Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cuid B – Eolas faoi na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an treoir seo

Sa chuid seo, gheobhaidh na léitheoirí an t‑eolas seo a leanas le haghaidh na nGníomhaíochtaí agus na ngníomhartha uile a chumhdaítear le Treoirleabhar ERASMUS+:

  • tuairisc ar a gcuspóirí agus ar dtionchar measta;
  • tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo;
  • táblaí ina gcuirtear i láthair na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thograí tionscadail;
  • eolas úsáideach breise chun tuiscint mhaith a fháil ar an gcineál tionscadal a dtacaítear leo;
  • tuairisc ar na rialacha maoiniúcháin.

Sula gcuirtear iarratas isteach, moltar do na hiarratasóirí léamh tríd an roinn uile maidir leis an nGníomhaíocht faoinar mian leo iarratas a chur isteach, agus ina theannta sin, moltar dóibh léamh tríd an eolas ginearálta faoi thosaíochtaí, cuspóirí agus príomhghnéithe an chláir.

Cé na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa treoir seo?

Sna ranna ‘Príomhghníomhaíocht 1’, ‘Príomhghníomhaíocht 2’ agus ‘Príomhghníomhaíocht 3’ cuirtear na Gníomhaíochtaí seo a leanas i láthair:

Príomhghníomhaíocht 1:

  • Tionscadail soghluaisteachta le haghaidh foghlaimeoirí agus baill foirne san ardoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, san oideachas scoile, san oideachas aosach agus san oideachas óige;
  • Gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige;
  • DiscoverEU – Gníomhaíocht Cuimsithe;
  • Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt;
  • Malartuithe fíorúla san ardoideachas agus san óige.

Príomhghníomhaíocht 2:

  • Comhpháirtíochtaí maidir leis an gComhar lena gcuimsítear:
    • Comhpháirtíochtaí Comhair;
    • Comhpháirtíochtaí ar scála beag. 
  • Comhpháirtíochtaí Barr Feabhais, lena n‑áirítear:
    • Ionaid Barr Feabhais Gairme;
    • Gníomhaíocht Erasmus Mundus.
  • Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht:
    • Comhaontais ar son na Nuálaíochta
    • Tionscadail réamhbhreathnaitheacha.
  • Fothú Acmhainneachta i réimse an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt.
  • Imeachtaí spóirt Eorpacha seachbhrabúsacha.

Príomhghníomhaíocht 3:

  • Óige na hEorpa le chéile

Gníomhaíochtaí Jean Monnet:

  • Jean Monnet i réimse an ardoideachais
  • Jean Monnet i réimsí oideachais agus oiliúna eile

Ina theannta sin, déantar gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Chláir a chur chun feidhme trí ghlaonna sonracha ar thograí atá bainistithe go díreach ag an gCoimisiún Eorpach nó ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas. Chun breis eolais a fháil, féach Clár Oibre Bliantúil Erasmus+ agus suíomhanna gréasáin an Choimisiúin nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin.