Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Fothú acmhainneachta i réimse an Spóirt

Bíonn tionscadail fothaithe acmhainneachta ina dtionscadail comhair idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí iltaobhacha idir eagraíochtaí atá gníomhach i réimse an spóirt i dtíortha an Chláir agus i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár i Réigiún 1 (na Balcáin Thiar) agus i Réigiún 2 (An Chomharsanacht Thoir). Is é is aidhm do na tionscadail tacú le gníomhaíochtaí agus beartais spóirt i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár mar mhodh chun luachanna a chur chun cinn chomh maith le huirlis chun forbairt phearsanta agus shóisialta daoine aonair a chur chun cinn agus pobail níos comhtháite a thógáil.

Cuspóirí na gníomhaíochta

Is é is aidhm don ghníomhaíocht:

  • acmhainneacht eagraíochtaí spóirt an phobail a mhéadú;
  • cleachtadh an spóirt agus na gníomhaíochta fisicí a spreagadh i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
  • cuimsiú sóisialta tríd an spórt a chur chun cinn;
  • luachanna dearfach tríd an spóirt a chur chun cinn (ar nós cothrom na Féinne, caoinfhulaingt, spiorad foirne);
  • an comhar a chothú ar fud réigiúin éagsúla den domhan trí thionscnaimh chomhpháirtíochta.

Réimsí téamacha / cuspóirí sonracha

Ba cheart na tograí a bheith dírithe ar réimsí téamacha áirithe a shainítear ag céim an chlársceidealaithe. Samplaí de réimsí atá ábhartha go háirithe:

  • cur chun cinn comhluachanna, neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais inscne tríd an spórt;
  • forbairt scileanna (tríd an spórt) a mbíonn gá leo chun an rannpháirtíocht shóisialta de ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú (mar shampla neamhspleáchas, ceannaireacht srl.).
  • imeascadh imirceach;
  • athmhuintearas iarchoinbhleachta;

Gníomhaíochtaí

Ní mór do na gníomhaíochtaí a mholtar a bheith nasctha go díreach le cuspóirí ginearálta agus sonracha na gníomhaíochta, is é sin, ní mór dóibh comhfhreagairt do cheann amháin nó níos mó de na réimsí téamacha a liostaítear thuas agus ní mór iad a mhionsonrú i dtuairisc ar an tionscadal lena gcumhdaítear an tréimhse chur chun feidhme iomlán. Ar deireadh, i gcomhthéacs na gníomhaíochta domhanda idirnáisiúnta sin, le gníomhaíochtaí tionscadail ní mór díriú ar inniúlachtaí eagraíochtaí spóirt a fhorbairt agus a neartú agus go príomha sna tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó Réigiún 1 nó ó Réigiún 2.

Le tionscadail mhaoinithe beifear in ann réimse leathan gníomhaíochtaí comhair, malartaithe, cumarsáide agus gníomhaíochtaí eile a lánpháirtiú agus an méid seo a leanas san áireamh:

  • Líonraí a chruthú agus a fhorbairt idir eagraíochtaí/tíortha/réigiúin;
  • Malartú dea‑chleachtas/tuairimí a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
  • Gníomhaíochtaí coitianta spóirt agus imeachtaí oideachasúla eile a chur chun feidhme;
  • Cineálacha nua modhanna, uirlisí, cleachtas agus ábhar maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil a sheoladh, a thástáil, a roinnt agus a chur chun feidhme trí oiliúint phraiticiúil agus trí shoghluaisteacht na foirne spóirt;
  • Feasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna idirdhealaithe i ndáil le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sa spórt;
  • Tacú le sochaí shibhialta atá rannpháirtíoch agus gníomhach a thógáil.

Tionscadal a bhunú

Tá ceithre chéim i dtionscadal Fothaithe Acmhainneachta i réimse an spóirt, agus cuirtear tús leo sula roghnaítear an togra tionscadail le haghaidh maoinithe1  mar shampla 1) Sainaithint agus tionscnamh an tionscadail; 2) Ullmhú, dearadh agus pleanáil an tionscadail; 3) Cur chun feidhme an tionscadail agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí; agus 4) Athbhreithniú an tionscadail agus measúnú tionchair.

Ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus rannpháirtithe atá páirteach sna gníomhaíochtaí ról gníomhach a ghlacadh sna céimeanna sin uile, rud a chuirfidh feabhas ar a n‑eispéireas foghlama.

  • Sainaithint agus tionscnamh; fadhb, riachtanas nó deis ar ar féidir leat aghaidh a thabhairt a shainaithint le do smaoineamh tionscadail i gcomhthéacs an ghlao; na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhthorthaí lena bhféadfar coinne a bheith leo a shainaithint; na páirtithe leasmhara ábhartha agus comhpháirtithe féideartha a mhapáil; cuspóir nó cuspóirí an tionscadail a fhoirmliú; ailíniú an tionscadail le cuspóirí straitéiseacha na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a chinntiú; tabhairt faoi roinnt pleanála tosaigh chun tús maith a chur leis an tionscadal, agus an t‑eolas is gá a chur le chéile chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile srl.;
  • Ullmhú, dearadh agus pleanáil; raon feidhme an tionscadail agus an cur chuige iomchuí a shonrú; an mhodheolaíocht atá beartaithe a leagan amach go soiléir agus comhsheasmhacht á cinntiú idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail; cinneadh a dhéanamh ar sceideal le haghaidh na gcúraimí lena mbaineann; meastachán a dhéanamh ar na hacmhainní is gá agus mionsonra an tionscadail a fhorbairt mar shampla measúnú ar riachtanais; cuspóirí agus táscairí tionchair fónta a shainmhíniú (atá sonrach, intomhaiste, indéanta, réalaíoch agus faoi cheangal ama); torthaí tionscadail agus foghlama a shainaithint; an clár oibre, formáidí gníomhaíochta, an tionchar lena bhfuil coinne, an buiséad foriomlán measta a fhorbairt; plean cur chun feidhme tionscadail agus plean cumarsáide fónta agus réalaíoch a ullmhú lena n‑áirítear gnéithe straitéiseacha den tionscadal a bhaineann le rialachas, monatóireacht, rialú cáilíochta, tuairisciú agus scaipeadh torthaí; socruithe praiticiúla a shainiú agus deimhniú an spriocghrúpa nó na spriocghrúpaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe; comhaontuithe a chur ar bun le comhpháirtithe agus an togra a scríobh srl.;
  • Cur chun feidhme agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí: cur chun feidhme an tionscadail a dhéanamh de réir pleananna lena gcomhlíontar ceanglais maidir le tuairisciú agus cumarsáid; monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí leanúnacha agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an tionscadail de réir pleananna tionscadail; gníomhaíocht cheartaitheach a shainaithint agus a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chlaontaí ó phleananna agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna agus rioscaí; neamh‑chomhréireachtaí a shainaithint leis na caighdeáin cháilíochta atá leagtha síos agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh srl.;
  • Athbhreithniú agus measúnú tionchair: measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an tionscadail de réir chuspóirí an tionscadail agus pleananna cur chun feidhme; meastóireacht ar na gníomhaíochtaí agus ar a dtionchar ar leibhéil éagsúla, torthaí an tionscadail a chomhroinnt agus a úsáid, srl.

Gnéithe cothrománacha le cur san áireamh agus do thionscadal á dhearadh:

I dteannta na critéir fhoirmiúla a chomhlíonadh agus socrú comhair inbhuanaithe a chur ar bun le gach comhpháirtí tionscadail, is féidir go rannchuideoidh na gnéithe seo a leanas le cur le tionchar agus cur chun feidhme cáilíochtúil tionscadal fothaithe acmhainneachta ar fud na gcéimeanna éagsúla den tionscadal. Moltar d’iarratasóirí na deiseanna agus na héirimí sin a chur san áireamh agus a dtionscadal á dhearadh. 

An Cuimsiú agus an Éagsúlacht

Leis an gClár Erasmus+ féachtar leis an gcomhionannas deiseanna a chur chun cinn ar fud a ghníomhaíochtaí uile agus féachtar leis an rochtain, leis an gcuimsiú, agus leis an gcothroime a chur chun cinn leis sin freisin. Chun na prionsabail sin a chur chun feidhme, ceapadh Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht chun tacú níos fearr le for‑rochtain ar rannpháirtithe ó chúlraí níos éagsúla, go háirithe iad sin ar lú na deiseanna atá acu agus a bhfuil bacainní roimh a rannpháirtíocht i dTionscadail Eorpacha. Ba cheart d’eagraíochtaí gníomhaíochtaí tionscadail inrochtana agus cuimsitheacha a dhearadh, agus ba cheart dearcadh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu a chur san áireamh agus ról a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht ar fud an phróisis uile.

Inbhuaine comhshaoil

Ba cheart tionscadail a dhearadh ar bhealach éiceabhách agus gach gné de chleachtais ghlasa a chuimsiú iontu. Ba cheart d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe cur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus an tionscadal á dhearadh acu, rud a spreagfaidh gach duine atá páirteach sa tionscadal chun saincheisteanna comhshaoil a phlé agus foghlaim fúthu, machnamh a dhéanamh faoinar féidir a dhéanamh ar leibhéil éagsúla agus cuidiú le heagraíochtaí agus le rannpháirtithe cuimhneamh ar bhealaí malartacha atá níos glaise le gníomhaíochtaí tionscadail a chur chun feidhme.

An éirim dhigiteach

Tá an comhar fíorúil agus tástáil deiseanna foghlama fíorúla agus cumaisc ríthábhachtach do thionscadail rathúla.

Luachanna coiteanna, rannpháirteachas saoránach agus rannpháirtíocht

Le tionscadail tacófar leis an tsaoránacht ghníomhach agus leis an eitic, agus cothófar forbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha, na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin. Díreofar freisin ar fheasacht a mhúscailt ar chomhthéacs an Aontais Eorpaigh, agus ar é a thuiscint, ar domhan.

Cé na critéir atá le comhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar thionscadal fothaithe acmhainneachta i réimse an spóirt?

Critéir incháilitheachta

Chun bheith incháilithe le haghaidh dheontas Erasmus, ní mór do thograí tionscadail le haghaidh Forbairt Acmhainní i réimse an Spóirt na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe, más infheidhme):

  • a bheith ina n‑eintitis dhlíthiúla (comhlachtaí poiblí nó príobháideacha) a bheith gníomhach i réimse an spóirt
  • a bheith bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó Réigiún 1 (na Balcáin Thiar) nó ó Réigiún 2 (An Chomharsanacht Thoir)2 .

Ní mór do chomhordaitheoir an chuibhreannais a bheith ina eagraíocht neamhbhrabúsach.         

Mar shampla, is féidir leis na heagraíochtaí sin a bheith:

  • comhlacht poiblí atá i gceannas ar an spórt ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;
  • eagraíocht spóirt ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta;
  • Coiste Oilimpeach Náisiúnta nó Cónaidhm Spóirt Náisiúnta;
  • eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar an ngluaiseacht ‘spórt do chách’;
  • eagraíocht atá gníomhach i réimse chur chun cinn na gníomhaíochta coirp;
  • eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil fóillíochta gníomhaí;               

Comhdhéanamh cuibhreannais

Tá tionscadail fothaithe acmhainneachta trasnáisiúnta agus bíonn ceithre eagraíocht ar a laghad as trí thír ar a laghad páirteach iontu:

  • Aon eagraíocht ar a laghad ó dhá Bhallstát éagsúla den Aontas agus ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus
  •  dhá eagraíocht ar a laghad ó aon tír incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ó Réigiún 1 (na Balcáin Thiar) nó ó Réigiún 2 (An Chomharsanacht Thoir). Ní féidir le heagraíochtaí ó Réigiún 1 ná ó Réigiún 2 páirt a ghlacadh sa togra céanna (is é sin, comhpháirtíochtaí a bhfuil Réigiúin 1 ná 2 san áireamh iontu, níl na comhpháirtíochtaí sin incháilithe).

Ní fhéadfaidh an líon eagraíochtaí ó Bhallstáit den Aontas agus ó thríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár a bheith níos airde ná an líon eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.Ní chuirtear eintitis chleamhnaithe ná comhpháirtithe comhlachaithe san áireamh le haghaidh chomhdhéanamh an chuibhreannais.                

Suíomh geografach (Ionad na ngníomhaíochtaí)

Ní mór gach gníomhaíocht a reáchtáil i dtíortha na n‑eagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cuspóirí na gníomhaíochta.

Ina theannta sin,:

  • Féadfar gníomhaíochtaí a reáchtáil ag suíomh Institiúid AE freisin, fiú amháin más fíor nach bhfuil sa tionscadal aon eagraíocht rannpháirteach ón tír a óstálann an Institiúid. 
  • Féadfar gníomhaíochtaí lena mbaineann comhroinnt agus cur chun cinn torthaí a reáchtáil freisin ag imeachtaí/comhdhálacha trasnáisiúnta téamacha ábhartha i mBallstáit den Aontas nó i dtríú tíortha ach atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.

Fad an tionscadail

Ba cheart tréimhse 12, 24 nó 36 mhí a bheith i gceist leis na Tionscadail Fothaithe Acmhainneachta de ghnáth. Ní mór an fad a roghnú ag céim an iarratais, bunaithe ar chuspóir an tionscadail agus ar an gcineál gníomhaíochtaí atá beartaithe le himeacht aimsire. Is féidir síneadh a chur leis an tionscadal, má tá údar cuí leis agus trí bhíthin leasaithe ar an gcomhaontú deontais.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA).

Uimhir aitheantais an Ghlao: ERASMUS-SPORT‑2024-CB

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoin 05 Márta ar 17:00:00 (am na Bruiséile).

Déanfar measúnú ar eagraíochtaí is iarratasóirí de réir na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin ábhartha. Chun breis eolais a fháil féach Cuid C den Treoir seo.

Tionchar measta

Ba cheart do na tionscadail a dtabharfar deontas dóibh a dtionchar measta a léiriú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • rannpháirtíocht agus acmhainneacht eagraíochtaí spóirt an phobail a mhéadú;
  • rannpháirtíocht na mban sa spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiceacha a mhéadú;
  • rannpháirtíocht shóisialta grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú;
  • feabhas a chur ar acmhainneacht na hearnála spóirt oibriú go trasnáisiúnta agus aird á tabhairt ar an gcuimsitheacht, ar an dlúthpháirtíocht agus ar an inbhuanaitheacht;
  • foghlaim agus comhar trasnáisiúnta idir daoine sa spórt agus cinneadóirí a chur chun cinn agus rannchuidiú leis sin, go háirithe i dtíortha incháilithe nach bhfuil san Aontas agus nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár;
  • a dtorthaí a scaipeadh ar bhealach éifeachtach tarraingteach i measc daoine sa spórt atá rannpháirteach in eagraíochtaí spóirt.

Critéir dhámhachtana

Ábharthacht an tionscadail - (scór uasta 30 pointe)

  • Ábharthacht an togra maidir le cuspóirí na Gníomhaíochta;
  • Tá an togra ábhartha chun comhluachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn, cuir i gcás meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, smacht reatha agus meas ar chearta an duine, chomh maith le troid in aghaidh aon sórt idirdhealaithe.
  • A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:
    • sainítear na cuspóirí go soiléir, tá siad réalaíoch, agus tugtar aghaidh leo ar shaincheisteanna atá ábhartha maidir leis na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis na spriocghrúpaí;
    • tá an togra nuálach agus/nó comhlántach do thionscnaimh eile a rinne na heagraíochtaí rannpháirteacha cheana féin;
    • déantar na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a shainmhíniú go soiléir agus is é is aidhm dóibh inniúlachtaí na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a threisiú;

Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail - (scór uasta 20 pointe)

  • Soiléireacht, iomláine agus cáilíocht an chláir oibre, lena n‑áirítear céimeanna iomchuí le haghaidh ullmhú, cur chun feidhme, monatóireachta, meastóireachta agus scaipthe;
  • Oiriúnacht agus cáilíocht na modheolaíochta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a shainaithnítear;
  • An chomhsheasmhacht idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail atá beartaithe;
  • Cáilíocht agus éifeachtacht an phlean oibre, lena n‑áirítear a mhéid atá na hacmhainní atá sannta do phacáistí oibre i gcomhréir lena gcuspóirí agus lena dtáirgí insoláthartha;
  • Cáilíocht na modhanna foghlama seachfhoirmiúla atá beartaithe, más ann dóibh;
  • Bearta rialaithe cáilíochta a bheith ann agus a n‑ábharthacht lena chinntiú go mbeidh cur chun feidhme an tionscadail ar ardcháilíocht, agus go gcríochnófar in am é agus go gcloífear leis an mbuiséad;
  • A mhéid atá an tionscadal costéifeachtach agus a leithdháiltear acmhainní iomchuí ar gach gníomhaíocht leis.

Cáilíocht na comhpháirtíochta agus na socruithe comhair (scór uasta 20 pointe)

  • A mhéid atá an méid seo a leanas amhlaidh:  
    • mar chuid den togra tá meascán iomchuí d’eagraíochtaí rannpháirteacha comhlántacha ag a bhfuil an phróifíl, an taithí agus an saineolas is gá chun gach gné den tionscadal a chur i gcrích go rathúil;
    • leis an dáileadh freagrachtaí agus cúraimí léirítear gealltanas agus rannchuidiú gníomhach na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha uile.
  • Sásraí éifeachtacha a bheith ann le haghaidh an chomhair agus na cumarsáide idir na heagraíochtaí rannpháirteacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chomh maith leis sin

Tionchar - (scór uasta 30 pointe)

  • Cáilíocht na mbeart chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail;
  • Tionchar féideartha an tionscadail:  
    • ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le linn shaolré an tionscadail agus ina dhiaidh sin;
    • lasmuigh de na heagraíochtaí agus ar dhaoine aonair atá go díreach rannpháirteach sa tionscadal, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta.
  • Cáilíocht an phlean scaipthe: a iomchuí atá na bearta, agus cáilíocht na mbeart, arb é is aidhm dóibh torthaí an tionscadail a chomhroinnt laistigh agus lasmuigh de na heagraíochtaí rannpháirteacha;
  • Más ábhartha, tugtar tuairisc sa togra ar conas a dhéanfar na hábhair, na doiciméid agus na meáin a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus níl teorainneacha díréireacha ann;
  • Cáilíocht na bpleananna chun inbhuanaitheacht an tionscadail a chinntiú: an acmhainneacht atá ann leanúint de thionchar a bheith aige agus torthaí a tháirgeadh nuair a bheidh an deontas ón Aontas ídithe.

Ní mór do thograí 60 pointe ar a laghad a bhaint amach chun go gcuirfear san áireamh le haghaidh maoiniúcháin iad. Thairis sin, ní mór dóibh ar a laghad leath na bpointí scóir uasta a bhaint amach i ngach ceann de na catagóirí le haghaidh na gcritéar dámhachtana thuasluaite.

Tabharfar tosaíocht do na tograí ex aequo de réir na scór a dhámhfar orthu le haghaidh an chritéir dámhachtana ‘Ábharthacht’. Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an tionscadail’  . Nuair a bheidh na scóir sin comhionann, beidh tosaíocht bunaithe ar a scóir le haghaidh an chritéir ‘Tionchar’.

Mura bhfágann sé sin go mbeifear in ann an tosaíocht a chinneadh, féadfar tosaíocht bhreise a chur in ord trí phunann fhoriomlán an tionscadail a mheas agus trí shinéirgí dearfacha a chruthú idir tionscadail, nó tosca eile a bhaineann le cuspóirí an ghlao. Déanfar na tosca sin a dhoiciméadú sa tuarascáil phainéil.

Mar riail ghinearálta, agus laistigh de theorainneacha na gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, ba cheart na torthaí a chur ar fáil mar acmhainní oscailte oideachais (OER) agus, chomh maith leis sin, ar ardáin údarás ábhartha, gairmiúil, earnála nó inniúil. Tabharfar tuairisc sa togra ar conas a dhéanfar na sonraí, na hábhair, na doiciméid agus na gníomhaíochtaí closamhairc agus meán sóisialta a tháirgfear a chur ar fáil gan srian agus a chur chun cinn trí cheadúnais oscailte, agus níl teorainneacha díréireacha ann

Cad iad na rialacha maoiniúcháin atá ann?

Leanann an ghníomhaíocht seo samhail maoiniúcháin cnapshuime. Cinnfear méid na ranníocaíochta cnapshuime aonair le haghaidh gach deontais bunaithe ar bhuiséad measta na gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir. Socróidh an t‑údarás deonúcháin cnapshuim gach deontais bunaithe ar an togra, ar an toradh meastóireachta, ar na rátaí maoiniúcháin agus ar uasmhéid an deontais atá socraithe sa ghlao.

Ba cheart an deontas ón Aontas in aghaidh an tionscadail a bheith idir  EUR 100 000 agus EUR 200 000.

Conas a chinntear cnapshuim an tionscadail?

Ní mór d’iarratasóirí tábla buiséid mionsonraithe a líonadh isteach de réir na foirme iarratais, agus na pointí seo a leanas á gcur san áireamh: 

  • Ba cheart an buiséad a bheith mionsonraithe mar is gá ag an tairbhí/na tairbhithe agus eagraithe i bpacáistí oibre comhleanúnacha (mar shampla roinnte i ‘bainistíocht tionscadail’, ‘oiliúint’, ‘eagrú imeachtaí’, ‘ullmhú agus cur chun feidhme na soghluaisteachta’, ‘cumarsáid agus scaipeadh’, ‘dearbhú cáilíochta’, srl.); 
  • Leis an togra ní mór tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le gach pacáiste oibre;
  • Ní mór d’iarratasóirí miondealú ar na costais mheasta a sholáthar ina dtogra lena léirítear an scair in aghaidh an phacáiste oibre (agus, laistigh de gach pacáiste oibre, an scair atá sannta do gach tairbhí agus eintiteas cleamhnaithe);
  • Sna costais ar a dtugtar tuairisc is féidir costais ball foirne, costais taistil agus chothaithe, costais trealaimh agus fochonraitheoireachta mar aon le costais eile (cuir i gcás scaipeadh eolais, foilsiú, aistriú) a chumhdach.

Déanfar meastóireacht ar thograí de réir na bpróiseas meastóireachta caighdeánach le cuidiú ó shaineolaithe inmheánacha agus/nó seachtracha. Déanfaidh na saineolaithe measúnú ar cháilíocht na dtograí de réir na gceanglas a shainítear sa ghlao agus thionchar, cháilíocht agus éifeachtúlacht mheasta na gníomhaíochta.

I ndiaidh na meastóireachta ar an togra, cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin méid na cnapshuime, agus torthaí an mheasúnúcháin a rinneadh á gcur san áireamh. Cuirfear ráta cómhaoinithe 80 % i bhfeidhm maidir leis na costais incháilithe mheasta iomlána a chinntear tar éis na meastóireachta.

Socrófar paraiméadair an deontais (uasmhéid deontais, srl.) sa Chomhaontú Deontais.

Déanfar meastóireacht ar éachtaí an tionscadail de réir na dtorthaí a chuirtear i gcrích. Leis an scéim maoiniúcháin, d’fhéadfaí díriú ar na haschuir seachas ar na hionchuir, rud a chuirfeadh béim ar cháilíocht agus leibhéal gnóthachtála cuspóirí intomhaiste.

Tugtar tuairisc ar níos mó mionsonraí i samhail an chomhaontaithe deontais atá le fáil ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana (TDCT).

  • 1 Tabhair faoi deara bíodh is gur féidir tús a chur le gníomhaíochtaí ullmhúcháin sula gcuirtear an togra isteach nó sula roghnaítear le haghaidh maoiniú é, ní féidir costais a thabhú ná gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ach amháin tar éis shíniú an chomhaontaithe deontais. ↩ back
  • 2 Níl eagraíochtaí ón mBealarúis incháilithe chun páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht seo. Tá eagraíochtaí ón Airméin agus ón Asarbaiseáin incháilithe chun páirt a ghlacadh, ach ní mar chomhordaitheoirí. ↩ back
Tagged in:  Sport