Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Mic léinn agus baill foirne i réimse an ardoideachais

Cén deis atá ann?

A bhuí le Erasmus+ tugtar an deis d'institiúidí ardoideachais a gcuid mac léinn agus foirne a sheoladh thar lear (go tíortha cláir eile nó tíortha comhpháirtíochta eile) d'fhonn staidéar nó múinteoireacht a dhéanamh sna hinstitiúidí rannpháirteacha nó oiliúint a chur ar fáil iontu chomh maith le páirt a ghlacadh i dtréimhse oiliúna.

Féadfaidh siad mic léinn nó baill foirne a bheidh ar cuairt ón gcoigríoch a óstáil freisin. D'fhéadfadh tréimhsí oiliúna idir tíortha Cláir agus tíortha Comhpháirtíochta a bheith ar fáil mar chuid de na comhaontuithe nua soghluaisteachta a roghnaíodh ó shamhradh 2018 ar aghaidh.

Conas a oibríonn sé?

Eagraíochtaí a bhfuil sé i gceist acu tairbhe a bhaint as na deiseanna sin, is féidir leo iarratas a dhéanamh ina gcáil mar institiúid ardoideachais aonair nó mar chuid de "chuibhreannas náisiúnta soghluaisteachta", is é sin grúpa eagraíochtaí atá á bhainistiú ag eagraíocht chomhordúcháin aonair.

Is féidir na heagraíochtaí sin a rangú de réir ceann amháin ar a laghad de na ceithre phríomhchatagóir seo a leanas:

  • Eagraíochtaí is iarratasóirí – tá siad seo freagrach as iarratas a dhéanamh ar an tionscadal agus as an tionscadal a bhainistiú, ach is féidir freisin go seolfaidh siad daoine thar lear
  • Eagraíochtaí a chuireann daoine amach – tá sé de chúram orthu seo mic léinn / baill foirne dá gcuid a sheoladh thar lear nó mic léinn agus baill foirne a bheidh ar cuairt acu ó thíortha comhpháirtíochta a bhainistiú chomh maith le cuireadh a chur ar bhaill foirne ó fhiontair,
  • Eagraíochtaí a bhfuil daoine ag teacht chucu – tá siad seo freagrach as mic léinn / baill foirne ón gcoigríoch a óstáil agus as clár staidéir nó cláir oiliúna a chur ar fáil dóibh,
  • Eagraíochtaí idirghabhálacha – ina gcáil mar chomhpháirtithe i gcuibhreannas soghluaisteachta is féidir leo seo tacú le hobair chuibhreannais agus an obair sin a éascú.

Caithfidh Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith ag institiúidí ardoideachais atá lonnaithe i dtír chláir cibé acu atá iarratas á dhéanamh acu uathu féin nó mar chuid de chuibhreannas.

Caithfidh Creidiúnú Cuibhreannais Soghluaisteachta a bheith ag na cuibhreannais sin a bhfuil sé i gceist acu páirt a ghlacadh ann.

Féadfaidh eagraíochtaí eile ó thíortha cláir páirt a ghlacadh ann freisin ach ní gá Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith acu.

Cé go bhféadfaidh eagraíochtaí ó thíortha cláir a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta, níl institiúidí ardoideachais ón tír chomhpháirtíochta i dteideal Cairt Ardoideachais Erasmus a fháil. Ina áit sin, gabhann siad orthu féin cloí le prionsabail na cairte agus cur síos a dhéanamh go soiléir sa Chomhaontú Idirinstitiúideach ar an tacaíocht atá sé i gceist acu a chur ar fáil.

I ndiaidh dóibh Cairt Ardoideachais Erasmus agus/nó creidiúnú cuibhreannais soghluaisteachta a fháil, is féidir leis na heagraíochtaí is iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas.

Cén t-eolas eile is ceart a bheith agat?

Maidir leis na gníomhaíochtaí staidéir a chuirfear ar fáil do mhic léinn, caithfidh siad a bheith ina gcuid de chlár staidéir an mhic léinn, agus ba cheart, ar an gcuma chéanna, go mbeadh na gníomhaíochtaí a chuirfear ar fáil do na hoiliúnaithe ina gcuid de chlár staidéir an oiliúnaí. Caithfidh an eagraíocht a sheolann daoine amach, an eagraíocht a bhfuil daoine ag teacht ar cuairt chuici maille leis an mac léinn, caithfidh siad uile Comhaontú Foghlama a shíniú sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí, ar comhaontú é ina mbeidh cur síos ar na nithe seo a leanas:

  • na codanna oideachasúla a bheidh le déanamh ag an mac léinn san institiúid ina mbeidh sé,
  • na codanna oideachasúla nach gá don mhac léinn a dhéanamh dá réir le haghaidh a chéime san institiúid a sheolann daoine amach tar éis dó an clár staidéir ar an gcoigríoch a chríochnú go rathúil, agus
  • cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe éagsúla.

Ba cheart don eagraíocht a sheolann daoine amach agus don eagraíocht a bhfuil daoine le teacht ar cuairt chuici teacht ar chomhaontú roimh ré faoi na gníomhaíochtaí a bheidh ar bun ag baill foirne a sheolfar thar lear.

Ar an gcuma chéanna, caithfidh na páirtithe uile a mbeidh baint acu leis an ngníomhaíocht soghluaisteachta Comhaontú Soghluaisteachta a shíniú ina mbeidh cur síos ar na nithe seo a leanas:

  • na spriocthorthaí foghlama,
  • na forálacha maidir le haitheantas foirmiúil (cuir i gcás tríd an gCóras Eorpach Aistrithe Creidiúna), agus
  • cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe éagsúla.

Sa bhreis air sin, ní foláir d'aon eagraíocht atá tar éis Cairt Ardoideachais Erasmus a shíniú an tacaíocht is gá a chur ar fáil do rannpháirtithe, ullmhú teanga san áireamh. I gcás gníomhaíochtaí soghluaisteachta fadtéarmacha is sia ná dhá mhí, cuireann an Coimisiún Eorpach Tacaíocht Teanga ar Líne ar fáil d'fhonn inniúlachtaí teanga a mheas agus a fheabhsú.

Iarratas a dhéanamh

Is í an Ghníomhaireacht Náisiúnta lena mbaineann a bhainistíonn an próiseas iarratais le haghaidh tionscadail soghluaisteachta ar bhonn bliantúil. I gcás eagraíochtaí aonair, is í Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht lonnaithe a dhéanfaidh amhlaidh agus i gcás cuibhreannais is ar Ghníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil an comhordaitheoir cuibhreannais lonnaithe a thitfidh an cúram.

Cuirtear amach glao ar thograí maidir le Cairt Ardoideachais Erasmus ar bhonn bliantúil, agus is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir a bhainistíonn an glao sin. Nuair a bhronnfar Cairt Ardoideachais Erasmus beidh sí bailí go dtaga deireadh leis an gclár lena mbaineann.

Cuireann na Gníomhaireachtaí Náisiúnta glao ar chreidiúnú cuibhreannais amach ar bhonn bliantúil. Beidh creidiúnú cuibhreannais bailí go ceann trí bliana. Féadfaidh eagraíochtaí creidiúnú agus deontais a iarraidh in éineacht.

Tuilleadh eolais

Is é an Treoirleabhar do chlár Erasmus+ an phríomhfhoinse faisnéise maidir leis na deiseanna seo; tá eolas mionsonraithe le fáil i gCuid B faoi chritéir dhámhachtana, critéir incháilitheachta, agus rialacha maidir le maoiniú.

Is fearr d'eagraíochtaí ar suim leo a bheith rannpháirteach i dtionscadail soghluaisteachta idir tíortha cláir agus tíortha comhpháirtíochta an lámhleabhar faoi shoghluaisteacht idirnáisiúnta creidiúintí agus na ceisteanna coitianta faoi shoghluaisteacht idirnáisiúnta creidiúintí a cheadú.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó na Gníomhaireachtaí Náisiúnta nó, i gcás na dTíortha Comhpháirtíochta, ón Oifig Náisiúnta (más ann di), nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach.

Is iontach an fóram ag mic léinn agus ag alumni Erasmus+ Cumann Alumni agus Mac Léinn Erasmus+ (ESSA) don líonrú, don fhorbairt ghairmiúil, agus don mhalairt idirchultúrtha.