Skip to main content

Erasmus+

EU programme for education, training, youth and sport

Conas a dhéantar é a bhainistiú?

Déanann an Coimisiún Eorpach (comhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh), an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA), sraith Gníomhaireachtaí Náisiúnta i dtíortha an Chláir, agus sraith Oifigí Náisiúnta i roinnt tíortha Comhpháirtíochta bainistiú ar chlár Erasmus+.

An Coimisiún Eorpach

Láimhseálann an Coimisiún Eorpach bainistiú foriomlán an chláir, lena n-áirítear:

  • An buiséad a bhainistiú
  • Na tosaíochtaí a leagan síos
  • Spriocanna agus critéir an chláir a aithint
  • Cur chun feidhme a fhaire agus a threorú
  • Obair leantach agus meastóireacht ar an gclár

Tá an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) den Choimisiún Eorpach freagrach as gnéithe “láraithe” an chláir a bhainistiú, lena n-áirítear:

  • An clár agus na deiseanna a chur chun cinn
  • Glaonna ar thograí a sheoladh
  • Iarratais ar dheontais a athbhreithniú
  • Tionscadail a chur ar conradh agus monatóireacht a dhéanamh orthu
  • Torthaí a chur in iúl

Déanann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus an Coimisiún staidéir agus taighde freisin, agus bainistíonn agus maoiníonn siad na comhlachtaí agus na líonraí eile a fhaigheann tacaíocht ó Erasmus+.

Tá eolas mionsonraithe maidir le bainistiú Erasmus+ ar fáil sna Cláir Oibre Bliantúla atá foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach.

Na Gníomhaireachtaí Náisiúnta

I dtíortha an Aontais Eorpaigh, fágann an Coimisiún go leor de bhainistiú Erasmus+ faoi na Gníomhaireachtaí Náisiúnta. Taobh amuigh den Aontas Eorpach, agus go sonrach i réimse an ardoideachais, is iad Oifigí Náisiúnta Erasmus+ a chuireann an cúram sin i gcrích.

Cuireann an Coimisiún maoiniú ar fáil do na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, agus úsáideann siadsan na cistí sin chun gníomhartha "díláraithe” an chláir a chur i gcrích. Tugann sé sin deis do na Gníomhaireachtaí an clár a chur in oiriúint dá gcórais oideachais, oiliúna, agus óige náisiúnta.

Tá na Gníomhaireachtaí Náisiúnta freagrach as na rudaí seo a leanas:

  • Eolas a thabhairt faoin gclár
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais a chuirtear isteach ina dtír féin
  • Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir ina dtír féin
  • Tacú le daoine agus le heagraíochtaí a bhíonn páirteach in Erasmus+
  • An clár agus gníomhaíochtaí an chláir a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta

Tacaíonn na Gníomhaireachtaí freisin le tairbhithe an chláir ón tráth a dhéanann siad iarratas go dtaga deireadh le tionscadal. Oibríonn siad freisin le tairbhithe agus le heagraíochtaí eile chun tacú le beartas an Aontais Eorpaigh i réimsí a fhaigheann tacaíocht ón gclár.

Oifigí Náisiúnta Erasmus+

Taobh amuigh den Aontas Eorpach, sna tíortha comhpháirtíochta atá rannpháirteach in Erasmus+ i réimse an ardoideachais, is iad Oifigí Náisiúnta Erasmus+ a dhéanann formhór obair na nGníomhaireachtaí Náisiúnta. Is iad na hoifigí sin an pointe fócasach d’aon duine atá ag beartú páirt a ghlacadh in Erasmus+, agus tá siad freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Eolas a thabhairt ar an gclár agus cé atá in ann páirt a ghlacadh ann
  • Comhairle agus cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí ionchais
  • Monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail Erasmus+
  • Tacú le plé beartais, staidéir, agus imeachtaí
  • Teagmhálaithe a choinneáil le saineolaithe agus le húdaráis áitiúla
  • Monatóireacht ar fhorbairtí beartais

Comhlachtaí eile

Tá roinnt eagraíochtaí éagsúla eile a thacaíonn leis an gclár freisin, lena n-áirítear: