Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Fothú Acmhainneachta i réimse na hóige

Is éard atá san fhothú acmhainneachta i réimse na dtionscadal óige tionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige san Aontas agus i dtíortha atá comhlachaithe leis an gClár, de pháirt, agus i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, den pháirt eile. Le haghaidh na dtíortha deiridh sin, dírítear leis an ngníomhaíocht seo go heisiach ar thíortha atá i Réigiún 1 (na Balcáin Thiar), Réigiún 2 (Comhpháirtíocht an Oirthir) agus Réigiún 3 (Deisceart na Meánmhara). Is é is aidhm do thionscadail tacú leis an gcomhar idirnáisiúnta i réimse na hóige agus na foghlama seachfhoirmiúla, mar thiománaí na forbartha socheacnamaíche inbhuanaithe agus na folláine i measc eagraíochtaí óige agus daoine óga.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Dírítear leis an ngníomhaíocht ar eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na hóige agus tá sé d’aidhm aici:  

  • inniúlacht eagraíochtaí atá ag obair le daoine óga lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil a mhéadú;  
  • gníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla a chur chun cinn sna tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, go háirithe in eagraíochtaí a dhíríonn ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu, agus rannpháirtíocht raon éagsúil iomlán na ndaoine óga a chothú, d’fhonn feabhas a chur ar a leibhéal inniúlachtaí agus deiseanna chun gníomhú, rud lena gcuirtear ar a gcumas dóibh rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa tsochaí a chinntiú.  
  • tacú le forbairt na hoibre óige sna tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, agus feabhas á chur ar a cáilíocht agus ar a haitheantas;  
  • forbairt, tástáil agus seoladh scéimeanna agus chláir a chothú lena bhfágfar go mbeidh eagraíochtaí in ann an tsoghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla a fheabhsú sna tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • tacú le heagraíochtaí sna tíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár rannchuidiú le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019‑2027), cuir i gcás an 11 sprioc Eorpach don Óige, an Clár Oibre Eorpach don Obair Óige, Plean Gníomhaíochta na hÓige i nGníomhaíocht Sheachtrach an Aontais (2022-2027) agus leis na bearta leantacha a bhaineann le Bliain Eorpach na Scileanna a seoladh in 2023;  
  • an comhar a chothú idir eagraíochtaí óige ar fud réigiúin éagsúla den domhan trí thionscnaimh chomhpháirtíochta;  
  • rannpháirtíocht eagraíochtaí níos lú, chomh maith le heagraíochtaí ó limistéir imeallacha agus ó dhúichí níos lú a chothú; 
  • feabhas a chur ar shineirgí agus comhlántachtaí na n‑eagraíochtaí óige a oibríonn le daoine óga atá lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil, le córais oideachais fhoirmiúil agus/nó leis an margadh saothair. 

Réimsí téamacha / cuspóirí sonracha

Le tograí ba cheart aghaidh a thabhairt ar thacaíocht d’eagraíochtaí óige a oibríonn le daoine óga atá lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil i gceann amháin nó níos mó de na réimsí téamacha seo a leanas:

  • rannpháirtíocht pholaitiúil, rannpháirtíocht shibhialta agus idirphlé le cinnteoirí;
  • cuimsiú daoine óga ar lú na deiseanna atá acu;
  • daonlathas, smacht reachta agus luachanna, ceannaireacht óige;
  • cumhachtú / rannpháirtíocht / infhostaitheacht daoine óga;
  • síocháin agus athmhuintearas iarchoinbhleachta;
  • an comhshaol agus an t‑aeráid;
  • an t‑idirdhealú agus an comhionannas inscne;
  • scileanna digiteacha agus fiontraíochta.

Gníomhaíochtaí

Ní mór do na gníomhaíochtaí a mholtar a bheith nasctha go díreach le cuspóirí ginearálta agus sonracha na gníomhaíochta, is é sin, ní mór dóibh comhfhreagairt do cheann amháin nó níos mó de na réimsí téamacha a liostaítear thuas agus ní mór iad a mhionsonrú i dtuairisc ar an tionscadal lena gcumhdaítear an tréimhse chur chun feidhme iomlán. Rud atá tábhachtach, i gcomhthéacs na gníomhaíochta idirnáisiúnta sin, le gníomhaíochtaí tionscadail ní mór díriú ar inniúlachtaí eagraíochtaí óige a fhothú agus a neartú, chun gur fearr a bheidh siad feistithe chun tacú le daoine óga go príomha sna tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a chumhdaítear leis an ngníomhaíocht

Le tionscadail mhaoinithe beifear in ann réimse leathan gníomhaíochtaí comhair, malartaithe, cumarsáide agus gníomhaíochtaí eile eagraíochtaí óige a lánpháirtiú, ar eagraíochtaí óige iad a oibríonn le daoine óga atá lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil agus lena ndéantar an méid seo a leanas:  

  • rannchuidiú le hidirphlé beartais, comhar, líonrú agus malartuithe cleachtas a spreagadh;  
  • an comhar straitéiseach a chur chun cinn idir eagraíochtaí óige ar thaobh amháin agus údaráis phoiblí, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • an comhar a chur chun cinn idir eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna agus le heagraíochtaí ón margadh saothair chomh maith leis sin;  
  • inniúlachtaí comhairlí óige, ardán óige agus údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a dhéileálann leis an óige a mhéadú, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • bainistíocht, rialachas, nuálaíocht, inniúlacht, ceannaireacht agus idirnáisiúnú eagraíochtaí óige a fheabhsú, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár  
  • tacú le heagraíochtaí óige, go háirithe eagraíochtaí i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, feachtas eolais agus feasachta a fhorbairt, chomh maith le heolas, agus uirlisí cumarsáide agus meán a fhorbairt;  
  • cuidiú le heagraíochtaí óige, go háirithe eagraíochtaí i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, modhanna, uirlisí agus ábhair oibre óige a fhorbairt, mar shampla tionscnaimh um thionscadail chomhchruthaithe agus chomhdhearaidh a spreagadh, agus cruthú tionscadail rannpháirtíoch a cheadú;  
  • cuidiú le heagraíochtaí óige, go háirithe eagraíochtaí i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, foirmeacha nua a chruthú chun obair óige a chur ar fáil agus oiliúint agus tacaíocht a sholáthar; an tsoghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla a éascú.  

Ar na samplaí de ghníomhaíochtaí tá:  

  • forbairt uirlisí agus modhanna le haghaidh forbairt shochghairmiúil oibrithe óige agus oiliúnóirí;  
  • forbairt modhanna foghlama seachfhoirmiúla, go háirithe iad sin lena gcuirtear chun cinn sealbhú/feabhsú inniúlachtaí, lena n‑áirítear scileanna litearthachta sna meáin;  
  • forbairt foirmeacha nua scéimeanna oiliúna praiticiúla agus ionsamhlaithe de chásanna réalaíocha sa tsochaí;  
  • forbairt foirmeacha nua oibre óige, go háirithe úsáid straitéiseach foghlama oscailte agus solúbtha, an comhar fíorúil, acmhainní oscailte oideachais agus saothrú níos fearr acmhainneacht TFC;  
  • eagrú imeachtaí/seimineár/ceardlann/malartaithe dea‑chleachtais chun críoch comhair, líonraithe, múscailte feasachta agus piarfhoghlama  
  • eagrú gníomhaíochtaí soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige chun tástáil a dhéanamh ar uirlisí agus ar mhodhanna a fhorbraítear leis an gcomhpháirtíocht. Tabhair faoi deara nach mór do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a bheith tánaisteach do phríomhchuspóirí na gníomhaíochta, agus nach mór dóibh a bheith lárnach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus nach mór dóibh a bheith mar bhonn taca fúthu  

Tionscadal a bhunú

Ceithre chéim atá i dtionscadal Fothaithe Acmhainneachta i réimse na hóige, agus cuirtear tús leo sula roghnaítear an togra tionscadail le haghaidh maoiniú fiú amháin1  mar shampla 1) Sainaithint agus tionscnamh an tionscadail; 2) Ullmhú, dearadh agus pleanáil an tionscadail; 3) Cur chun feidhme an tionscadail agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí; agus 4) Athbhreithniú an tionscadail agus measúnú tionchair.

Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus rannpháirtithe atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama.

  • Sainaithint agus tionscnamh; fadhb, riachtanas nó deis ar ar féidir leat aghaidh a thabhairt a shainaithint le do smaoineamh tionscadail i gcomhthéacs an ghlao; na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhthorthaí lena bhféadfar coinne a bheith leo a shainaithint; na páirtithe leasmhara ábhartha agus comhpháirtithe féideartha a mhapáil; cuspóir nó cuspóirí an tionscadail a fhoirmliú; ailíniú an tionscadail le cuspóirí straitéiseacha na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a chinntiú; tabhairt faoi roinnt pleanála tosaigh chun tús maith a chur leis an tionscadal, agus an t‑eolas is gá a chur le chéile chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile srl.;
  • Ullmhú, dearadh agus pleanáil; raon feidhme an tionscadail agus an cur chuige iomchuí a shonrú; an mhodheolaíocht atá beartaithe a leagan amach go soiléir agus comhsheasmhacht á cinntiú idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail; cinneadh a dhéanamh ar sceideal le haghaidh na gcúraimí lena mbaineann; meastachán a dhéanamh ar na hacmhainní is gá agus mionsonra an tionscadail a fhorbairt, mar shampla measúnú ar riachtanais; cuspóirí agus táscairí tionchair fónta a shainmhíniú (atá sonrach, intomhaiste, indéanta, réalaíoch agus faoi cheangal ama); torthaí tionscadail agus foghlama a shainaithint; an clár oibre, formáidí gníomhaíochta, an tionchar lena bhfuil coinne, an buiséad foriomlán measta a fhorbairt; plean cur chun feidhme tionscadail agus plean cumarsáide fónta agus réalaíoch a ullmhú lena n‑áirítear gnéithe straitéiseacha den tionscadal a bhaineann le rialachas, monatóireacht, rialú cáilíochta, tuairisciú agus scaipeadh torthaí; socruithe praiticiúla a shainiú agus an spriocghrúpa nó na spriocghrúpaí a dheimhniú le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe; comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe agus an togra a scríobh srl;
  • Cur chun feidhme agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí: cur chun feidhme an tionscadail a dhéanamh de réir pleananna lena gcomhlíontar ceanglais maidir le tuairisciú agus cumarsáid; monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí leanúnacha agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an tionscadail de réir pleananna tionscadail; gníomhaíocht cheartaitheach a shainaithint agus a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chlaontaí ó phleananna agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna agus rioscaí; neamh‑chomhréireachtaí a shainaithint leis na caighdeáin cháilíochta atá leagtha síos agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh srl.;
  • Athbhreithniú agus measúnú tionchair: measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an tionscadail de réir chuspóirí an tionscadail agus pleananna cur chun feidhme; meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar a dtionchar ar leibhéil éagsúla, torthaí an tionscadail a chomhroinnt agus a úsáid, srl.

Gnéithe cothrománacha le cur san áireamh agus do thionscadal á dhearadh:

I dteannta na critéir fhoirmiúla a chomhlíonadh agus socrú comhair inbhuanaithe a chur ar bun le gach comhpháirtí tionscadail, is féidir go rannchuideoidh na gnéithe seo a leanas le cur le tionchar agus cur chun feidhme cáilíochtúil tionscadal fothaithe acmhainneachta ar fud na gcéimeanna éagsúla den tionscadal. Moltar d’iarratasóirí na deiseanna agus na héirimí sin a chur san áireamh agus a dtionscadal á dhearadh.

Inbhuaine comhshaoil

Ba cheart tionscadail a dhearadh ar bhealach éiceabhách agus gach gné de chleachtais ghlasa a chuimsiú iontu. Ba cheart d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe cur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus an tionscadal á dhearadh acu, rud a spreagfaidh gach duine atá páirteach sa tionscadal chun saincheisteanna comhshaoil a phlé agus foghlaim fúthu, machnamh a dhéanamh faoinar féidir a dhéanamh ar leibhéil éagsúla agus cuidiú le heagraíochtaí agus le rannpháirtithe cuimhneamh ar bhealaí malartacha atá níos glaise le gníomhaíochtaí tionscadail a chur chun feidhme.

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Chun na prionsabail sin a chur chun feidhme, ceapadh Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht chun tacú níos fearr le for‑rochtain ar rannpháirtithe ó chúlraí níos éagsúla, go háirithe iad sin ar lú na deiseanna atá acu agus a bhfuil bacainní roimh a rannpháirtíocht i dTionscadail Eorpacha. Ba cheart d’eagraíochtaí gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus cuimsitheacha a dhearadh, agus ba cheart dearcadh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a chur san áireamh agus ról a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht ar fud an phróisis uile.

An éirim dhigiteach

Tá an comhar fíorúil agus tástáil deiseanna foghlama fíorúla agus cumaisc ríthábhachtach do thionscadail rathúla. Go sonrach, moltar go láidir do thionscadail úsáid a bhaint as Tairseach Eorpach na hÓige agus as an Ardán do Straitéis Óige an Aontais chun bheith ag obair le chéile roimh na gníomhaíochtaí tionscadail, lena linn agus ina ndiaidh.

Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht

Le tionscadail tacófar leis an tsaoránacht ghníomhach agus leis an eitic, agus cothófar forbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Díreofar freisin ar fheasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh, agus ar é a thuiscint, ar domhan.

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar thionscadal fothaithe acmhainneachta i réimse na hóige?

Critéir incháilitheachta

Chun bheith incháilithe le haghaidh deontas Erasmus, ní mór do thograí tionscadail le haghaidh fothú acmhainneachta i réimse na hóige na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme): 

  • a bheith ina n‑eintitis dhlítheanacha:  
    • eagraíochtaí neamhrialtasacha (lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha don óige agus comhairlí óige náisiúnta) ag obair i réimse na hóige;  
    • údaráis phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta  
    • Is féidir le gnólachtaí poiblí nó príobháideacha (fiontair bheaga, mheánmhéide nó mhóra (agus fiontair shóisialta san áireamh) páirt a ghlacadh ach ní mar chomhordaitheoir.  
  • a bheith bunaithe go dlíthiúil i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár, nó i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó Réigiún 1 (na Balcáin Thiar), Réigiún 2 ( An Chomharsanacht Thoir2 ) nó Réigiún 3 (tíortha Deisceart na Meánmhara). Féach an roinn ‘Tíortha incháilithe’ i gCuid A den Treoir Cláir seo.  

Comhdhéanamh cuibhreannais (Líon agus próifíl na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha) 

Ní mór ceithre iarratasóir ar a laghad a bheith i gcuibhreannas a chuireann togra isteach (tairbhithe, seachas eintitis chomhlachaithe), agus ní mór don chuibhreannas na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:  

  • aon eintiteas dlítheanach ar a laghad ó Bhallstát den Aontas nó ó thríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár;  
  • dhá eintiteas dhlítheanacha ar a laghad ó 2 thír incháilithe éagsúla nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus a bhaineann leis an Réigiún incháilithe céanna a luaitear thuas in ‘Cé atá in ann iarratas a dhéanamh’.
    • Ní féidir le heagraíochtaí ó réigiúin incháilithe éagsúla páirt a ghlacadh sna tionscadail chéanna. Níl tionscadail thras‑réigiúnacha incháilithe.

Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe ná comhpháirtithe comhlachaithe san áireamh le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.  

Suíomh geografach (ionad na ngníomhaíochtaí)

Ní mór na gníomhaíochtaí a dhéanamh i dtíortha na n‑eagraíochtaí is iarratasóir (comhordaitheoir, tairbhithe agus eintitis chomhlachaithe más ann dóibh).

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, is féidir go mbíonn gníomhaíochtaí ar siúl i dtíortha incháilithe eile na gníomhaíochta sin.

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse idir 12 agus 36 mhí a bheith i gceist leis na tionscadail de ghnáth (is féidir síneadh a chur léi, má tá údar cuí leis agus sin a dhéanamh trí bhíthin leasaithe).

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-YOUTH-2023-CB

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 6 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Critéir dhámhachtana

Ábharthacht an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

  • Ábharthacht an togra maidir le cuspóirí na Gníomhaíochta;
  • Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
    • tá an anailís ar riachtanais bunaithe shonraí ginearálta agus shonracha infhíoraithe atá nasctha le cúinsí praiticiúla na n‑iarratasóirí, na gcomhpháirtithe agus na spriocghrúpaí;
    • sainítear na cuspóirí go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis na spriocghrúpaí;
    • tá an togra nuálach agus/nó comhlántach do thionscnaimh eile a rinne na heagraíochtaí rannpháirteacha cheana féin;
    • déantar na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a shainmhíniú go soiléir agus is é is aidhm dóibh inniúlachtaí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a threisiú;
    • leis an tionscadal, cuirtear feabhas ar inniúlacht na n‑eagraíochtaí óige, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, chun páirt a thabhairt do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu.

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail (scór uasta 30 pointe)

  • Soiléireacht, iomláine agus cáilíocht an chláir oibre, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí le haghaidh ullmhú, cur chun feidhme, monatóireachta, meastóireachta agus scaipthe;
  • Oiriúnacht agus cáilíocht na modheolaíochta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a shainaithnítear;
  • An chomhsheasmhacht idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail atá beartaithe;
  • Cáilíocht agus éifeachtacht an phlean oibre, lena n‑áirítear a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha;
  • Cáilíocht na modhanna foghlama seachfhoirmiúla atá beartaithe;
  • Cáilíocht na socruithe chun torthaí foghlama na rannpháirtithe a aithint agus a bhailíochtú chomh maith le húsáid chomhleanúnach uirlisí trédhearcachta agus aitheantais Eorpacha;
  • Bearta rialaithe cáilíochta a bheith ann agus a n‑ábharthacht lena chinntiú go mbeidh cur chun feidhme an tionscadail ar ardcháilíocht, agus go gcríochnófar in am é agus go gcloífear leis an mbuiséad;
  • A mhéid atá an tionscadal costéifeachtach agus a leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht leis.
  • Oiriúnacht na mbeart chun rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta a roghnú agus/nó chun go mbeidh siad rannpháirteach iontu, más ann (déan tagairt do ‘Cosaint, sláinte agus sábháilteacht na rannpháirtithe’ i gcuid A den Treoir seo chomh maith le ceanglais agus moltaí eile is infheidhme maidir le tionscadal soghluaisteachta PG1.)

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

  • A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:  
    • mar chuid den togra tá meascán iomchuí d’eagraíochtaí rannpháirteacha comhlántacha ag a bhfuil an phróifíl, an taithí agus an saineolas is gá chun gach gné den tionscadal a chur i gcrích go rathúil;
    • leis an dáileadh freagrachtaí agus cúraimí léirítear gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile.
  • Sásraí éifeachtacha a bheith ann le haghaidh an chomhair agus na cumarsáide idir na heagraíochtaí rannpháirteacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chomh maith leis sin

Tionchar (scór uasta 20 pointe)

  • Cáilíocht na mbeart chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail;
  • Tionchar féideartha an tionscadail:  
    • ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
    • a mhéid a bhaineann le hinniúlacht na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha chun daoine óga a chumhachtú agus a rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí a chothú, ar gníomhaíochtaí iad a chuirtear chun feidhme lasmuigh den tionscadal;
    • lasmuigh de na heagraíochtaí agus ar dhaoine aonair atá go díreach rannpháirteach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
  • Cáilíocht an phlean scaipthe: a iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí an tionscadail a chomhroinnt laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha;
  • Más ábhartha, déanfar an tuairisc ar conas a dhéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, gan teorainneacha díréireacha ann;
  • Cáilíocht na bpleananna chun inbhuanaitheacht an tionscadail a chinntiú: an acmhainneacht atá ann leanúint de thionchar a bheith aige agus torthaí a tháirgeadh nuair a bheidh an deontas ón Aontas ídithe.

Ní mór do thograí 60 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin iad. Thairis sin, ní mór dóibh leath na bpointí scóir uasta ar a laghad a ghnóthú i ngach catagóir de na critéir dhámhachtana thuasluaite (is é sin, 15 phointe ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí ‘ábharthacht an tionscadail’ agus ‘cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’; 10 bpointe le haghaidh na gcatagóirí ‘cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair’ agus ‘tionchar’).

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’. 

Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil. 

Mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar conas a dhéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus níl teorainneacha díréireacha ann

Tionchar measta

Leis na tionscadail a dtabharfar deontas dóibh, ba cheart an tionchar lena bhfuil coinne a léiriú trí fheabhas a chur ar inniúlacht na n‑eagraíochtaí óige, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár chun an méid seo a leanas a dhéanamh:  

  • rannchuidiú leis na tosaíochtaí ‘Rannpháirtíocht‑Nascadh‑Cumhachtú’ i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 agus leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige. 
  • forbairt a dhéanamh ar thorthaí na Spriocanna Eorpacha don Óige, an Idirphlé leis an Óige, agus tionscadal plé óige eile;  
  • feabhas a chur ar rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach, i dtéarmaí saoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht le cinnteoirí (cumhachtú, scileanna nua, rannpháirtíocht daoine óga sa dearadh tionscadal, srl.), go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • feabhas a chur ar inniúlachtaí fiontraíocha agus nuálacha daoine óga i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • oibriú ar bhonn trasnáisiúnta agus an chuimsitheacht, an dlúthpháirtíocht agus an inbhuanaitheacht á gcinntiú lena linn;  
  • foghlaim agus comhar trasnáisiúnta idir daoine óga agus cinneadóirí a chur chun cinn agus rannchuidiú leis sin, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • cur leis na cleachtais agus leis an bhfor‑rochtain atá ann cheana féin lastall den chomhpháirtíocht, mar shampla úsáid mhaith a bhaint as modhanna digiteacha le fanacht nasctha i ngach imthoisc fiú amháin i gcás iargúltachta, leithlisiú nó bearta dianghlasála;  
  • na torthaí a nascadh le pobail áitiúla, deiseanna poist a chruthú agus smaointe nuálacha a chothú a bhféadfaí iad a mhacasamhlú agus a uas‑scálú i suíomhanna eile i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • cuimsiú agus inrochtaineacht spriocghrúpaí ar lú na deiseanna atá acu agus daoine aonair i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a léiriú;  
  • uirlisí nua agus modhanna foghlama seachfhoirmiúla a fhorbairt, go háirithe iad sin lena gcuirtear chun cinn inniúlachtaí a fháil/a fheabhsú, cuir i gcás scileanna litearthachta sna meáin, cleachtais nuálacha, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;  
  • a dtorthaí a scaipeadh ar bhealach éifeachtach tarraingteach i measc daoine óga atá rannpháirteach in eagraíochtaí óige.  

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Deontas cnapshuime a bheidh sa deontas. Ciallaíonn sé sin go n‑aisíocfar suim sheasta leis, bunaithe ar chnapshuim nó ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais. Socróidh an t‑údarás deonúcháin an méid ar bhonn bhuiséad measta an tionscadail agus ar thoradh meastóireachta agus ar ráta maoiniúcháin 80 %. 

An ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an tionscadail: EUR 300 000. 

Ní cheadaítear tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe i bhfoirm deontas nó duaiseanna. 

Ní cheadaítear costais oibrithe deonacha.

Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?  

  1. Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.);  
  2. Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;  
  3. Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);  
  4. Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (mar shampla scaipeadh eolais, foilsiú, aistriú) a chumhdach.  

Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na bpróiseas meastóireachta caighdeánach le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.

I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin á meas. Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, ráta maoiniúcháin, costais incháilithe iomlána, srl.) sa chomhaontú deontais. Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim maoiniúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT). 

  • 1 Tabhair faoi deara bíodh is gur féidir tús a chur le gníomhaíochtaí ullmhúcháin sula gcuirtear an togra isteach nó sula roghnaítear le haghaidh maoiniú é, ní féidir costais a thabhú ná gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ach amháin tar éis shíniú an chomhaontaithe deontais. ↩ back
  • 2 Níl eagraíochtaí ón mBealarúis incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht seo. Tá eagraíochtaí ón Airméin agus ón Asarbaiseáin incháilithe chun páirt a ghlacadh, ach ní mar chomhordaitheoirí. ↩ back
Tagged in:  Youth