Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Deiseanna soghluaisteachta le haghaidh eagraíochtaí creidiúnaithe Erasmus i réimse na hóige

Is féidir le heagraíochtaí creidiúnaithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú (iarraidh ar dheontas) le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta óige ar bhealach simplithe. Tá gníomhaíochtaí bunaithe ar an bplean gníomhaíochta creidiúnúcháin a formheasadh roimhe sin, mar sin, níl gá le liosta mionsonraithe de na gníomhaíochtaí pleanáilte, ná le tuairisc mhionsonraithe orthu. Ina ionad sin, dírítear sna hiarratais ar an líon gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme chomh maith leis an líon rannpháirtithe atá páirteach a mheas.

Leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta atá le cur chun feidhme faoin nGníomhaíocht seo, ní mór na rialacha agus na prionsabail a leagtar síos le haghaidh gach cineáil gníomhaíochta sna codanna ábhartha den Treoir seo a leanúint.

Tugann eagraíochtaí creidiúnaithe gealltanas go gcomhlíonfaidh siad caighdeáin Cháilíochta Erasmus i réimse na hÓige agus go gcuirfidh siad gníomhaíochtaí soghluaisteachta ardcháilíochta i gcrích i réimse na hóige.

Níl eagraíochtaí creidiúnaithe i réimse na hóige incháilithe le haghaidh maoiniú faoi na tionscadail chaighdeánacha Malartuithe Ógra agus Soghluaisteachta le haghaidh oibrithe óige. Is féidir leo, áfach, ról a ghlacadh mar chomhpháirtí sna tionscadail sin.

Critéir incháilitheachta

Tá feidhm leis na critéir ghinearálta thíos maidir le hiarrataí ar dheontas.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Eagraíochtaí a bhfuil creidiúnú Erasmus bailí i réimse na hÓige acu tráth an sprioc‑ama le haghaidh iarratais

Gníomhaíochtaí incháilithe

  • Malartuithe Ógra
  • Gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla oibrithe óige

Ina theannta sin, is féidir na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur chun feidhme:

  • Cuairteanna ullmhúcháin
  • Gníomhaíochtaí forbartha córais agus for‑rochtana (ach ní mór iad a bheith i gcomhar le gníomhaíochtaí forbartha oibrithe óige)

Sainítear critéir tuairisce agus incháilitheachta le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí sin faoi na codanna ábhartha den Treoir seo.

Fad an tionscadail

Mairfidh na tionscadail chreidiúnaithe uile ar feadh 15 mhí ar dtús. Tar éis 12 mhí, beidh na tairbhithe uile in ann a dtionscadal a fhadú ar feadh 24 mhí san iomlán.

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh?

Is féidir iarratas a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht is iarratasóir bunaithe

Cathain is féidir iarratas a dhéanamh?

Ní mór d’iarratasóirí a n‑iarratas ar dheontas a chur isteach faoi na dátaí seo a leanas:

  • An 20 Feabhra ar 12:00:00 (meán lae am na Bruiséile) le haghaidh tionscadail dar tosach an 1 Meitheamh an bhliain chéanna.

Iarratas a dhéanamh

Féach cuid C den Treoir seo le haghaidh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh.

Critéir eile

Ní fhéadfaidh eagraíocht chreidiúnaithe iarratas a dhéanamh ach uair amháin in aghaidh an ghlao.

Ní mór dearbhú onóra ón ionadaí dlíthiúil a bheith i gceangal leis an bhfoirm iarratais.

Leithdháileadh an bhuiséid

Beidh an méid deontais a dhámhtar ag brath ar roinnt gnéithe:

  • an buiséad iomlán atá ar fáil chun leithdháileadh a dhéanamh ar iarratasóirí creidiúnaithe
  • na gníomhaíochtaí a iarradh
  • an deontas íosta agus uasta
  • na critéir leithdháilte seo a leanas: feidhmíocht airgeadais, feidhmíocht cháilíochtúil, tosaíochtaí beartais agus réimsí téamacha ar a dtugtar aghaidh leis na gníomhaíochtaí ar a gcuirtear isteach, agus cothromaíocht gheografach (má chuireann an Ghníomhaireacht Náisiúnta an méid sin i bhfeidhm)

Rialacha mionsonraithe maidir le deontas bunúsach agus uasta, scóráil na gcritéar leithdháilte, ualú gach critéir, an modh leithdháilte agus, an buiséad atá ar fáil le haghaidh tionscadail chreidiúnaithe, foilseoidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta iad roimh sprioc‑am an ghlao.

Tagged in:  Youth