Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An coróinvíreas – ceisteanna ó eagraíochtaí tairbhíocha Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Anseo thíos tá na freagraí ar na ceisteanna is coitianta a chuireann na heagraíochtaí tairbhíocha.

Tuilleadh eolais faoi thionchar an choróinvíris agus faoi fhreagairt an Choimisiúin Eorpaigh

Tá eagla ar go leor mic léinn ardoideachais Erasmus+ nach n-aithneofar a dtréimhse staidéir thar lear. Conas is féidir linn cabhrú leo déileáil leis an gcás sin?

Iarrtar ar institiúidí ardoideachais a bheith chomh solúbtha pragmatach agus is féidir chun cabhrú le mic léinn na torthaí a léirítear ina gcomhaontuithe foghlama a bhaint amach, beag beann ar shuíomh geografach na mac léinn. Is féidir sin a dhéanamh, mar shampla, trí uirlisí digiteacha a úsáid chun socruithe cianstaidéir a chur ar bun. Leis an tsolúbthacht sin cabhrófar go háirithe le mic léinn atá fillte ar a dtír féin chun a gcúrsaí a chríochnú ina n-institiúid óstach agus beidh sé níos fusa aitheantas iomlán a thabhairt do chreidiúintí an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna (ECTS) a fuarthas trí shocruithe cianstaidéir.

Nuair a dúnadh na teorainneacha i dtús na ráige, bhí ar dhuine dár rannpháirtithe ticéad breise eitilte a cheannach chun dul abhaile go luath mar nár aontaigh an aerlíne an dáta fillte bunaidh a athrú. An féidir linn na costais bhreise nó eisceachtúla sin a chlúdach le cistí Erasmus+ nó le cistí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh?

Is féidir libh na costais sin a mheas mar chostais “incháilithe” fad is nach sárófar buiséad foriomlán an tionscadail atá cumhdaithe faoin gcomhaontú deontais atá i gceist. Má dhéantar iniúchadh níos déanaí oraibh, d’fhéadfadh sé go mbeadh oraibh cruthúnas a thabhairt gur ghá na costais bhreise sin a aisíoc.

Mar gheall ar an gcur isteach a d’eascair as paindéim COVID-19, bhí orainn roinnt costais eisceachtúla a chumhdach thar ceann rannpháirtí a bhfuil míchumas air agus a raibh cabhair ag teastáil uaidh ar feadh tréimhse níos faide. An costais incháilithe iad sin?

Is iad. Is féidir libh na costais sin a mheas mar chostais “incháilithe” fad is nach sárófar buiséad foriomlán an tionscadail atá cumhdaithe faoin gcomhaontú deontais atá i gceist. Má dhéantar iniúchadh níos déanaí oraibh, d’fhéadfaí sé go mbeadh oraibh cruthúnas a thabhairt gur ghá na costais bhreise sin a aisíoc.

Bhí mé ag iarraidh cur isteach ar pháirt a ghlacadh i dtionscadal a raibh a spriocdháta ag teannadh linn. Ní féidir liom dul i dteagmháil le mo chomhpháirtithe i dtíortha eile áfach mar go bhfuil a n-oifigí dúnta. An féidir leis an gCoimisiún síneadh a chur le spriocdháta na n-iarratas?

Tá síneadh curtha ag an gCoimisiún le spriocdháta na n-iarratas le haghaidh roinnt glaonna ar thograí faoi Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Cuid de na nósanna imeachta riaracháin maidir le foirmeacha iarratais a sheoladh isteach, déanfar iad a shimpliú. Is féidir teagmháil a dhéanamh le do Ghníomhaireacht Náisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil.

Baineann mo chuid oibre le tionscadail de chuid Erasmus+ agus de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chomhordú, agus is le tacaíocht eagraíochtúil na dtionscadal sin a íoctar mo phá agus pá mo chomhghleacaithe. Ó tharla go bhfuil an oiread sin gníomhaíochtaí curtha ar ceal, an féidir linn a bheith cinnte go fóill den tacaíocht oibríochtúil sin ar a mbímid ag brath?

Maidir leis na cásanna sin thuas, ina bhfuil na rannpháirtithe aonair incháilithe chun an deontas tacaíochta aonair a fháil nó a choinneáil, beidh sibh i dteideal an tacaíocht eagraíochtúil ó Erasmus+ nó ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a fháil go fóill.

Fiú sna cásanna sin ina bhfuil gníomhaíochtaí de chuid Erasmus + nó de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh curtha ar ceal, tá tú fós i dteideal an tacaíocht eagraíochtúil a fháil. Cuirtear san áireamh faoin gcur chuige sin cíos áitreabh agus costais na hoibre ullmhúcháin agus leantaí a bhain le rannpháirtithe sular imigh siad, agus na tascanna atá tú a dhéanamh chun tacú leis na rannpháirtithe agus iad ag déileáil le paindéim eisceachtúil COVID-19 (cealuithe, teagmhálacha le comhpháirtithe óstacha, comhairleoireacht, etc.).

Is comhordaitheoir tionscadail mé agus bhí orm an tionscadal a chur ar fionraí. An féidir liom an deontas bainistíochta tionscadail a choinneáil? An féidir liom iarraidh go gcuirfear síneadh le mo thionscadal ionas go mbeimid in ann na gníomhaíochtaí a chríochnú níos déanaí?

Is féidir le tairbhithe comhpháirtíochtaí straitéiseacha nó tionscadal dlúthpháirtíochta cinneadh a dtionscadal a chur ar fionraí go sealadach, sin nó iarraidh go gcuirfear síneadh le fad an tionscadail agus ansin na gníomhaíochtaí beartaithe a chur i gcrích nuair a bheidh deireadh leis na srianta atá i bhfeidhm maidir le paindéim COVID-19. Sa chás sin, déanfar an deontas bainistíochta tionscadail a ríomh bunaithe ar fhad nua an tionscadail, gan an tréimhse fionraí a chur san áireamh, ach ní fhéadfaidh sé dul thar mhéid iomlán an deontais a aontaíodh.

Is comhordaitheoir tionscadail mé. Bhí orm gníomhaíochtaí a chur ar ceal ach tá costais tabhaithe agam cheana nach bhfaighidh mé ar ais (seomra ar cíos, lóistín le haghaidh rannpháirtithe etc.). An gcumhdófar na costais sin?

Déan teagmháil le do thoil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta i do thír féin. Sna cásanna inar cuireadh gníomhaíochtaí de chuid Erasmus + nó de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar ceal agus inar thabhaigh eagraíochtaí costais nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, beidh na costais sin cumhdaithe.

Is mian liom comhaontú deontais tionscadail a chur i gcrích ach, an ceannasaí ar cheart dó é a shíniú go fisiciúil, ní féidir leis sin a dhéanamh faoi láthair. An leor cóip scanta?

Déan teagmháil le do thoil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta i do thír féin. I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh sé go n-aontódh an Ghníomhaireacht Náisiúnta glacadh le cóipeanna scanta agus sínithe de chomhaontuithe deontais a mhalartú ar bhonn sealadach. Mar sin féin, ní mór é sin a bhailíochtú le malartú foirmiúil na sínithe fisiciúla nuair a bheidh deireadh leis na srianta atá i bhfeidhm maidir le paindéim COVID-19.

Is comhordaitheoir tionscadail mé in Institiúid Ardoideachais/Ghairmoideachais. Tá gníomhaíochtaí soghluaisteachta cumaisc ar siúl againn. An bhfaighimid tacaíocht eagraíochtúil?

Gheobhaidh. Gheobhaidh na heagraíochtaí tairbhíocha an costas aonaid iomlán le haghaidh tacaíocht eagraíochtúil in aghaidh an rannpháirtí, i leith tréimhsí soghluaisteachta fíorúla agus fisiciúla araon.

Is comhordaitheoir tionscadail mé in Institiúid Ardoideachais/Ghairmoideachais nó i dtionscadal óige. Tá gníomhaíochtaí soghluaisteachta cumaisc ar siúl againn. Cad a tharlóidh mura féidir gníomhaíochtaí soghluaisteachta fisiciúla a chur ar siúl mar a bhí beartaithe i ngeall ar chásanna nua gan choinne COVID-19?

Chuirfí tús leis an tsoghluaisteacht chumaisc le tréimhse foghlama fíorúla agus/nó gníomhaíochtaí fíorúla, agus bheadh tréimhse soghluaisteachta fisiciúla thar lear ann ina dhiaidh sin dá mb’fhéidir é.

I gcás cásanna nua gan choinne COVID-19 a fhágfaidh nach féidir an tsoghluaisteacht fhisiciúil a dhéanamh thar lear, féadfar fad na tréimhse soghluaisteachta fisiciúla a laghdú nó í a chur ar ceal agus síneadh leis an tréimhse soghluaisteachta fíorúla a chur ina hionad. Mar a bhí le linn na chéad ráige, féadfar costais a tabhaíodh cheana féin a chumhdach má dheimhnítear cás “force majeure”.

Is comhordaitheoir tionscadail óige mé. Tá gníomhaíochtaí soghluaisteachta cumaisc ar siúl againn. An bhfaighimid tacaíocht eagraíochtúil?

Gheobhaidh. Maidir le tréimhsí gníomhaíochta fíorúla, gheobhaidh na heagraíochtaí tairbhíocha 35% den chostas aonaid iomlán le haghaidh tacaíocht eagraíochtúil in aghaidh an lae in aghaidh an rannpháirtí (i.e. íocfar eagraíocht na gníomhaíochta an chuid den chostas aonaid lena mbaineann).

Maidir le tréimhsí soghluaisteachta fisiciúla, gheobhaidh an eagraíocht thairbhíoch an costas aonaid iomlán le haghaidh tacaíocht eagrúcháin in aghaidh an lae in aghaidh an rannpháirtí. Gheobhaidh siad deontais le haghaidh costais taistil freisin.

Is comhordaitheoir tionscadail mé in Institiúid Ardoideachais/Ghairmoideachais nó i dtionscadal óige. An féidir costais a chumhdach i leith an trealaimh agus/nó na seirbhísí is gá chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta fíorúla agus cumaisc a chur ar siúl?

Is féidir. Na costais a bhaineann le ceannach agus/nó cíos an trealaimh agus/nó na seirbhísí is gá chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta fíorúla agus cumaisc a chur ar siúl, féadfar iad a mheas mar chostais incháilithe i ngeall ar an gcomhthéacs eisceachtúil atá ann de bharr phaindéim COVID-19.

Féadfaidh do Ghníomhaireacht Náisiúnta ceannacháin dhoiciméadaithe a bhfuil údar cuí leo a údarú má mheastar iad a bheith riachtanach chun go mbeifear in ann an tionscadal a chur i bhfeidhm agus chun go mbeidh na spriocghrúpaí lena mbaineann in ann páirt chuí a ghlacadh ann. Níor cheart an tacaíocht a chur ar fáil ar feadh tréimhse níos faide ná fad an tionscadail de ghnáth agus níor cheart go gcumhdódh léi gnáth-threalamh oifige ná trealamh a úsáideann na heagraíochtaí rannpháirteacha go hiondúil lasmuigh de raon feidhme an tionscadail.

Is comhordaitheoir tionscadail mé ag Institiúid Ardoideachais/Ghairmoideachais nó ag tionscadal óige. Na costais is gá chun deis a thabhairt do rannpháirtithe a bhfuil riachtanais speisialta acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fíorúla, an féidir na costais sin a chumhdach?

Is féidir. Costais a bhaineann le tacaíocht do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu a chuireann ar a gcumas dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fíorúla, féadfar sin a mheas mar chostais incháilithe, faoi na rialacha céanna a shonraítear sa Treoirleabhar.

Is gá go mbeadh údar cuí leis an éileamh ar thacaíocht riachtanas speisialta agus go mbeadh sé doiciméadaithe ag an eagraíocht thairbhíoch agus ceadaithe ag do Ghníomhaireacht Náisiúnta.