Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Comhghuaillíochtaí um Nuálaíocht

Eolas faoin deis

Tá sé d’aidhm ag Comhghuaillíochtaí um Nuálaíocht dlús a chur le hinniúlachtaí nuálaíochta na hEorpa trí chomhar níos láidre agus trí shreafaí eolais idir institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (idir oiliúint tosaigh agus leanúnach) gnólachtaí agus an timpeallacht shocheacnamaíoch, an taighde san áireamh.

Tá sé d’aidhm acu freisin scileanna nua a spreagadh agus aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna scileanna trí churaclaim nua a dhearadh don ardoideachas, don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint, agus tacú le meon na tionscnaíochta agus dearcthaí fiontraíochta a fhorbairt san Aontas.

An méid a chlúdaítear

Tá na rudaí seo a leanas i measc na samplaí:

Mír 1 (Comhghuaillíochtaí um Oideachas agus Fiontar)

  • borradh a chur faoin nuálaíocht san ardoideachas, sa ghairmoideachas, sa ghairmoiliúint agus sa ghnó
  • an fhiontraíocht agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt
  • sreafaí agus malartú eolais a spreagadh idir an t-ardoideachas, an gairmoideachas, an ghairmoiliúint agus gnólachtaí

Mír 2 (Comhghuaillíochtaí um Chomhar Earnálach maidir le Scileanna

  • cur chuige straitéiseach uile-Eorpach a dhearadh i dtaca le comhar earnálach maidir le scileanna
  • croí-churaclaim agus cláir oiliúna uile-Eorpacha a dhearadh

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Don dá Mhír

Eagraíochtaí ar spéis leo páirt a ghlacadh ann, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh mar chuid de chuibhreannas.

Mír 1

  • ní mór 4 thír atá rannpháirteach sa chlár a chlúdach, agus ní mór 8 gcomhpháirtí iomlána ar a laghad a bheith rannpháirteach
  • ní mór 3 fhiontar a laghad a bheith rannpháirteach (sin nó cuideachtaí nó eagraíochtaí ionadaíocha idirmheánacha, cuir i gcás comhlachais, ceardchumainn nó comhlachais trádála) agus 3 sholáthraí oideachais agus oiliúna (institiúidí gairmoideachais nó gairmoiliúna agus/nó institiúidí ardoideachais) mar chomhpháirtithe iomlána
  • ba cheart aon institiúid ardoideachais amháin agus aon soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna amháin ar a laghad a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtí iomlán i ngach togra

Mír 2

  • ní mór 8 dtír atá rannpháirteach sa chlár ar a laghad a chlúdach, agus ní mór 12 chomhpháirtí iomlána ar a laghad a bheith rannpháirteach
  • ní mór 5 ghníomhaí i margadh an tsaothair a bheith rannpháirteach (fiontair nó cuideachtaí, ionadaithe tionscail nó earnála, cuir i gcás comhlachais, ceardchumainn nó comhlachais trádála) agus 5 sholáthraí oideachais agus oiliúna ar a laghad (institiúidí gairmoideachais nó gairmoiliúna agus/nó institiúidí ardoideachais) mar chomhpháirtithe iomlána
  • ba cheart aon institiúid ardoideachais amháin agus aon soláthraí gairmoideachais agus gairmoiliúna amháin ar a laghad a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtí iomlán i ngach togra

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratas a dhéanamh mar fhreagra ar cheann de na glaonna bliantúla ar mholtaí a eisíonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr.

Related funding calls