Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Líonrú agus oiliúint

Forléargas

Tacaíonn Erasmus+ le forbairt ghairmiúil oibrithe don óige trí shealanna a chur ar fáil dóibh le traenáil nó líonrú a dhéanamh thar lear.

I dtaca le tréimhsí thar lear, d'fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: cúrsaí traenála, cuairteanna staidéir, scáthfhoghlaim nó tréimhsí breathnaithe in eagraíochtaí cuí agus rudaí eile.

Fad ama

Mairfidh soghluaisteacht oibrithe don óige idir 2 lá agus 2 mhí. Níl an t-am taistil san áireamh.

Coinníollacha

Más mian leat dul thar lear faoi choimirce Erasmus+ mar oibrí don óige, caithfidh an eagraíocht lena mbaineann tú a bheith mar chuid de thionscadal soghluaisteachta don óige i gcomhar le hinstitiúid nó le heagraíocht eile.

Tacaíocht airgeadais

Tacaíonn deontas an Aontais Eorpaigh le costais taistil, le costais phraiticiúla agus le costais a bhaineann le gníomhaíochtaí.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a chur isteach ar dheontas mar dhuine aonair. Ní mór d’eagraíochtaí iarratais a dhéanamh agus roghnóidh siadsan ansin oibrithe don óige le haghaidh an tionscadail.

Tuilleadh eolais

Cuir ceist laistigh de d’eagraíocht óige féin lena fháil amach an bhfuil an deis seo ar fáil duit.

Sa Treoirleabhar don Chlár Erasmus+ tá eolas mionsonraithe faoi na deiseanna seo freisin:

  • Téigh go Cuid B le haghaidh critéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú

Is féidir leis na Gníomhaireachtaí Náisiúnta cabhair a thabhairt le fiosruithe agus iarratais, agus is féidir leat dul i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach tríd an tseirbhís EuropeDirect.