Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Céard a tharlaíonn nuair a fhormheastar an t‑iarratas?

Comhaontú deontais

Má roghnaítear an tionscadal le haghaidh deontas ón Aontas Eorpach faoi Erasmus+:

  • sínítear comhaontú deontais idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin agus an t‑iarratasóir. Gheobhaidh an t‑iarratasóir an comhaontú deontais, lena shíniú agus lena chur ar ais chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin; tá an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin ar an bpáirtí deiridh le síniú. Nuair a bheidh an deontas sínithe ag an dá pháirtí, tiocfaidh an t‑iarratasóir chun bheith ina thairbhí de dheontas ón Aontas agus is féidir leis an tionscadal a thosú 1 .

Féadfaidh comhaontuithe deontais a bheith i bhfoirm comhaontuithe aon tairbhe amháin, inarb é an t‑iarratasóir an tairbhí aonair, nó comhaontuithe iltairbhithe, ina dtagann eagraíochtaí comhpháirtíochta uile an chuibhreannais chun bheith ina dtairbhithe den chomhaontú. An comhordaitheoir a shíníonn an comhaontú iltairbhithe, agus is é an comhordaitheoir sin an pointe teagmhála aonair don Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin. Mar sin féin, síníonn gach eagraíocht eile atá rannpháirteach i dtionscadal (comhthairbhithe) sainordú chun an fhreagracht a bhronnadh ar an gcomhordaitheoir gníomhú mar an príomhthairbhí. Mar riail ghinearálta, ba cheart sainorduithe gach comhpháirtí a sholáthar ag céim an iarratais. Má sholáthraítear na sainorduithe sin ina dhiaidh sin, ní mór iad a chur ar fáil faoin tráth a shínítear an comhaontú deontais ar a dhéanaí.

Nóta bene: Ní gá sainorduithe a bheith ag eagraíochtaí comhpháirtíochta i dtíortha seachas tír na heagraíochta is iarratasóra i gcás tionscadail soghluaisteachta le haghaidh mic léinn agus baill foirne ardoideachais, tionscadail soghluaisteachta le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint, tionscadail soghluaisteachta le haghaidh daltaí agus baill foirne in oideachas scoile, agus tionscadail soghluaisteachta le haghaidh baill foirne in oideachas aosach. Mar sin féin, éilítear ar eagraíochtaí is comhaltaí de chuibhreannais náisiúnta i réimsí an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais scoile agus aosach, sainordú a sholáthar don eagraíocht is iarratasóir.

Méid an deontais

Ní hionann glacadh le hiarratas agus gealltanas go ndámhfar maoiniú cothrom leis an méid a d’iarr an t‑iarratasóir. Féadfar an maoiniú a iarradh a laghdú ar bhonn na rialacha airgeadais sonracha a bhaineann le Gníomhaíocht ar leith.

I gcás ina ndámhtar deontas i mbabhta roghnúcháin áirithe ní hionann é sin agus teidlíocht le haghaidh babhtaí ina dhiaidh sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur uasmhéid atá i méid an deontais a fhoráiltear sa chomhaontú agus nach féidir é a mhéadú, fiú má iarrann an tairbhí méid níos mó.

Ní mór na cistí arna n‑aistriú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin nó ag an nGníomhaireacht Náisiúnta a shainaithint laistigh den chuntas nó den fhochuntas a léirigh an tairbhí le haghaidh íocaíocht an deontais.

Nósanna imeachta íocaíochta

De réir an chineáil Gníomhaíochta, fhad an chomhaontaithe deontais agus an mheasúnúcháin ar an riosca airgeadais, tá tionscadail a dtacaítear leo faoin gClár Erasmus+ faoi réir nósanna imeachta íocaíochta éagsúla.

Ach amháin i gcás na chéad íocaíochta réamh‑mhaoiniúcháin, déanfar íocaíochtaí nó gnóthuithe eile ar bhonn na hanailíse ar thuarascálacha nó ar iarrataí íocaíochta a bheidh curtha isteach ag an tairbhí (foilseofar teimpléid na ndoiciméad sin le linn na bliana ar shuíomhanna gréasáin na nGníomhaireachtaí Náisiúnta nó sa Tairseach Cistiúcháin agus Tairisceana le haghaidh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin).

Tá tuairisc anseo thíos ar na nósanna imeachta íocaíochta a chuirtear chun feidhme faoi Erasmus+.

Íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin

Aistreofar íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin chuig an tairbhí laistigh de 30 lá tar éis an dáta a shíníonn an páirtí deiridh den dá pháirtí an comhaontú deontais (‘teacht i bhfeidhm’), agus i gcás inarb ábhartha, a fhaightear aon ráthaíocht iomchuí (féach an roinn ‘ráthaíocht airgeadais’ thíos). Tá sé i gceist leis an réamh‑mhaoiniú cúlchnap a chur ar fáil don tairbhí. Féadfaidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin an chéad íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin a roinnt ina tráthchodanna. Féadfaidh siad a chinneadh freisin an réamh‑mhaoiniú a laghdú nó gan aon réamh‑mhaoiniú a íoc, más rud é go meastar nach bhfuil acmhainn airgeadais an tairbhí leordhóthanach.

Íocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin eile

Faoi Ghníomhaíochtaí áirithe, aistreofar an dara híocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin – agus an tríú híocaíocht i gcásanna áirithe – chuig an tairbhí laistigh de 60 lá féilire tar éis na hiarrataí ar íocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin breise arna gcur isteach ag an tairbhí a bheith faighte ag an nGníomhaireacht Náisiúnta nó ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, ach ní dhéanfar sin ach amháin má tá tuarascáil réamh‑mhaoiniúcháin ag gabháil leis an iarraidh ar íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin bhreise. Féadfar na híocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin breise sin a iarraidh nuair a bheidh 70% ar a laghad den íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin roimhe sin caite. I gcás ina léirítear sa ráiteas maidir le húsáid na híocaíochta / na n‑íocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin roimhe sin gur úsáideadh níos lú ná 70% den íocaíocht nó de na híocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin roimhe sin chun costais na gníomhaíochta a chlúdach, déanfar méid an réamh‑mhaoiniúcháin nua atá le híoc a laghdú de na méideanna nár úsáideadh den réamh‑mhaoiniú roimhe sin.

Tuarascálacha eatramhacha nó tuarascálacha ar dhul chun cinn/tuarascálacha teicniúla

D’fhéadfaí iarraidh ar thairbhithe tuarascáil thréimhsiúil nó eatramhach a chur isteach agus í ag gabháil leis an iarraidh ar íocaíocht eatramhach.

I gcásanna eile, féadfar a iarraidh ar thairbhithe freisin tuarascáil ar dhul chun cinn a chur isteach chomh maith leis sin chun eolas a sholáthar ar staid chur chun feidhme an tionscadail. Níl tuarascálacha ar dhul chun cinn ina gcúis le híocaíocht bhreise. Ní mór na tuarascálacha eatramhacha agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn a chur isteach faoin sprioc‑am a léirítear sa chomhaontú deontais.

Íocaíocht nó gnóthú an iarmhéid

Déanfar méid na híocaíochta críochnaithí atá le híoc leis an tairbhí a bhunú ar bhonn tuarascáil chríochnaitheach atá le cur isteach faoin sprioc‑am a léirítear sa chomhaontú deontais. Más rud é a) nach gcuirtear na himeachtaí lena ngintear an deontas chun feidhme nó go gcuirtear chun feidhme iad ar bhealach éagsúil ná mar a bhí beartaithe; nó b) gurb ísle na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí iarbhír ná na costais a bhí beartaithe ag céim an iarratais, nó c) nach bhfuil cáilíocht na ngníomhaíochtaí/na n‑aschur a rinneadh ard go leor, féadfar an maoiniú a laghdú go comhréireach nó, i gcás inarb infheidhme, éileofar ar an tairbhí aon mhéid breise a fuarthas cheana mar íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin a aisíoc.

Faoi Ghníomhaíochtaí áirithe, aistríonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin 100 % den deontas a dámhadh trí na tráthchodanna réamh‑mhaoiniúcháin. Sna cásanna sin, níl íocaíocht an iarmhéid dlite. Mar sin féin, más rud é – ar bhonn tuarascáil deiridh atá le cur isteach ag an tairbhí faoin sprioc‑am a léirítear sa chomhaontú deontais – a) nach gcuirtear chun feidhme na himeachtaí lena ngintear an deontas nó go gcuirtear chun feidhme iad ar bhealach atá éagsúil lenar beartaíodh; nó b) gurb ísle na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí iarbhír ná na costais a bhí beartaithe ag céim an iarratais, nó c) nach bhfuil cáilíocht na ngníomhaíochtaí/na n‑aschur a rinneadh ard go leor, éileofar ar an tairbhí aon mhéid breise a fuarthas cheana mar íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin a aisíoc.

Íocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin (nó cuid díobh) féadfar iad a fhritháireamh (gan toiliú na dtairbhithe) in aghaidh méideanna atá dlite ag tairbhí don údarás deonúcháin – suas leis an méid atá dlite don tairbhí sin.

Mar riail ghinearálta, eiseofar an íocaíocht deiridh nó an iarraidh ar ghnóthú an iarmhéid laistigh de 60 lá féilire tar éis dháta fála na tuarascála deiridh.

  • 1 Féach an fonóta thuas. ↩ back