Skip to main content
Erasmus+ home page Erasmus+ home page

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhaontuithe Idirinstitiúideacha

Is féidir comhaontuithe idirinstitiúideacha a bheith sínithe idir dhá institiúid ardoideachais nó níos mó (HEInna) Nuair a shínítear comhaontú idirinstitiúideach eatarthu, comhaontaíonn na hinstitiúidí lena mbaineann comhoibriú chun mic léinn agus / nó baill foirne a mhalartú i gcreat Erasmus+.

Tugann an dá thaobh gealltanas go gcloífidh siad le riachtanais cháilíochta i gCairt Ardoideachais Erasmus maidir le heagrú agus bainistiú na soghluaisteachta agus comhaontaíonn siad maidir le sraith spriocanna soghluaisteachta cainníochtúla agus bearta cáilíochtúla d’fhonn a chinntiú go mbeidh an tsoghluaisteacht ar ardchaighdeán agus go mbeidh tionchar mór aice.

Ní mór d’institiúidí ardoideachais comhaontú idirinstitiúideach sula dtarlóidh aon soghluaisteacht.

Quick explainer for the terms below

Ceanglais

Don tsoghluaisteacht laistigh den Aontas

Is éard is brí leis sin soghluaisteacht idir institiúidí ardoideachais i mBallstáit an Aontais nó i dtríú tíortha atá comhlachaithe le clár ERASMUS+.

Ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith ag an dá institiúid nó ag ceann ceann díobh.

Soghluaisteacht idirnáisiúnta (ar fud an domhain)

Is éard is brí leis sin soghluaisteacht idir institiúidí ardoideachais i mBallstáit an Aontais nó i dtríú tíortha atá comhlachaithe le clár Erasmus+, agus tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe le clár Erasmus+.

  • Institiúidí ardoideachais i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe le clár Erasmus, ní mór Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith acu.
  • Institiúidí ardoideachais i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe le clár Erasmus+, ní mór dóibh na prionsabail atá leagtha síos sa Chairt tríd an gcomhaontú idirinstitiúideach a chomhaontú.

Comhaontuithe a dhigitiú

Mar chuid de Thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh agus na hiarrachtaí chun cleachtais níos simplí agus níos neamhdhíobhálach don chomhshaol in Erasmus+, is i bhformáid dhigiteach a bheidh na comhaontuithe idirinstitiúideacha amach anseo, ní ar pháipéar. Tá na comhaontuithe idirinstitiúideacha digiteacha á gcur i bhfeidhm de réir a chéile, ag tosú amach le comhaontuithe idirinstitiúideacha le haghaidh soghluaisteachtaí déthaobhacha laistigh den Eoraip. Tá treoir chuimsitheach d’úsáideoirí le haghaidh comhaontuithe idirinstitiúideacha digiteacha Erasmus+ le fáil anseo.

I gcásanna nach féidir bainistiú digiteach a dhéanamh ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha go fóill, cuirtear teimpléid ineagarthóireachta ar fáil thíos.

Cabhair le comhaontuithe

Mic léinn ar mian leo tuilleadh eolais a fháil faoina gcomhaontuithe idirinstitiúideacha a shínigh a n-institiúid ardoideachais, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le hoifig idirnáisiúnta na hinstitiúide baile, nó seirbhísí ábhartha eile.

Institiúidí ardoideachais a bhfuil fiosrúcháin acu maidir le nósanna imeachta a bhaineann le comhaontuithe idirinstitiúideacha, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ atá freagrach ina dtír féin.

Templates