a bhaineann le hábhair foghlama teanga agus oiliúint a sholáthar do rannpháirtithe ar gá dóibh feabhas a chur ar an eolas atá acu ar an teanga a úsáidfidh siad chun tabhairt faoi staidéar nó oiliúint a fháil le linn a ngníomhaíochta.

Tá tacaíocht teanga incháilithe le haghaidh rannpháirtithe sna cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: i scáthfhoghlaim, sannacháin teagaisc agus oiliúna, soghluaisteacht foghlama ghearrthéarmach foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus soghluaisteacht foghlama fhadtéarmach foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (ErasmusPro).

Níl tacaíocht iníoctha ach amháin mura bhfuair an rannpháirtí Tacaíocht Teanga ar Líne mar gheall nach bhfuil an teanga nó an leibhéal a éilítear ar fáil, nó mar gheall ar bhacainní áirithe a bhíonn ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Níl feidhm ag na coinníollacha thuas maidir le tacaíocht threisithe a sholáthraítear le haghaidh rannpháirtithe in ErasmusPro.

Sásra maoiniúcháin: ranníocaíocht le costais aonaid.

Riail maidir le leithdháileadh: bunaithe ar an líon rannpháirtithe.

Méid

EUR 150 in aghaidh an rannpháirtí

Ina theannta sin: EUR 150 de thacaíocht threisithe in aghaidh an rannpháirtí in ErasmusPro

Catagóir bhuiséid - Costais eisceachtúla

Costais incháilithe agus rialacha is infheidhme

Costais chun ráthaíocht airgeadais a thabhairt, má iarrann an Ghníomhaireacht Náisiúnta sin.

Costais taistil chostasaigh na rannpháirtithe agus na ndaoine atá á dtionlacan nach féidir tacú leo leis an gcatagóir ‘Taisteal’ agus é caighdeánach, de dheasca iargúltacht gheografach nó bacainní eile.  Má dhámhtar iad, cuirtear na costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach in ionad na tacaíochta taistil bunaithe ar chostais aonaid.

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis.

Sásra maoiniúcháin: fíorchostais.

Riail maidir le leithdháileadh: ní mór don iarratasóir údar a thabhairt leis an iarraidh agus ní mór don Ghníomhaireacht Náisiúnta í a fhormheas. Tá feidhm ag taisteal costasach i gcásanna nach gcumhdaíonn an tacaíocht taistil bunaithe ar chostas aonaid 70 % de chostais taistil na rannpháirtithe.

Méid

Costais maidir le ráthaíocht airgeadais: 80 % de chostais incháilithe

Costais taistil chostasaigh: 80 % de chostais taistil incháilithe

Víosa agus costais a bhaineann le víosa, ceadanna cónaithe, vacsaínithe agus deimhnithe leighis: 100 % de chostais incháilithe

  • 1 https://www.cedefop.europa.eu/files/osnabrueck_declaration_eu2020.pdf ↩ back
  • 2 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=ga ↩ back
  • 3 Aon soghluaisteacht foghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna, measfar gur ‘Cúrsaí oiliúna sa Deis Dhigiteach’ í nuair a dhéanann an t‑oiliúnaí ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas: an mhargaíocht dhigiteach (mar shampla bainistíocht na meán sóisialta, anailísíocht gréasáin); dearadh digiteach, grafach, meicniúil nó ailtireachta; forbairt aipeanna, bunachar sonraí, scripteanna, nó suíomhanna gréasáin; córais agus líonraí TF a shuiteáil, a chothabháil agus a bhainistiú; an chibearshlándáil; anailísíocht sonraí, an mhianadóireacht agus léirshamhlú; róbait agus feidhmchláir intleachta saorga a ríomhchlárú agus oiliúint a chur orthu. Ní mheastar go bhfuil tacaíocht custaiméara chineálach, comhlíonadh orduithe, iontráil sonraí ná cúraimí oifige sa chatagóir seo. ↩ back
  • 4 Is féidir tuilleadh eolais faoi na comórtais scileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna a aimsiú i gCuid D – Gluais téarmaí. ↩ back
  • 5 Cláir gníomhaíochtaí grúpa ina mbíonn gníomhaíochtaí tráchtála ar fáil agus an cineál gníomhaíochta sin, nó an cineál gníomhaíochta sin go príomha, cuir i gcas cúrsaí i scoil teanga nó gníomhaíochtaí ‘réamhdhéanta’, níl siad incháilithe. Is féidir gníomhaíochtaí ag an soláthraí óstála gairmoideachais agus gairmoiliúna a chomhlánú le tréimhse ama i mbun foghlaim obairbhunaithe i ngnólacht. Más ábhartha do chlár foghlama na gníomhaíochta, is féidir le foghlaimeoirí cuid den tréimhse soghluaisteachta a chaitheamh ar thurais chomhpháirteacha chuig an dúlra, ionaid chultúrtha, comórtais idirnáisiúnta nó gníomhaíochtaí foghlama den chineál céanna. Mar sin féin, ní mór gur ábhar breise a bheadh in ábhar den sórt sin i gcónaí, anuas ar na príomhghníomhaíochtaí foghlama agus iad leabaithe i gclár piarfhoghlama a dhear an dá sholáthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna. ↩ back
  • 6 I ngach cás, fanfaidh na heagraíochtaí seolta agus na hósteagraíochtaí freagrach as cinntiú go n‑urramaítear na rialacha agus na dlíthe uile is infheidhme sna tíortha seolta agus óstacha. ↩ back
  • 7 Is é an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach Ballstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár a dhéanfaidh na cláir iVET agus cVET a shainiú agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta ábhartha iad. ↩ back
  • 8 Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta inniúil cinneadh maidir le cé acu atá na cláir uile sa ghairmoideachas nó sa ghairmoiliúint tosaigh incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta grúpa nó roinnt díobh amháin. ↩ back
  • 9 Is iad an Bhruiséil, Frankfurt, an Háig, Lucsamburg agus Strasbourg suíomhanna Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Measfar gníomhaíochtaí ag suíomh an Aontais Eorpaigh a bheith mar shoghluaisteacht thrasnáisiúnta, agus féadfar iarraidh ar mhaoiniú (mar a dhéantar tuairisc air sa roinn ‘Cad iad na rialacha maoinithe?’) a dhéanamh le haghaidh gach rannpháirtí, gan beann ar a dtír tionscnaimh. ↩ back
  • 10 Tá céimithe nua incháilithe chun bheith rannpháirteach ar feadh suas le 12 mhí tar éis bhronnadh a gcéime. I gcás ina mbeidh seirbhís shibhialta nó mhíleata éigeantach á comhlíonadh ag na rannpháirtithe tar éis bhronnadh na céime, déanfar an tréimhse incháilitheachta a fhadú de réir fhad na seirbhíse sin. ↩ back
  • 11 Is é an tÚdarás Náisiúnta inniúil i ngach Ballstát den Aontas nó tír atá comhlachaithe leis an gClár a shaineoidh na heagraíochtaí incháilithe agus foilseofar ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta ábhartha iad mar aon le samplaí ábhartha. ↩ back
  • 12 Soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna ag a bhfuil stádas speisialta agus atá faoi mhaoirseacht na n‑údarás náisiúnta i dtír eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iarratas a chur isteach chuig Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre maoirseachta. Chun eolas beacht a fháil ar gach cás, déan teagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta sa tír óstach nó sa tír ina bhfuil an t‑údarás náisiúnta ábhartha. ↩ back
  • 13 Ní áireofar catagóirí buiséid ‘Tacaíocht chuimsiúcháin le haghaidh rannpháirtithe’ agus ‘Costais eisceachtúla le haghaidh taisteal costasach’ sa teorainn sin. ↩ back
  • 14 Mar shampla, má bhíonn duine ó Mhaidrid (na Spáinne) ag glacadh páirt i ngníomhaíocht atá á reáchtáil sa Róimh (an Iodáil), déanfaidh an t‑iarratasóir an t‑achar ó Mhaidrid go dtí an Róimh a ríomh (1 365.28 KM) agus ansin roghnóidh an t‑iarratasóir an banda achair taistil is infheidhme (is é sin, idir 500 agus 1 999 km). ↩ back
  • 15 https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/distance-calculator_ga ↩ back
  • 16 I gcás daoine tionlacain, tá feidhm leis na rátaí foirne. I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar gá don duine tionlacain fanacht ar an gcoigríoch ar feadh tréimhse is faide ná 60 lá, tacófar le costais chothaithe bhreise lastall den 60ú lá faoin gceannteideal buiséid ar a dtugtar ‘Tacaíocht chuimsiúcháin’. ↩ back
  • 17 Grúpaí tíortha óstacha le haghaidh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus tríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár:

    Grúpa tíortha 1:An Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an tSualainn;

    Grúpa tíortha 2: An tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Chipir, Málta, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Laitvia

    Grúpa tíortha 3: An Bhulgáir, an Chróit, an Liotuáin, an Mhacadóin Thuaidh, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an Tuirc, an Ungáir

    Grúpaí óstacha le haghaidh tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár:

    Grúpa tíortha 1: An Airgintín, an Airméin, Angóla, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach, an Asarbaiseáin, an Astráil, Bairéin, Ceanada, an Chóiré Theas, Cuáit, an Eilvéis, Hong Cong, Iosrael, an Liobáin, Meicsiceo, an Mhalaeisia, an Mholdóiv, Oileáin Fharó, an tSeapáin, an tSeoirsia, an tSúdáin, na Stáit Aontaithe, San Críostóir‑Nimheas, San Uinseann agus na Greanáidíní, Singeapór, an Ríocht Aontaithe, an Tansáin, an Téalainn, an Téaváin, Vítneam, Andóra, Maracó, San Mairíne, Stát Chathair na Vatacáine.

    Grúpa tíortha 2: An Aetóip, an Afraic Theas, an Albáin, Antigua agus Barbúda, na Bahámaí, an Bhanglaidéis, Barbadós, an Bhealarúis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhrasaíl, Brúiné, an Chasacstáin, Catar, an Chéinia, Ciribeas, an Chirgeastáin, Cósta Ríce, an Cósta Eabhair, Cúba, Daon‑Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, Djibouti, Doiminice, Eacuadór, Éimin, an Éigipt, an Ghabúin, Gána, Greanáda, an Ghuáin, Háítí, Iamáice, an Iaráin, an India, an Indinéis, an Iordáin, Laos, an Libéir, an Libia, Malávach, an Mhicrinéis, Monacó, Montainéagró, Mósaimbíc, an Nigéir, Nua‑Ghuine Phapua, na hOileáin Fhilipíneacha, Oileán Mhuirís, Óman, an Phalaistín, Panama, Paragua, Peiriú, an Phoblacht Dhoiminiceach, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an Rúis, Saint Lucia, Sead, an tSeineagáil, na Séiséil, Siarra Leon, an tSile, an tSín, an tSiria, an Tuircméanastáin, an Úcráin, Uganda, an Úisbéiceastáin, Uragua, Veiniséala.

    Grúpa tíortha 3: An Afganastáin, an Ailgéir, an Bheilís, Beinin, an Bholaiv, an Bhotsuáin, Buircíne Fasó, an Bhurúin, an Bhútáin, Cabo Verde, Camarún, an Chambóid, an Cholóim, an Congó, an Chosaiv, an Eiritré, Eswatini, Fidsí, an Ghaimbia, Guatamala, an Ghuine, Guine Bissau, an Ghuine Mheánchiorclach, Hondúras, an Iaráic, Leosóta, Macao, Maenmar, Madagascar, Mailí, an Mháratáin, an Mhongóil, an Namaib, Nárú, Neipeal, Nicearagua, an Nígir, Niue, an Nua‑Shéalainn, Oileáin Chomóra, Oileáin Cook, Oileáin Mhaildíve, Oileáin Marshall, Oileáin Sholaimh, Oileán na Tríonóide agus Tobága, an Phacastáin, Palau, Poblacht na hAfraice Láir, an tSaimbia, an tSalvadóir, Samó, São Tomé agus Príncipe, an tSiombáib, an tSomáil, Srí Lanca, an tSúdáin Theas, Suranam, an Táidsíceastáin, Tíomór Thoir, Tóga, Tonga, an Túinéis, Tuvalu, Vanuatú. ↩ back

Tagged in:  Vocational education and training