Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Tionchar an choróinvíris

Is ar mhic léinn, ar dhaltaí, ar oibrithe deonacha agus ar dhaoine eile a ghlacann páirt sa chlár Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá an leathanach seo dírithe. Tá eolas ann faoin tionchar atá ag an gcoróinvíreas ar na gníomhaíochtaí, faoi na hathruithe atá á ndéanamh dá bharr, agus faoin gcuidiú atá ar fáil.

Tá an ráig de COVID-19 ag cur isteach ar ghníomhaíochtaí de chuid Erasmus+ agus de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh atá ar siúl faoi láthair nó atá beartaithe.

Ár bhfreagairt

Rannpháirtithe uile Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chosaint agus a choinneáil sábháilte, sin príomhchuspóir an Choimisiúin Eorpaigh, agus san am céanna gach beart imshrianta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta a urramú. Tá an Coimisiún Eorpach ag obair chun cabhrú le tairbhithe agus le mic léinn, daltaí, oibrithe deonacha agus rannpháirtithe eile sna cláir déileáil leis an tionchar atá orthusan.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag oiriúnú a fhreagartha ar an ngéarchéim gan fasach seo, de réir mar a thagann athrú uirthi, agus déanfaidh sé cur chun feidhme na rialacha agus na nósanna imeachta a shoiléiriú agus a shimpliú nuair is gá i gcomhar le Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA).

Foilsiú Glaonna Urghnácha

Seoladh dhá ghlao urghnácha ar thograí an 25 Lúnasa 2020 chun tacú le hullmhacht don oideachas digiteach agus le scileanna cruthaitheacha. Tá €100 milliún ar fáil faoi gach glao chun aghaidh a thabhairt ar eipidéim an choróinvíris.

  • Leis an nglao maidir le hullmhacht don oideachas digiteach, tacófar le tionscadail i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, agus an ardoideachais. Is é is aidhm don ghlao sin foghlaim ar líne, cianfhoghlaim agus foghlaim chumaisc a fheabhsú – cuir i gcás tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí chomh maith le cuimsitheacht na ndeiseanna foghlama digiteacha a choimirciú.
  • Leis an nglao maidir le ‘comhpháirtíochtaí le haghaidh cruthaitheachta’, tacófar le tionscadail i réimsí na hóige, an oideachais scoile agus an oideachais do dhaoine fásta. Is é is aidhm don ghlao sin scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt lena dtabharfar spreagadh don chruthaitheacht agus lena gcuirfear borradh faoi cháilíocht, nuálaíocht agus aitheantas don obair óige.

Cabhróidh an dá ghlao chun eagraíochtaí oideachais, oiliúna agus óige a nascadh le heagraíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta.

Is é an 29 Deireadh Fómhair 2020 an spriocdháta le haghaidh iarratas. Eagraíochtaí ar spéis leo iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh dul i dteagmháil le Gníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ ina dtír féin.

Tá tuilleadh eolais agus míniúchán ar na glaonna le fáil sa dara ceartúchán ar Threoirleabhar Chlár Erasmus+ 2020.

Suirbhéanna tionchair, mí na Bealtaine 2020

Reáchtáil an Coimisiún Eorpach dhá shuirbhé chun tuairimí a bhailiú ó rannpháirtithe soghluaisteachta agus ó institiúidí ardoideachais maidir leis an gcaoi a ndearna an ráig de COVID-19 difear do ghnáthchúrsa na dtionscadal agus na ngníomhaíochtaí acu faoi seach.

Torthaí an tsuirbhé i dtaca le Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha (i mBéarla)

Torthaí an tsuirbhé i dtaca le soghluaisteachtaí foghlama (i mBéarla)

Ceisteanna coitianta

Tá ceisteanna agam faoin tionchar atá ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí de chuid Erasmus+ nó ar ghníomhaíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Cé lenar cheart dom teagmháil a dhéanamh?

Rannpháirtithe aonair

Mic léinnmúinteoirídaoine ógaoibrithe óigeoibrithe deonacha etc. a bhfuil deacrachtaí acu leis an ábhar seo, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh lena n-institiúid nó lena n-eagraíocht féin sa bhaile. Ba cheart d’institiúidí agus d’eagraíochtaí bealach cumarsáide a choinneáil ar oscailt leis na rannpháirtithe ina dtionscadail, fiú má tá a n-áitreabh dúnta.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go dtógfadh sé níos mó ama freagra a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cúrsaí airgeadais (aisíocaíochtaí, incháilitheacht costas, coinníollacha maidir le deontais etc.) ar an ábhar go bhfuil an rochtain ar go leor institiúidí agus eagraíochtaí laghdaithe.

Tuilleadh ceisteanna a bhaineann le rannpháirtithe

Eagraíochtaí tairbhíocha

Ollscoileannascoileannaeagraíochtaí óige etc., ba cheart dóibh tacaíocht a lorg ón ngníomhaireacht a dheonaigh a dtionscadal. Is é sin ceann acu seo a leanas:

  • An Ghníomhaireacht Náisiúnta ina dtír féin, i gcás fhormhór na ngníomhaíochtaí de chuid Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Tá gníomhaireachtaí náisiúnta lonnaithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh, sa Mhacadóin Thuaidh, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua, sa Tuirc, sa tSeirbia agus sa Ríocht Aontaithe
  • An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA), i gcás gníomhaíochtaí láraithe de chuid Erasmus+ agus de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, cuir i gcás Comhchéimeanna Máistreachta Erasmus Mundus, Gníomhaíochtaí Jean Monnet, Ollscoileanna Eorpacha, Lárionaid um Barrfheabhas Gairme, gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, Óige na hEorpa le chéile nó foirne deonacha i réimsí ardtosaíochta.

Tuilleadh ceisteanna a bhaineann le heagraíochtaí

Comhpháirtithe tionscadail eile

Na comhpháirtithe tionscadail nach tairbhithe tionscadail iad (ollscoileanna, scoileanna, eagraíochtaí óige etc.), ba cheart dóibh dul i gcomhairle le comhordaitheoir (tairbhithe tionscadail) an tionscadail.

Naisc úsáideacha

Bileog eolais: comhairle phraiticiúil do rannpháirtithe

Eolas faoin tionchar níos leithne

Eolas faoi fhreagairt an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcoróinvíreas

Related news

Dáta a fhoilsithe: 

Coronavirus response: Extraordinary Erasmus+ calls to support digital education readiness and creative skills

Two new calls launched on 25 August 2020 each providing €100 million to respond to the educational challenges resulting from the COVID-19 pandemic.
Dáta a fhoilsithe: 

Coronavirus outbreak - deadlines for applications extended

As a result of difficulties experienced by applicants due to the coronavirus outbreak, the deadlines for submission of applications to the actions below have been extended
Dáta a fhoilsithe: 

Coronavirus: Consequences for Erasmus+ and European Solidarity Corps mobility activities

We are applying the maximum flexibility we can in the implementation of the programme, within the limits of the applicable legal framework.