Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Céim 3: Na coinníollacha airgeadais a sheiceáil

 Cineálacha deontais

Féadfaidh an deontas a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

  1. deontas costas iarbhír measctha:
    1. costais incháilithe arna dtabhú iarbhír a aisíoc: mar shampla, na costais eisceachtúla faoi ghníomhaíochtaí soghluaisteachta Phríomhghníomhaíocht 1.
    2. aisíocaíocht ar bhonn costais aonaid, lena gcumhdaítear catagóirí sonracha áirithe de chostais incháilithe a shainaithnítear go soiléir roimh ré faoi threoir méid in aghaidh an aonaid: mar shampla, an tacaíocht aonair faoi thionscadail soghluaisteachta Phríomhghníomhaíocht 1;
  2. ranníocaíochtaí cnapshuime1 : Ciallaíonn sé sin go n‑aisíocfar suim sheasta leis an deontas, bunaithe ar chnapshuim nó ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais. Ríomhtar méid na cnapshuime i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i gcinneadh na cnapshuime agus trí úsáid a bhaint as an tábla/áireamhán buiséid mionsonraithe a sholáthraítear (más ann dó).Is féidir gurb é atá ann:
    1. Deontais Cnapshuime bunaithe ar bhuiséad: Socróidh an t‑údarás deonúcháin an méid ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail, thoradh na meastóireachta agus ráta maoiniúcháin atá socraithe sa Ghlao (Cuid B den Treoir seo.  Ní mór na bunchoinníollacha incháilitheachta maidir le deontais costais iarbhír an Aontais a chomhlíonadh leis an mbuiséad measta (le haghaidh gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag EACEA, féach AGA — Comhaontú Deontais Anótáilte, airt. 6)
    2. Deontais Cnapshuime réamhshocraithe: Déanann an t‑údarás deonúcháin an méid a réamhshocrú sa Ghlao (Cuid B den Treoir seo).
  3. meascán de na nithe thuas.

I bhformhór na gcásanna, soláthraítear leis an sásra maoinithe a chuirtear i bhfeidhm faoi Chlár Erasmus+ deontais bunaithe ar an aisíocaíocht ar bhonn costais aonaid nó cnapshuimeanna. Cuidíonn na cineálacha deontais sin le hiarratasóirí méid an deontais arna iarraidh a ríomh go héasca agus pleanáil airgeadais réalaíoch an tionscadail a éascú.

Le fáil amach cén cineál deontais a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach mír mhaoinithe faoi gach Gníomhaíocht Erasmus+ a chumhdaítear leis an Treoir seo, féach an tuairisc ar gach gníomhaíocht i gCuid B, an roinn ‘Cad iad na rialacha maoinithe?’.

Prionsabail a bhaineann le deontais ón Aontas eorpach

Neamh‑aisghníomhaíocht

Ní fhéadfar aon deontas ón Aontas a dhámhachtain go cúlghabhálach le haghaidh tionscadail atá críochnaithe cheana féin.

Ní fhéadfar deontas ón Aontas a dhámhachtain le haghaidh tionscadal a tosaíodh cheana ach amháin i gcás inar féidir leis an iarratasóir a léiriú, sa togra tionscadail, gur gá tús a chur leis an tionscadal sular síníodh an comhaontú deontais. I gcásanna den sórt sin, ní thabhófar na costais incháilithe ar mhaoiniú roimh an dáta faoina gcuirtear isteach an t‑iarratas ar dheontas.

Má chuireann an t‑iarratasóir tús leis an tionscadal a chur chun feidhme sula sínítear an comhaontú deontais, déantar sin ar riosca an iarratasóra.

Tíolacthaí iolracha

I gcás gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, féadfaidh iarratasóirí níos mó ná togra amháin a chur isteach le haghaidh tionscadal éagsúil faoin nglao céanna (agus féadfar maoiniú a dhámhachtain dóibh ina leith). Féadfaidh eagraíochtaí a bheith rannpháirteach i níos mó ná togra amháin. Má tá níos mó ná togra amháin le haghaidh tionscadal an‑chosúil lena chéile, áfach, ní dhéanfar ach togra amháin a ghlacadh agus a mheas; iarrfar ar na hiarratasóirí ceann amháin díobh a tharraingt siar (nó diúltófar dó).

Féadfar tograí a athrú agus a chur isteach arís suas go dtí an sprioc‑am chun iarratas a chur isteach.

Maidir le gníomhaíochtaí a bhainistíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta, i gcás ina gcuireann an t‑iarratasóir céanna an t‑iarratas céanna faoi bhráid Gníomhaireachtaí éagsúla an iliomad uaireanta, diúltófar dóibh. I gcás ina gcuireann an t‑iarratasóir céanna nó iarratasóir éagsúil iarratais atá beagnach comhionann nó atá comhchosúil faoi bhráid na Gníomhaireachta céanna nó na nGníomhaireachtaí céanna, beidh siad uile faoi réir measúnú sonrach agus is féidir go ndiúltófar iad uile.

Inneachar bunaidh agus údarthacht

I ngach iarratas ar thionscadail agus creidiúnú, ní mór inneachar bunaidh atá údaraithe ag an iarratasóir nó ag eagraíochtaí eile a chuireann isteach go comhpháirteach ar dheontas a bheith ann. Féadfaidh institiúid ardoideachais a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta páirt a thabhairt maidir le dréachtú a n‑iarratas dá gcuid institiúidí ardoideachais comhpháirtíochta ó thíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár. Ní féidir aon eagraíocht eile ná daoine aonair seachtracha a íoc ná a chúiteamh ar bhealach eile as an iarratas a dhréachtú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta an t‑iarratas a dhiúltú ón bpróiseas roghnúcháin nó tionscadal/creidiúnú dáfa a fhoirceannadh ag aon tráth má chinneann sí nár comhlíonadh na rialacha sin.

Dámhachtain neamhcharnach

Níl tionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach i dteideal ach aon deontas amháin a fháil ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh d’aon tairbhí amháin ar bith. Ní dhéanfar na costais chéanna a mhaoiniú faoi dhó i gcás ar bith trí mheán bhuiséad an Aontais.

Chun an baol maidir le maoiniú dúbailte a sheachaint, ní mór don iarratasóir foinsí agus méideanna aon mhaoiniúcháin eile a fuarthas nó ar ar cuireadh isteach le linn na bliana a léiriú, cibé acu le haghaidh an tionscadail chéanna nó le haghaidh aon tionscadal eile, lena n‑áirítear deontais oibriúcháin. Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, léireofar an méid sin san fhoirm iarratais. Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin, seiceálfar an méid sin trí Dhearbhú ar Onóir.

Neamhbhrabús

Ní bheidh sé de chuspóir ná d’éifeacht ag deontas a mhaoinítear trí bhuiséad an Aontais brabús a dhéanamh faoi chuimsiú an tionscadail a dhéanann an tairbhí. Sainítear brabús mar bharrachas, arna ríomh tráth a n‑íocfar an t‑iarmhéid, fáltas i leith chostais incháilithe na gníomhaíochta nó an chláir oibre, i gcás ina mbeidh fáltais teoranta do dheontas an Aontais agus don teacht isteach arna ghiniúint ag an ngníomhaíocht nó ag an gclár oibre sin2 .

Níl feidhm ag an bprionsabal neamhbhrabúis maidir le deontais a sholáthraítear i bhfoirm costas aonaid, cnapshuime nó maoiniú ar ráta comhréidh, lena n‑áirítear scoláireachtaí, ná maidir le hiarrataí ar dheontais nach mó iad ná EUR 60 000.

Nuair a dhéantar brabús, beidh an Coimisiún i dteideal ghnóthú chéatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais leis na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí iarbhír agus an ghníomhaíocht á déanamh.

Chun críche an brabús a ghintear leis an deontas a ríomh, ní chuirfear san áireamh cómhaoiniú i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil.

Cómhaoiniú

Thairis sin, spreagadh atá i ndeontas ón Aontas Eorpach chun tionscadal a dhéanamh nach mbeadh indéanta gan tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach, agus tá sé bunaithe ar phrionsabal an chómhaoinithe. Tuigtear le cómhaoiniú go bhféadfadh sé tarlú nach maoineofaí costais iomlána an tionscadail leis an deontas ón Aontas Eorpach; ní mór an tionscadal a mhaoiniú le foinsí cómhaoinithe seachas an deontas ón Aontas Eorpach (mar shampla acmhainní dílse an tairbhí, ioncam a ghintear leis an ngníomhaíocht, ranníocaíochtaí airgeadais ó thríú páirtithe).

Nuair a sholáthraítear deontas ón Aontas i bhfoirm costas aonaid, cnapshuime, nó maoiniú ar ráta comhréidh – mar atá i gcás fhormhór na nGníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo – cinntíonn an Coimisiún prionsabail an neamhbhrabúis agus an chómhaoinithe le haghaidh na Gníomhaíochta ina hiomláine roimh ré nuair a shainíonn sé rátaí nó céatadáin na n‑aonad, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidh sin. Glactar leis tríd is tríd go gcloítear leis na prionsabail neamhbhrabúis agus chómhaoinithe agus, dá bhrí sin, ní gá d’iarratasóirí eolas a chur ar fáil ar fhoinsí maoiniúcháin seachas an deontas ón Aontas Eorpach, ná ní gá dóibh údar a thabhairt leis na costais a thabhaítear leis an tionscadal.

Mar sin féin, íocaíocht an deontais bunaithe ar an aisíocaíocht ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna, nó maoiniú ar ráta comhréidh, tá sí gan dochar don cheart rochtana ar thaifid reachtúla na dtairbhithe. I gcás ina nochtar le seiceáil nó le hiniúchadh nár tharla an t‑imeacht ginte (mar shampla ní dhéantar gníomhaíochtaí an tionscadail mar a fhormheastar ag céim an iarratais, ní ghlacann rannpháirtithe páirt sna gníomhaíochtaí srl.) agus go ndearnadh íocaíocht mhíchuí leis an tairbhí i bhfoirm deontais bunaithe ar an íocaíocht ar bhonn ranníocaíochta le costais aonaid, cnapshuimeanna, nó maoiniú ar ráta comhréidh, beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin i dteideal suas le méid an deontais a ghnóthú. Ar an mbealach céanna, mura gcuirtear na gníomhaíochtaí a rinneadh nó na haschuir a táirgeadh chun feidhme nó mura gcuirtear chun feidhme iad i gceart (lena n‑áirítear mainneachtain oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh), féadfar an deontas a laghdú, agus a mhéid a cuireadh an ghníomhaíocht i gcrích á chur san áireamh. Ina theannta sin, chun críocha staidrimh agus monatóireachta, féadfaidh an Coimisiún Eorpach suirbhéanna a dhéanamh ar shamplaí de thairbhithe a bhfuil mar aidhm leo cainníochtú a dhéanamh i leith na gcostas iarbhír a thabhaítear i dtionscadail a chistítear bunaithe ar an aisíocaíocht ar bhonn ranníocaíochta le costais aonaid, cnapshuimeanna nó maoiniú ar ráta comhréidh.

Costais agus ranníocaíochtaí incháilithe agus neamh‑incháilithe a bhaineann le deontais costas iarbhír measctha

Chun a bheith incháilithe, ní mór na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach thíos a chomhlíonadh i ndáil le costais agus ranníocaíocht3 :

Costais incháilithe – coinníollacha ginearálta

I gcás costais iarbhír:

  • ní mór don tairbhí iad a thabhú i ndáiríre;
  • ní mór iad a thabhú le linn thréimhse an tionscadail, cé is moite de na costais a bhaineann le tuarascálacha críochnaitheacha agus le deimhnithe iniúchóireachta, a bhféadfaidh tarlú ina dhiaidh;
  • ní mór iad a léiriú i mbuiséad measta an tionscadail;
  • ní mór iad a bheith riachtanach maidir le cur chun feidhme an tionscadail is ábhar don deontas;
  • ní mór iad a bheith in‑sainaitheanta agus infhíoraithe, go háirithe taifead a bheith déanta orthu i dtaifid chuntasaíochta an tairbhí agus iad a bheith cinntithe de réir chaighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an tairbhí bunaithe agus de réir ghnáthchleachtais an tairbhí i ndáil le cuntasaíocht chostála;
  • ní mór forálacha na reachtaíochta cánach agus sóisialta is infheidhme a chomhlíonadh leo;
  • tá siad réasúnach, tá bonn cirt leo agus comhlíonann siad prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le tíosaíocht agus éifeachtúlacht.

I gcás costais aonaid agus ranníocaíochtaí:

  • ní mór iad a bheith dearbhaithe faoi cheann de na catagóirí buiséid a leagtar amach i mbuiséad measta an tionscadail;
    • ní mór do na haonaid a bheith:
      • in úsáid nó á dtáirgeadh iarbhír ag an tairbhí le linn na tréimhse cur chun feidhme;
      • riachtanach maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta agus
    •  ní mór an líon aonad a bheith inaitheanta agus infhíoraithe agus, nuair is gá, taifid agus doiciméadacht a bheith ag gabháil leo;

Ranníocaíochtaí cnapshuime:

  • ní mór iad a bheith dearbhaithe faoi cheann de na gníomhaíochtaí/pacáistí oibre a leagtar amach i mbuiséad measta an tionscadail;
  • ní mór an obair a bheith curtha chun feidhme i gceart ag an tairbhí i gcomhréir le comhaontú an deontais;
  • ní mór na táirgí/haschuir a bheith bainte amach le linn an tréimhse cur chun feidhme;

Costais incháilithe - Coinníollacha sonracha

Féadfaidh costais incháilithe a bheith díreach nó indíreach.

Costais dhíreacha

Is iad na costais dhíreacha incháilithe le haghaidh na gníomhaíochta na costais sin a shainaithnítear, agus aird chuí á tabhairt ar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach thuas, mar chostais shonracha atá nasctha go díreach le feidhmíocht na gníomhaíochta agus is féidir a bheith go díreach sannta di dá bhrí sin. I dteannta na gcostas incháilithe díreach a léireofar sa ghlao ar thograí, meastar go bhfuil na catagóirí seo a leanas incháilithe freisin:

  • costais a bhaineann le ráthaíocht réamh‑mhaoiniúcháin atá taiscthe ag tairbhí an deontais, i gcás ina n‑éilíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta an ráthaíocht sin;
  • costais a bhaineann le deimhnithe ar na ráitis airgeadais agus tuarascálacha fíorúcháin oibríochtúla i gcás ina n‑éileoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta na deimhnithe nó na tuarascálacha sin chun tacú leis na hiarrataí ar íocaíochtaí;
  • costais dímheasa, i gcás ina ndéanann an tairbhí iad a thabhú iarbhír.

Má údaraítear iad le haghaidh gníomhaíochta áirithe, cuir san áireamh nach catagóir chlasaiceach costais iad costais dheonacha. Níl aon chostas ann toisc go n‑oibríonn oibrithe deonacha saor in aisce, ach mar sin féin féadfar iad a chur leis an mbuiséad mar chostas aonaid réamhshocraithe (in aghaidh an oibrí dheonaigh)4  a ligeann duit dá réir sin tairbhiú d’obair na n‑oibrithe deonacha don deontas (trí mhéid na haisíocaíochta a mhéadú suas le 100 % de ghnáthchostais, is é sin catagóirí costas seachas oibrithe deonacha).

Le haghaidh gníomhaíochtaí arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, bain úsáid as na costais aonaid maidir le taisteal, lóistín agus cothú a shonraítear i gCinneadh ón gCoimisiúin C(2021)  355  nuair atá do chostais thaistil, lóistín agus chothaithe á ríomh agat. Ina theannta sin, tabhair faoi deara go bhfuil sealbhóirí FBM agus tairbhithe in ndaoine nádúrtha incháilithe trí Chinneadh ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 a chur i bhfeidhm lena n‑údaraítear costais aonaid a úsáid maidir le costais phearsanra úinéirí fiontar beag agus meánmhéide agus tairbhithe ina ndaoine nádúrtha nach bhfaigheann tuarastal don obair a dhéanann siad féin faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre6 .

Ó thaobh suíomhanna gréasáin tionscadail de, tá costais chumarsáide maidir leis an tionscadal a chur i láthair ar shuíomhanna gréasáin nó ar chuntais mheáin shóisialta na rannpháirtithe incháilithe.

Níl Tacaíocht Airgeadais chuig tríú Páirtithe incháilithe ach amháin má fhoráiltear dóibh sa Ghlao (Cuid B den Treoir Cláir seo).

Ní mór a bheith in ann próisis inmheánacha an tairbhí maidir le cuntasaíocht agus iniúchadh na costais agus an t‑ioncam a dhearbhaítear a réiteach go díreach leis na ráitis chuntasaíochta chomhfhreagracha agus le doiciméid tacaíochta.

Cáin Bhreisluacha (CBL)

Ní mheasfar cáin bhreisluacha mar chostas incháilithe ach amháin murar féidir í a ghnóthú tríd an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir le CBL7 . An t‑aon eisceacht a bhaineann leis sin ná gníomhaíochtaí nó idirbhearta ina bhfuil stáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile páirteach mar údaráis phoiblí8 . Ina theannta sin:

  • CBL in‑asbhainte nach n‑asbhaintear i ndáiríre (i ngeall ar dhálaí náisiúnta nó de bharr mhíchúram na dtairbhithe), níl sé incháilithe;
  • níl feidhm ag an Treoir CBL le tíortha neamh‑AE. Féadfar eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a dhíolmhú ó chánacha (agus CBL san áireamh), ó dhleachtanna agus ó mhuirir, más rud é gur síníodh comhaontú idir an Coimisiún Eorpach agus an tríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ina bhfuil an eagraíocht bunaithe.

Costais indíreacha incháilithe

Is éard atá i gceist le costais indíreacha costais nach bhfuil nasctha go díreach le cur chun feidhme na gníomhaíochta agus nach féidir, dá bhrí sin, a bheith curtha ina leith go díreach.

I gcás cineálacha áirithe tionscadal (féach Cuid B den Treoir seo le haghaidh mionsonraí ar na rialacha maoiniúcháin le haghaidh Gníomhaíochtaí), tá méid ar ráta comhréidh, nach mó ná 7 % de chostais dhíreacha incháilithe an tionscadail (seachas costais dheonacha, más ann) incháilithe faoi chostais indíreacha, lena léirítear costais riaracháin ghinearálta an tairbhí nach bhfuil cumhdaithe cheana leis na costais dhíreacha incháilithe (mar shampla billí leictreachais nó idirlín, costais áitribh, srl.) ach ar féidir a mheas gur costais inmhuirearaithe i leith an tionscadail iad.

Ní fhéadfar a áireamh le costais indíreacha costais a chuirtear isteach faoi chatagóir bhuiséid eile. Níl costais indíreacha incháilithe i gcás ina bhfaigheann an tairbhí deontas oibriúcháin ó bhuiséad an Aontais cheana féin (mar shampla faoi chuimsiú an ghlao ar thograí maidir le Comhar leis an tSochaí Shibhialta faoi Chlár Erasmus+).

Costais neamh‑incháilithe

Ní mheasfar gur costais incháilithe iad na costais seo a leanas:

  • toradh ar chaipiteal agus díbhinní atá íoctha ag tairbhí;
  • fiachas agus muirir seirbhíse fiachais;
  • forálacha maidir le caillteanais nó fiacha;
  • ús dlite;
  • fiacha amhrasacha;
  • caillteanais mhalairte;
  • costais atá dearbhaithe ag an tairbhí faoi ghníomhaíocht eile a fhaigheann deontas atá maoinithe ó bhuiséad an Aontais
  • caiteachas iomarcach nó meargánta;
  • ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe;
  • i gcás trealamh ar cíos nó ar léas, costais aon rogha ceannaigh ag deireadh thréimhse an léasa nó an chíosa;
  • costais a bhaineann le cuntais bhainc a oscailt agus a fheidhmiú (lena n‑áirítear costais ar aistrithe chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta nó Feidhmiúcháin, nó uaithi, arna ngearradh ag bainc an tairbhí).
  • CBL, i gcás ina meastar é mar a bheith inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta infheidhme maidir le CBL (féach an mhír thuas maidir le Cáin Bhreisluacha);
  • ceadaítear ranníocaíochtaí comhchineáil ach ní féidir iad a dhearbhú mar chostais.

Foinsí maoinithe

Ní mór don iarratasóir an ranníocaíocht ó fhoinsí eile seachas an deontas ón Aontas Eorpach a léiriú san fhoirm iarratais. Féadfaidh cómhaoiniú seachtrach a bheith i bhfoirm acmhainní dílse an tairbhí, ranníocaíochtaí airgeadais ó thríú páirtithe nó ioncam a ghintear leis an tionscadal. Más rud é, tráth na tuarascála críochnaithí agus na hiarrata ar íocaíocht an fhuílligh, go bhfuil fianaise ann ar bharrachas ioncaim (féach an Chuid maidir le Neamhbhrabús agus Cómhaoiniú), beidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta nó an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin i dteideal céatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais leis na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí iarbhír, agus an tionscadal á dhéanamh, a ghnóthú. Ní bhaineann an fhoráil seo le tionscadail ag a bhfuil deontas nach mó é ná EUR 60 000 á iarraidh acu.

Ní mheastar go bhfuil ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe ina bhfoinse fhéideartha chómhaoinithe.