Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

An coróinvíreas - comhairle phraiticiúil riachtanach maidir le soghluaisteacht Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Comhthéacs agus freagairt

Rannpháirtithe uile Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chosaint agus a choinneáil sábháilte, sin príomhchuspóir an Choimisiúin Eorpaigh, agus san am céanna gach beart imshrianta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta a urramú. Tá an Coimisiún ag obair chun cabhrú le mic léinn, daltaí, oibrithe deonacha agus rannpháirtithe eile sna cláir déileáil leis an tionchar atá á imirt orthu.

Is iad na hÚdaráis Náisiúnta a chuireann cláir Erasmus+ agus cláir de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun feidhme den chuid is mó (Ballstáit an Aontais chomh maith leis an Mhacadóin Thuaidh, an Íoslainn, an Lichtinstéin, an Iorua, an Tuirc, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe). Ní mór do rannpháirtithe aonair a bhfuil deacrachtaí acu dul i dteagmháil lena n-institiúid sa bhaile.

Ba cheart d'institiúidí dul i dteagmháil leis an institiúid sa tír ina bhfuil i gcás tionscadail dhíláraithe nó leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) i gcás tionscadail láraithe.

Ar bhonn treoir ón gCoimisiún, féadfaidh Údaráis Náisiúnta agus EACEA an tacaíocht agus an t-eolas ar fad is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí agus do na rannpháirtithe a bhfuil sé de dhíth orthu.

Tá an Coimisiún ag faire go géar ar chúrsaí de réir mar a athraíonn siad agus glacfaidh sé aon bhearta eile is gá, de réir mar is gá.

Eagraíochtaí tairbhíocha

Maidir le heagraíochtaí tairbhíocha, tá an Coimisiún ag tabhairt cead a gcinn dóibh a ngníomhaíochtaí a chur in oiriúint do chúrsaí mar atá siad faoi láthair, i gcomhréir leis an gceart dlíthiúil is infheidhme.

Ghlac an Coimisiún na bearta seo a leanas:

  • Ceadaítear d'Údaráis Náisiúnta leas a bhaint as an gclásal force majeure in aon chás ina n-imrítear tionchar ar chur chun feidhme tionscadail de chuid Erasmus+ nó tionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta toisc srianta náisiúnta a bheith á gcur i bhfeidhm. Cuireann sin ar a gcumas dóibh measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht glacadh le costais bhreise a bhfuil call leo mar gheall ar na bearta atáthar a chur i bhfeidhm chun srian a chur le COVID-19. Níor cheart gur mó na costais bhreise sin ná an buiséad iomlán arna dheonú don tionscadal i gceist.
  • D'fhéadfaí sprioc-amanna do na gníomhaíochtaí atá beartaithe a chur ar athló ar feadh suas le 12 mhí de réir tionscadail. Ní ceadmhach an tionscadal a bheith níos faide ná 36 mí ar a mhéad.
  • Tá an deis ag na mílte tionscadal chomhpháirtíochta Erasmus+ atá ar siúl faoi láthair gníomhaíochtaí nárbh fhéidir a reáchtáil in Earrach 2020 a athsceidealú.
  • Cuireadh sprioc-amanna do ghlaonna reatha ar athló. Féach an t-eolas nuashonraithe maidir le sprioc-amanna nua do ghlaonna.
  • Iarradh ar na hÚdaráis Náisiúnta féachaint ar na deacrachtaí atá ag rannpháirtithe, go háirithe daoine óga atá thar lear faoi láthair, chun tacaíocht láithreach leordhóthanach a chur ar fáil dóibh.

In earnáil an ardoideachais

Iarrtar ar institiúidí ardoideachais a bheith chomh solúbtha pragmatach agus is féidir chun cabhrú le mic léinn na spriocanna atá leagtha amach ina gcomhaontuithe foghlama a bhaint amach, beag beann ar shuíomh geografach na mac léinn, cuir i gcás, trí shocruithe cianstaidéir ag baint úsáid as uirlisí digiteacha. Leis an tsolúbthacht sin cabhrófar go háirithe le mic léinn a d'fhill ar a dtír féin chun a gcúrsaí a chríochnú ina n-institiúid óstach agus beidh sé níos fusa aitheantas iomlán a thabhairt do chreidiúintí an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna (ECTS) a fuarthas trí shocruithe cianstaidéir.

Céimithe a bhain a gcéim amach le déanaí agus ar gá dóibh na cúrsaí oiliúna thar lear a bhí beartaithe acu a chur siar, beidh siad in ann na cúrsaí sin a thosú laistigh de 18 mí tar éis dóibh an chéim a bhaint amach, in ionad na gnáth-thréimhse 12 mhí.

Moltar do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus d'institiúidí ardoideachais comhoibriú le rannóga áitiúla Líonra Mac Léinn Erasmus agus le haontais náisiúnta mac léinn chun eolas a roinnt go gasta leis na mic léinn atá ag cur fúthu thar lear agus chun tacaíocht idir piaraí a eagrú dóibh siúd atá i lúb an ghátair. Tá an Coimisiún ag obair le hAontas na Mac Léinn san Eoraip agus le Líonra Mac Léinn Erasmus chun cuidiú le mic léinn ar fud na hEorpa.

Na daoine ar féidir leat dul i dteagmháil leo

Más mac léinnmúinteoir thú, téigh i dteagmháil le d'institiúid sa bhaile le haghaidh tuilleadh treorach.

Más institiúid thú, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta i do thír nó leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir i gcás tionscadail láraithe.

Related news

Dáta a fhoilsithe: 

Coronavirus response: Extraordinary Erasmus+ calls to support digital education readiness and creative skills

Two new calls launched on 25 August 2020 each providing €100 million to respond to the educational challenges resulting from the COVID-19 pandemic.
Dáta a fhoilsithe: 

Coronavirus outbreak - deadlines for applications extended

As a result of difficulties experienced by applicants due to the coronavirus outbreak, the deadlines for submission of applications to the actions below have been extended
Dáta a fhoilsithe: 

Coronavirus: Consequences for Erasmus+ and European Solidarity Corps mobility activities

We are applying the maximum flexibility we can in the implementation of the programme, within the limits of the applicable legal framework.