Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport
Search the guide

Cuid A – Eolas ginearálta faoin Chlár Erasmus+

Is éard atá in Erasmus+ Clár an Aontais Eorpaigh i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Is príomhréimsí iad an t‑oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt lena dtugtar tacaíocht do na saoránaigh ó thaobh a bhforbartha pearsanta agus gairmiúla de. Ar deireadh thiar, ach oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach a chur ar dhaoine óga agus ar rannpháirtithe de gach aois, agus tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil araon, tugtar na cáilíochtaí agus na scileanna is gá dóibh chun bheith rannpháirteach ar bhealach fiúntach sa tsochaí dhaonlathach, chun tuiscint idirchultúrtha a bheith acu agus chun aistriú go rathúil chuig an margadh saothair. Mar fhorbairt ar rath an chláir sa tréimhse 2014-2020, neartaíonn Erasmus+ a chuid iarrachtaí chun cur leis an líon deiseanna a thairgtear do níos mó rannpháirtithe fiú agus do réimse níos leithne eagraíochtaí, ag díriú ar thionchar cáilíochtúil an Chláir agus ag rannchuidiú le sochaithe atá níos cuimsithí agus níos comhtháite, níos glaise agus níos oiriúnaí go digiteach.

Ní mór do shaoránaigh na hEorpa a bheith níos oilte agus an t‑eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí acu a mbíonn gá leo i sochaí ar a bhfuil athrú dinimiciúil ag teacht agus atá ag éirí níos soghluaiste, níos ilchultúrtha agus níos digití de réir a chéile. Ba cheart gurbh é an caighdeán é seal a chaitheamh i dtír eile chun staidéar a dhéanamh, chun dul i mbun foghlama agus chun obair a dhéanamh, agus ba cheart an deis chun dhá theanga eile anuas ar theanga dhúchais an duine a thairiscint do gach duine. Is príomh‑chomhchuid é an Clár lena dtacaítear le cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais, an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh um Spórt (2021-24).

Mar a léirigh paindéim COVID‑19, tá sé fíor‑riachtanach go mbeifí in ann oideachas a rochtain, níos mó ná riamh, chun téarnamh gasta ó ghéarchéimeanna a chinntiú, agus comhionannas deiseanna do chách á chur chun cinn san am céanna. Mar chuid den phróiseas téarnaimh sin, ardaítear éirim chuimsitheach an chláir chuig leibhéal nua le Erasmus+ trí thacú le deiseanna le haghaidh forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil daoine san Eoraip agus lastall di, arb é is aidhm dó sin gan aon duine a fhágáil chun deiridh.

Chun tionchar cáilíochtúil a ghníomhaíochtaí a mhéadú agus comhionannas deiseanna a chinntiú, leis an gClár is mó agus is fearr an freastal a dhéanfar ar dhaoine nach ionann aois dóibh agus ó chúlraí cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla. Is cuid lárnach den chlár é dul i bhfeidhm orthu sin ar lú na deiseanna atá acu, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumais agus imircigh, chomh maith le saoránaigh den Aontas atá ina gcónaí i limistéir iargúlta nó ag a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha. Ar an mbealach sin, beidh an clár ina spreagadh do na rannpháirtithe, go háirithe daoine óga, chun a bheith páirteach sa tsochaí shibhialta agus foghlaim conas a bheith rannpháirteach inti, rud lena músclófar feasacht faoi luachanna coiteanna an Aontais Eorpaigh. In 2024, leanfar le hiarrachtaí an Chláir iarmhairtí socheacnamaíocha agus oideachasúla ionradh na Rúise ar an Úcráin a mhaolú, trí thacú mar shampla le tionscadail trína gcuirtear gníomhaíochtaí oideachasúla chun cinn agus trína n‑éascaítear lánpháirtiú daoine a theitheann ón gcogadh san Úcráin ina dtimpeallachtaí foghlama nua, chomh maith le gníomhaíochtaí trína dtacaítear le heagraíochtaí, le foghlaimeoirí agus le foirne san Úcráin.

Thairis sin, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir Oibre Eorpaigh don Nuálaíocht maidir le tacú le forbairt tallainne chun borradh a chur faoi chumas nuálaíochta na hEorpa, chun fás agus comhtháthú inbhuanaithe a chinntiú san Eoraip amach anseo, tá sé riachtanach forbairt a dhéanamh ar scileanna digiteacha agus inniúlachtaí agus scileanna i réimsí réamhbhreathnaitheacha, mar shampla, an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide, an fuinneamh glan, an intleacht shaorga, an róbataic agus anailís ar mhórshonraí, ar mhaithe le fás inbhuanaithe agus comhtháthú na hEorpa sa todhchaí. Leis an gClár is féidir rannchuidiú a dhéanamh ar bhealach suntasach ach an nuálaíocht a spreagadh agus bearna eolais, scileanna agus inniúlachtaí na hEorpa a dhruidim. Ní mór do ghnólachtaí an Aontais a bheith níos iomaíche trí bhíthin tallainne agus nuálaíochta. Rachaidh an infheistíocht sin a dhéanfar in eolas, i scileanna agus in inniúlachtaí chun tairbhe do dhaoine aonair, d’institiúidí, d’eagraíochtaí agus don tsochaí ina hiomláine trí rannchuidiú leis an bhfás inbhuanaithe agus trí chothromas, rathúnas agus cuimsiú sóisialta a chinntiú san Eoraip agus lastall di.

Tá dúshlán eile ag baint leis na treochtaí uile‑Eorpacha a bhaineann le rannpháirtíocht theoranta sa saol daonlathach agus leibhéil ísle eolais agus feasachta faoi ábhair Eorpacha, agus faoina dtionchar ar shaol gach saoránaigh Eorpaigh. Is iomaí duine ar a bhfuil drogall páirt a ghlacadh agus a bheith rannpháirteach go gníomhach sa phobal nó i saol polaitiúil agus sóisialta an Aontais Eorpaigh, nó is amhlaidh go bhfuil deacrachtaí acu leis sin. Ar mhaithe le todhchaí an Aontais Eorpaigh, tá sé thar a bheith tábhachtach an fhéiniúlacht Eorpach agus rannpháirtíocht daoine óga i bpróisis dhaonlathacha a neartú.

Is féidir an cuspóir sin a bhaint amach freisin trí ghníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí daoine óga agus foghlaimeoirí fásta, chomh maith lena saoránacht ghníomhach. Tá an clár in ann rannchuidiú chun forbairt inniúlachtaí sóisialta agus idirchultúrtha a fheabhsú, chomh maith le forbairt na smaointeoireachta criticiúla agus na litearthachta sna meáin, agus rannchuidiú dá réir sin chun bréagaisnéis agus bréagnuacht a chosc agus a chomhrac.

I gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bhaineann lena chinntiú go mbeidh geilleagar inbhuanaithe aige, ba cheart tionscadail Erasmus+ a dhearadh ar bhealach éiceabhách agus cleachtais ghlasa a ionchorprú i ngach gné díobh. Ba cheart d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe atá rannpháirteach cur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh agus a dtionscadail á ndearadh acu, rud a spreagfaidh iad le saincheisteanna comhshaoil a phlé agus foghlaim fúthu, rud a chuirfidh ag smaoineamh iad faoinar féidir a dhéanamh chun tionscadail a dhéanamh níos inbhuanaithe ar a leibhéal féin, agus rud a chuideoidh leo cuimhneamh ar bhealaí atá níos glaise ná mar a bhí lena ngníomhaíochtaí a chur chun feidhme.

Tá sé riachtanach tacú leis an gcomhar trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta, agus é a éascú, idir eagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ionas go mbeidh níos mó príomhinniúlachtaí ag daoine, ionas go laghdófar ráta luathfhágála na scoile agus ionas go n‑aithneofar na hinniúlachtaí a fhaightear tríd an bhfoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil. Déantar scaipeadh smaointe, agus seachadadh dea‑chleachtas agus saineolais a éascú, agus cumais dhigiteacha a fhorbairt. Cuireann sé sin le hoideachas ardcháilíochta agus an comhtháthú sóisialta á neartú an tráth céanna. Tá Clár Erasmus+ ar cheann de na cláir is rathúla dá bhfuil ann san Aontas Eorpach. Leis sin cuirtear leis na héachtaí a baineadh amach le cláir Eorpacha thar thréimhse breis agus 35 bliana i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, lena gcumhdaítear gné na gcomhpháirtíochtaí laistigh den Eoraip agus na gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta araon.

Déantar Treoirleabhar Erasmus+ a dhréachtú i gcomhréir le Cláir Oibre bhliantúla Erasmus+ a ghlac an Coimisiún Eorpach, agus dá bhrí sin is féidir é a athbhreithniú chun na tosaíochtaí agus na modhanna oibre a shainítear a léiriú. Ina theannta sin, tá cur chun feidhme na Treorach seo faoi réir na leithreasuithe dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad a bheith ar fáil tar éis d’Údarás Buiséadach an Aontais an buiséad a ghlacadh le haghaidh na bliana nó dá bhforáiltear i gcóras na ndóú cuid déag shealadacha.