Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cad é struchtúr an Chláir Erasmus+?

Chun a chuspóirí a bhaint amach, beartaítear leis an gClár Erasmus+ na Príomhghníomhaíochtaí seo a leanas a chur chun feidhme sa tréimhse 2021‑2027:

Príomhghníomhaíocht 1 – Soghluaisteacht Daoine Aonair

Leis an bPríomhghníomhaíocht seo tacaítear leis an méid seo a leanas:

  • Soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne: deiseanna do dhaltaí, do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí fásta, d’oiliúnaithe agus do dhaoine óga, chomh maith le hollúna, múinteoirí, oideoirí, oibrithe óige, baill foirne spóirt, baill foirne institiúidí oideachais agus eagraíochtaí sochaí sibhialta taithí foghlama agus/nó ghairmiúil a fháil i dtír eile;
  • Gníomhaíochtaí um rannpháirtíocht óige: tionscnaimh áitiúla agus thrasnáisiúnta faoi stiúir an phobail áitiúil atá á reáchtáil ag grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus/nó eagraíochtaí óige chun cabhrú le daoine óga a bheith páirteach sa saol daonlathach agus foghlaim conas a bheith rannpháirteach ann, feasacht a mhúscailt faoi luachanna coiteanna agus faoi chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh, daoine óga agus cinneadóirí a thabhairt le chéile ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach, chomh maith le rannchuidiú le luachanna coiteanna an Aontais Eorpaigh;
  • Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt: soláthraítear deis do bhaill foirne eagraíochtaí spóirt, spóirt ar an mbunleibhéal go príomha, chun a n‑inniúlachtaí agus a gcáilíochtaí a fheabhsú agus scileanna nua a fháil trí shoghluaisteacht foghlama agus trí thréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch, dá bhrí sin ag cur le fothú acmhainneachta agus le forbairt eagraíochtaí spóirt. Tacaíonn an ghníomhaíocht seo le forbairt ghairmiúil cóitseálaithe agus ball foirne eile (idir bhaill foirne íoctha agus oibrithe deonacha) i spóirt ar an mbunleibhéal. Féadfaidh baill foirne atá páirteach i spóirt nach bhfuil ar an mbunleibhéal, agus iad siúd atá páirteach i ngairmeacha spóirt agus i ngairmeacha nach mbaineann leis an spórt araon, an tionchar foghlama agus an malartú eolais le haghaidh baill foirne agus eagraíochtaí spóirt ar an mbunleibhéal a fheabhsú freisin san áireamh. Féadfar tacú le deiseanna soghluaisteachta foghlama do bhaill foirne i spórt nach bhfuil ar an mbunleibhéal i gcás ina bhféadfadh spórt ar an mbunleibhéal tairbhiú de rannpháirtíocht ball foirne den sórt sin.
  • DiscoverEU: an ghníomhaíocht faoina soláthraítear deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois taithí taistil aonair nó i ngrúpa a bheith acu go gearrthéarmach ar fud na hEorpa. Mar ghníomhaíocht foghlama neamhfhoirmiúla, is é is aidhm do DiscoverEU muintearas don Aontas Eorpach a chothú sna rannpháirtithe agus ligean dóibh éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a fhiosrú. Féachann sé freisin le scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt do dhaoine óga a mbainfidh luach leo ina saol amach anseo, agus iad a spreagadh chun glacadh leis an taisteal inbhuanaithe go háirithe agus le coinsias comhshaoil go ginearálta. Tá gníomhaíocht ghinearálta mar chuid de DiscoverEU, ar féidir le daoine óga cur isteach go díreach uirthi ar Thairseach Eorpach na hÓige, chomh maith le gníomhaíocht cuimsithe. Dírítear i nGníomhaíocht Cuimsithe DiscoverEU ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu chun a rannpháirtíocht in DiscoverEU a éascú ionas go mbeidh sí ar comhchéim lena bpiaraí.
  • Leis an gclár tairgfear deiseanna foghlama teanga do rannpháirtithe a dhéanann gníomhaíocht soghluaisteachta ar an gcoigríoch. Is tríd an uirlis ar a dtugtar Tacaíocht Teanga ar Líne (OLS) Erasmus+, agus í oiriúnaithe mar is gá d’earnálacha aonair, a thairgfear an tacaíocht sin den chuid is mó, ós rud é go bhfuil buntáistí foghlama teanga ag baint leis an ríomhfhoghlaim ó thaobh na rochtana agus na solúbthachta de. I gcásanna ar leith, nuair nach bhfuil an fhoghlaim ar líne ar an uirlis is fearr chun freastal ar an spriocghrúpa, tairgfear cineálacha breise tacaíochta teanga.
  • Malartuithe fíorúla san ardoideachas agus san óige: leis an ngníomhaíocht seo, cuirtear an deis ar fáil chun gníomhaíochtaí ar líne duine le duine a chuireann forbairt idirphlé chultúrtha agus scileanna boga chun cinn idir daoine ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár, ó Bhallstáit an Aontais nó ó thríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gclár. Déantar na gníomhaíochtaí sin i ngrúpaí beaga agus déanann éascaitheoir ar a bhfuil oiliúint modhnóireacht ar an ngníomhaíocht i gcónaí.

Príomhghníomhaíocht 2 – Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

Leis an bPríomhghníomhaíocht seo tacaítear leis an méid seo a leanas:

Comhpháirtíochtaí maidir leis an gComhar, lena n‑áirítear:

  • Comhpháirtíochtaí Comhair: Is é is príomhsprioc do Chomhpháirtíochtaí Comhair deis a thabhairt d’eagraíochtaí cáilíocht agus ábharthacht a ngníomhaíochtaí a mhéadú, a líonraí comhpháirtithe a fhorbairt agus a dhaingniú, a n‑acmhainneacht chun feidhmiú go comhpháirteach ar an leibhéal trasnáisiúnta a mhéadú, dlús a chur le hidirnáisiúnú a ngníomhaíochtaí, agus trí chleachtais agus modhanna nua a mhalartú nó a fhorbairt mar aon le smaointe a chomhroinnt agus aghaidh a thabhairt orthu;
  • Comhpháirtíochtaí ar Scála Beag: Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo rochtain ar an gclár a leathnú chuig gníomhartha ar scála beag agus daoine aonair nach éasca freastal orthu i réimse an oideachais scoile, an oideachais aosaigh, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt. Agus méideanna níos lú deontais á mbronnadh ar eagraíochtaí, tréimhse níos giorra agus ceanglais riaracháin níos simplithe i gceist i gcomparáid le Comhpháirtíochtaí Comhair, is é is aidhm don ghníomhaíocht seo freastal ar eagraíochtaí ar leibhéal an ghnáthphobail, ar nuatheachtaithe chuig an gClár agus ar eagraíochtaí ag a bhfuil níos lú taithí, agus bacainní iontrála ar an gClár á laghdú le haghaidh eagraíochtaí ag a bhfuil acmhainneacht eagraíochtúil níos lú.

Comhpháirtíochtaí Barr Feabhais, lena n‑áirítear:

  • Ollscoileanna Eorpacha: Leis an ngníomhaíocht seo tacaítear le teacht chun cinn comhaontais institiúidí ardoideachais ón mbun aníos, rud a fhágfaidh go mbeidh an comhar trasteorann ar an gcéad leibhéal uaillmhéine eile, ach straitéisí comhchoiteanna fadtéarmacha a fhorbairt le haghaidh oideachas, taighde agus nuálaíocht den scoth, bunaithe ar fhís choiteann agus ar luachanna comhroinnte;
  • Ionaid Barr Feabhais Gairme: Tacaíonn an ghníomhaíocht seo le cur chuige ón mbun aníos i leith barr feabhais gairme ina bhfuil raon leathan páirtithe leasmhara áitiúla rannpháirteach ag cur ar chumas institiúidí Gairmoideachais agus Gairmoiliúna an soláthar scileanna a chur in oiriúint go gasta chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta athraitheacha. Oibríonn siad i gcomhthéacs áitiúil áirithe, ag cruthú éiceachórais scileanna don nuálaíocht, don fhorbairt réigiúnach agus don chuimsiú sóisialta, agus ag obair le hionaid barr feabhais gairme i dtíortha eile trí líonraí comhoibríocha idirnáisiúnta.  Cuirtear deiseanna ar fáil le haghaidh oiliúint tosaigh daoine óga chomh maith le leanúint le huas‑sciliú agus athsciliú daoine fásta trí thairiscint oiliúna atá solúbtha agus tráthúil agus a fhreastalaíonn ar riachtanais margaidh soláthair atá dinimiciúil, i gcomhthéacs na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, mar shampla;
  • Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ Is é is cuspóir foriomlán don ghníomhaíocht seo comhpháirtíochtaí Eorpacha de sholáthraithe oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí a chruthú chun Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ a chur ar bun, rud a fhorbróidh dearcadh Eorpach agus idirnáisiúnta in oideachas múinteoirí. Is Acadaimh iad sin ina mbeidh an t‑ilteangachas agus an éagsúlacht chultúrtha i réim, ina bhforbrófar oideachas múinteoirí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais sa bheartas oideachais, agus lena rannchuideofar le cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais.
  • Gníomhaíocht Erasmus Mundus: Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo barr feabhais agus idirnáisiúnú domhanda ar institiúidí ardoideachais a chothú trí chláir staidéir – ar an leibhéal máistreachta – atá tugtha agus aitheanta go comhpháirteach ag institiúidí ardoideachais bunaithe san Eoraip, agus oscailte d’institiúidí i dtíortha eile den domhan.

Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht, lena n‑áirítear:

  • Comhaontais ar son na Nuálaíochta: Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo an comhar straitéiseach a chothú idir príomhghníomhaithe san ardoideachas agus sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, sa ghnó agus sa taighde – ‘triantán an eolais’ – chun nuálaíocht agus nuachóiriú córas oideachais agus oiliúna a chothú agus an riar ceart scileanna, eolais agus inniúlachtaí á sainaithint agus á soláthar chun freastal ar éileamh an mhargaidh amach anseo in earnálacha agus i réimsí atá straitéiseach le haghaidh fhás inbhuanaithe agus iomaíochas na hEorpa;
  • Tionscadail réamhbhreathnaitheacha: Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo an nuálaíocht, an chruthaitheacht agus an rannpháirtíocht a chothú, chomh maith leis an bhfiontraíocht shóisialta i réimsí éagsúla den oideachas agus den oiliúint. Beidh sí ina taca le smaointe réamhbhreathnaitheacha atá bunaithe ar phríomhthosaíochtaí Eorpacha agus a d’fhéadfadh a bheith príomhshruthaithe agus lena dtugtar ionchur chun córais oideachais agus oiliúna a fheabhsú agus beidh éifeacht nuálach shubstaintiúil aici chomh maith leis sin ó thaobh modhanna agus cleachtas de maidir le gach cineál foghlama agus suíomh rannpháirtíochta gníomhaí le haghaidh chomhtháthú sóisialta na hEorpa.

Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta, agus an méid a leanas san áireamh: 

  • Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta i réimse an ardoideachais: Tacaíonn an ghníomhaíocht seo le tionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ardoideachas i mBallstáit an Aontais nó i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gclár agus tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár. Is é is aidhm do na tionscadail tacú le hábharthacht, cáilíocht, nua‑aoisiú agus inrochtaineacht ardoideachais i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár agus na gnéithe sin mar thiománaí forbartha socheacnamaíche.
  • Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna: Tacaíonn an ghníomhaíocht seo i réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna le tionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna i mBallstáit an Aontais, i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gclár, agus i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár. Is é is aidhm do na tionscadail tacú le hábharthacht, inrochtaineacht agus freagrúlacht córas i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár agus na gnéithe sin mar thiománaí forbartha socheacnamaíche.
  • Tionscadail fothaithe acmhainneachta i réimse na hóige: leis an ngníomhaíocht seo tacaítear le comhar agus malartú i réimse na hóige idir eagraíochtaí i mBallstáit an Aontais, i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gclár agus i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, agus cumhdaítear gníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla, agus aird ar leith ann ar inniúlacht eagraíochtaí atá ag obair le daoine óga lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil a mhéadú, agus rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga á cinntiú an tráth céanna.
  • Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta i réimse an spóirt: Tacóidh an ghníomhaíocht le tionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an spóirt i mBallstáit an Aontais nó i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gclár agus i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár. Is é is aidhm do na tionscadail tacú le gníomhaíochtaí agus beartais spóirt i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár mar mhodh chun luachanna a chur chun cinn chomh maith le huirlis chun forbairt phearsanta agus shóisialta daoine aonair a chur chun cinn agus pobail níos comhtháite a thógáil.

Imeachtaí spóirt seachbhrabúsacha: Leis an ngníomhaíocht seo tacófar le hobair ullmhúcháin, eagrúcháin agus leantach a dhéanamh le haghaidh imeachtaí spóirt seachbhrabúsacha atá eagraithe i dtír aonair amháin nó i roinnt tíortha ag eagraíochtaí seachbhrabúsacha nó comhlachtaí poiblí atá gníomhach i réimse an spóirt. Is é is aidhm do na himeachtaí sin infheictheacht na ngníomhaíochtaí spóirt a bhaineann le Erasmus+ a mhéadú chomh maith le feasacht a mhúscailt faoi ról an spóirt chun an cuimsiú sóisialta, comhionannas deiseanna agus gníomhaíochtaí fisiceacha feabhsaithe sláinte a chur chun cinn.

Le hardáin ar líne amhail an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile (lena n‑áirítear, an r-Nascadh), an Ríomh‑Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE), agus Tairseach Eorpach na hÓige tairgfear spásanna comhair fíorúla, bunachair sonraí aimsithe comhpháirtithe, pobail cleachtais agus seirbhísí ar líne eile do mhúinteoirí, d’oiliúnóirí, d’oibrithe óige, do lucht ceaptha beartas agus do chleachtóirí eile, agus do dhaltaí, do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí fásta chomh maith leis sin san Eoraip agus lastall di.

Príomhghníomhaíocht 3 – Tacaíocht d’fhorbairt beartais agus comhar

Leis an bPríomhghníomhaíocht seo tacaítear leis an méid seo a leanas:

Gníomhaíocht Óige na hEorpa le chéile, a dhíríonn ar eagraíochtaí óige ar an mbunleibhéal agus eagraíochtaí níos mó agus a thacaíonn le comhpháirtíochtaí thar theorainneacha. Ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin ngníomhaíocht seo rannchuidiú le leathnú na for‑rochtana le haghaidh daoine óga chun éagsúlacht guthanna a chinntiú, dul i bhfeidhm ar raon leathan daoine óga laistigh d’eagraíochtaí óige agus lasmuigh díobh agus daoine óga ar lú na deiseanna atá acu san áireamh. Ba cheart do raon cainéil thraidisiúnta agus dhigiteacha a bheith iontu agus ba cheart dóibh forbairt rannpháirtíochtaí agus líonraí a éascú, ag cumasú rannpháirtíochta agus rochtana le haghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gluaiseachtaí óige ar an mbunleibhéal.

Ina theannta sin, leis an bPríomhghníomhaíocht sin cumhdaítear:

  • Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme chlár oibre beartais an Aontais a ullmhú agus tacú leis maidir leis an oideachas, leis an oiliúint, leis an óige agus leis an spórt, lena n‑áirítear cláir oibre earnála le haghaidh an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scoileanna agus na foghlama aosaí, agus go háirithe trí rialú agus feidhmiú na Modhanna oscailte comhordúcháin a éascú;
  • Tástálacha beartais Eorpacha a dhéanamh faoi stiúir údaráis phoiblí ardleibhéil agus lena bhfuil baint ag trialacha allamuigh i leith bearta beartais i roinnt tíortha, bunaithe ar mhodhanna meastóireachta fónta. I gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, soláthrófar tacaíocht airgeadais freisin do na struchtúir a spreagann na Meithleacha Náisiúnta a bheidh ainmnithe ag gach údarás náisiúnta faoi chuimsiú Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal náisiúnta;
  • Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh fianaise agus eolas a bhailiú faoi chórais agus beartais oideachais, oiliúna, óige agus spóirt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach, d’fhonn ceapadh beartais réasúnaithe a éascú. Baileofar an fhianaise agus déanfar an anailís trí shuirbhéanna agus léann uile‑Aontais nó idirnáisiúnta agus trí shaineolas téamach agus tírshonrach chomh maith leis sin;
  • Gníomhaíochtaí lena n‑éascaítear an trédhearcacht agus aithint scileanna agus cáilíochtaí, chomh maith le haistriú creidiúintí, chun dearbhú cáilíochta a chothú, tacú le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, bainistíocht scileanna agus soláthar treoraíochta. Ina theannta sin áireofar tacaíocht do chomhlachtaí nó líonraí ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach trína n‑éascófar malartuithe ar fud na hEorpa chomh maith le forbairt conairí foghlama solúbtha idir réimsí éagsúla den oideachas, den oiliúint agus den óige agus ar fud suíomhanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla;

Gníomhaíochtaí lena gcothaítear idirphlé beartais le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach mar shampla trí chomhdhálacha, imeachtaí agus gníomhaíochtaí eile lena bhfuil baint ag lucht ceaptha beartas, cleachtóirí agus páirtithe leasmhara eile i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, chun feasacht a mhúscailt faoi na cláir oibre beartais Eorpaigh ábhartha agus chun an Eoraip a chur chun cinn mar cheann scríbe staidéir agus taighde den scoth;

  • An comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ag a bhfuil saineolas agus acmhainneacht anailíseach an‑aitheanta (amhail ECFE agus Comhairle na hEorpa) chun tionchar agus breisluach beartas a neartú i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt.

Gníomhaíochtaí Jean Monnet

Tacaíonn Gníomhaíochtaí Jean Monnet leis an méid a leanas:

  • Gníomhaíocht Jean Monnet i réimse an Ardoideachais: Leis an ngníomhaíocht seo tacaítear le hInstitiúidí Ardoideachais laistigh agus lasmuigh den Eoraip chun teagasc agus taighde a chur chun cinn maidir leis an lánpháirtíocht Eorpach agus díospóireacht bheartais agus malartuithe a chur chun cinn leis an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais. Tacaítear leis na foghníomhaíochtaí seo a leanas: Modúil Jean Monnet: cláir teagaisc ghearra i ndisciplín amháin nó níos mó a bhaineann le léann an Aontais Eorpaigh; Ollúnachtaí Jean Monnet: poist teagaisc níos faide lena mbaineann speisialtóireacht i léann an Aontais Eorpaigh le haghaidh ollúna ollscoile aonair; Ionaid Barr Feabhais Jean Monnet: pointí fócasacha lena mbailítear eolas saineolaithe ardleibhéil i ndisciplíní éagsúla a bhaineann le léann Eorpacha, chomh maith le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta agus naisc struchtúracha a fhorbairt le hinstitiúidí acadúla i dtíortha eile; 
  • Gníomhaíochtaí Jean Monnet i réimse eile oideachais agus oiliúna: Leis an ngníomhaíocht seo cuirtear eolas ar an Aontas Eorpach chun cinn i scoileanna agus in institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár. Is é is aidhm di deiseanna a thairiscint do sholáthraithe oideachais agus inneachar a fhorbairt agus a sholáthar d’fhoghlaimeoirí, do sholáthraithe oiliúna múinteoirí chun tacú le múinteoirí le modheolaíochtaí agus eolas cothrom le dáta ar shaincheisteanna maidir leis an Aontas Eorpach agus díospóireacht agus malartuithe a chur chun cinn idir ionadaithe scoile agus gairmoideachais agus gairmoiliúna agus páirtithe leasmhara lena mbaineann maidir le foghlaim faoi ábhair an Aontais Eorpaigh. Tacaítear leis na foghníomhaíochtaí seo a leanas: Acadamh Múinteoirí: tograí oiliúna struchtúrtha a dhearadh agus a thairiscint maidir le hábhair an Aontais do mhúinteoirí; Tionscnamh Foghlama AE: tuiscint níos fearr a chur chun cinn, san oideachas ginearálta agus sa ghairmoiliúint (ISCED 1-4);
  • Díospóireacht bheartais Jean Monnet: Líonraí Jean Monnet san Ardoideachas, i gcomhréir le téama sonrach atá nasctha le  tosaíocht de chuid an Choimisiúin, déanfaidh siad torthaí taighde, inneachar cúrsaí agus taithí, táirgí (staidéir, airteagail, inneachar cúrsaí, srl.) a bhailiú, a roinnt agus a phlé i measc comhpháirtithe. Líonraí le haghaidh réimsí oideachais agus oiliúna eile, malartú dea‑chleachtas agus tabhairt faoin gcomhtheagasc laistigh de ghrúpa tíortha;
  • Tacaíocht d’institiúidí ainmnithe: Leis an ngníomhaíocht tacaítear le hinstitiúidí a fhéachann le leas Eorpach a shaothrú, agus seirbhísí ardcháilíochta i réimsí ábhair tosaíochta sonracha á soláthar don Aontas, dá Bhallstáit agus do na saoránaigh. Is éard atá i gceist le príomhimeachtaí agus for‑rochtain na n‑institiúidí sin ná taighde, lena n‑áirítear bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin chun beartais atá le teacht a ullmhú, teagasc in situ agus ar líne do bhaill foirne atá le teacht chuig na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus do sheirbhísigh shibhialta go háirithe i réimsí dlíthiúla agus bainistíochta, imeachtaí a eagrú faoi shaincheisteanna tosaíochta don Aontas agus torthaí sonracha agus eolas ginearálta a scaipeadh don phobal i gcoitinne.